Scaití nuair a thugann tú cuairt ar oifig éigin, feicfidh tú an fógra. “Ní chaithfidh tú a bheith i do ghealt chun obair san oifig seo, ach tá sé ina chabhair!”.
Tá meirg ar an scéal grinn seanchaite sin ach, ag an am céanna, d’fhéadfá a rá go luíonn an bunsmaoineamh le Dáilcheantar Gaillimh Thiar, dá ndéanfaí múnlú ar an nath.
Seo é foirm an leagain nua. “Níl ort a bheith líofa i nGaeilge chun bheith i do Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ach tá sé ina chabhair!.”
Mar is eol do chách, tá fo-thoghchán ar na bacáin do Ghaillimh Thiar i mí Bhealtaine agus faoin tráth seo, tá dáréag iarrthóirí dearbhaithe.
READ MORE
Mhúscail Seán Ó Coistealbha - ball fadsheasta le Sinn Féin - díospóireacht le déanaí nuair a dúirt sé go raibh díomá air maidir le caighdeán labhartha na Gaeilge i measc na n-iarrthóirí. As an ngrúpa tá Gaeilge ar a gcumas ag triúr nó ceathrar acu.
Ba náireach an scéal é, a dúirt Ó Coistealbha, go háirithe i measc na bpáirtithe (Sinn Féin ina measc) a thugann ómós don Ghaeilge. Bhí sé ag rá, agus ag rá go hoscailte, nach raibh beart a dhéanamh de réir a mbriathair acu.
Thug mé cuairt ar an Dáilcheantar an tseachtain seo caite agus labhair mé le seachtar de na hiarrthóirí do phíosa a scríobh mé don Irish Times. Ní raibh ach beirt den seachtar ar labhair mé leo, Seán Kyne agus Míde Nic Fhionnlaoich, líofa sa Ghaeilge. Tá beirt eile sa rás chomh maith nár labhair mé leo a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Tá an líon is mó cainteoirí Gaeilge d’aon toghcheantar i nGaillimh Thiar; tá an Ghaeltacht is mó sa tír lonnaithe ann. Tá breac-Ghaeltachtaí ann chomh maith, i bpócaí soir ón gcathair.
Céard é báire na fola don Ghaeilge - an bhfuil an polaiteoir ar a c(h)ompord ag déanamh agallamh beo ar Raidió na Gaeltachta?
É sin ráite, bhí an seachtar gan Gaeilge an-bháúil don teanga agus iad lánsásta troid go láidir ar son phobal na Gaeltachta i nGaillimh Thiar. Tharraing siad aird freisin ar a dtaifid, a léirigh nár ghlac siad riamh seasamh i gcoinne na Gaeilge i gcaitheamh a ngairmeacha polaitiúla. Caithfear a rá go bhfuil siad uile macánta ina gcuid tuairimí.
Tá an líon is mó cainteoirí Gaeilge d’aon toghcheantar i nGaillimh Thiar; tá an Ghaeltacht is mó sa tír lonnaithe ann. Tá breac-Ghaeltachtaí ann chomh maith, i bpócaí soir ón gcathair. Is í Gaillimh an t-aon chathair sa tír a gcloistear an Ghaeilge go rialta inti.
Ní bheadh sé réadúil a bheith ag súil go mbeadh Gaeilge ag gach Teachta Dála ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe. Is í an fhírinne go bhfuil an Béarla i dtreis mar phríomhtheanga i bhformhór an chontae agus na cathrach.
Mura mbíonn ról suntasach ag an nGaeilge sa saol laethúil, is beag an spreagadh atá ann í a labhairt. Dá bharr sin, bhí meascán i gcónaí de chainteoirí Gaeilge agus Béarla ag déanamh ionadaíochta don cheantar i nDáil Éireann.
Ba chúis mhisnigh dom a fheiceáil, agus mé ag caint leis na hiarrthóirí, go raibh iarrachtaí déanta ag gach duine acu nach raibh Gaeilge láidir acu chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha. Ina measc bhí Helen Ogbu agus Sheila Garrity. Ní sa tír seo a rugadh ceachtar acu agus níor tháinig siad anseo go dtí go raibh siad ina ndaoine fásta.
I ndiaidh an toghcháin dheireanaigh, bhí triúr as an gcúigear Teachtaí Dála - Catherine Connolly, Mairéad Farrell agus John Connolly - a bhí líofa sa Ghaeilge.
Is eiseamláir maith í Connolly de pholaiteoir a thuigeann tábhacht na Gaeilge. Dhearbhaigh sí agus í leath chéad bliain d’aois filleadh ar an teanga agus í a athfhoghlaim, cuid mhór di a bhí dearmadta aici. Is mór an t-éacht di gur éirigh sí chomh líofa sin. Ar ndóigh, measaim go bhfuil cumas faoi leith aici le teangacha: tá sí líofa sa Ghearmáinis freisin.
Rinne Michael D. Higgins mórán an rud céanna nuair a tháinig sé go Gaillimh. Gaeilge líofa snasta aige chomh maith.
Bhí an t-ádh ar an toghcheantar leis na cainteoirí dúchais a rinne ionadaíocht den chéad scoth thar na blianta. Cé nár rugadh Éamon Ó Cuív sa Ghaeltacht, chaith sé tréimhse fhada dá shaol i gConamara agus, dá réir sin, tá sé ar nós cainteora dúchais anois. Bhí Gaeilge bhreá Chonamara ag Máire Geoghegan-Quinn agus ag a hathair, Johnny, roimpi.
B’fhéidir go bhfuil claonadh ionam mar gheall ar bhlas Chonamara, ach sílim gurbh í Geoghegan-Quinn an cainteoir Gaeilge ba bhinne le héisteacht léi le linn dom a bheith ag leanúint na polaitíochta.
Aithníonn gach polaiteoir i nGaillimh Thiar gur gá dóibh Gaeilge a labhairt nó feabhas a chur uirthi. Bhí Teachtaí Dála ann thar na blianta nach raibh acu ach an Béarla, ach le bheith cóir dóibh, rinne siad a ndícheall cuidiú leis na pobail Ghaeltachta agus an teanga a chur chun cinn, cé nach raibh siad ábalta í a labhairt iad féin. Seans go gceapfá nach luíonn sinn le réasún ach sin mar atá.
Is ceist chasta í seo. Ní dóigh liom gur cheart easpa Gaeilge a bheith mar bhac ar dhuine ionadaíocht a dhéanamh. Mar sin féin, sílim go gcabhraíonn sé go mór má dhéanann siad iarracht ar a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus líofacht a bhaint amach inti, mar a rinne Connolly, mar a rinne Higgins, agus mar a rinne Teachtaí eile.
Sílim gur chuid thábhachtach í an Ghaeilge do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina Theachta Dála i nGaillimh Thiar. Is féidir dul i ngleic leis an jab gan í, ach is buntáiste mór é a bheith ábalta Gaeilge a labhairt mar ionadaí don cheantar, agus an oiread sin daoine ann a labhraíonn í mar chéad teanga.
Foclóir:
Meirg = rust
scéal grinn = funny story
líofa = fluent
snasta = polished
ionadaíocht = representation
a fheabhsú = to improve












