Cuimhní cinn ar Ascaill Uí Chrotaigh

Is as seinnteoir consairtín ó Chontae an Chláir a ainmníodh an tsráid

Ainmníodh na bóithre i ndiaidh ceoltóirí cáiliúla Gaelacha: Thomas Moore, Percy French, Balfe, Moeran, Bunting, agus tuilleadh eile nach iad. Grianghraph: Dara Mac Dónaill/The Irish Times
Ainmníodh na bóithre i ndiaidh ceoltóirí cáiliúla Gaelacha: Thomas Moore, Percy French, Balfe, Moeran, Bunting, agus tuilleadh eile nach iad. Grianghraph: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, nó an Éigeandáil mar a tugadh air in Éirinn, phós go leor lánúineacha óga agus shocraigh síos chun a gclann a thógáil. Bhí brú an-mhór ar thithíocht, go háirithe sa phríomhchathair, agus dá bhrí sin d’fhás eastáit mhóra sna bruachbhailte le freastal ar an éileamh. Thabharfaí ‘Glúin an Bhabaíbhorrtha’ - nó na Búmair mar is fearr aithne orthu anois - ar an déimeagrafach seo mar lean an patrún céanna sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip tar éis an Chogaidh.

Tosaíodh ar thógáil i mBaile Bhailcín, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, ar Choimín Chromghlinne agus ainmníodh na bóithre i ndiaidh ceoltóirí cáiliúla Gaelacha: Thomas Moore, Percy French, Balfe, Moeran, Bunting, agus tuilleadh eile nach iad. San am sin ní raibh cúrsaí ró-ionchuimsitheach agus níor luadh ainm mná ar bith ach bhí eisceacht amháin: ba í sin Mrs Elizabeth Crotty. Aisteach mar scéal go raibh an seinnteoir consairtín traidisiúnta as Contae an Chláir fós beo nuair a baisteadh Ascaill Uí Chrotaigh (Crotty Avenue) ina diaidh. Bhí sí 65 bliana d’aois san am agus bhí cáil uirthi mar bhean Miko Crotty ar leis Tigh Crotty ar Chearnóg an Mhargaidh i gCill Róis mar ar sheinn sí go rialta. Blianta roimhe sin bhí Miko ag obair i Meiriceá agus d’úsáid sé an t-airgead a thuill sé thall ansin chun an teach tábhairne a cheannach. Pósadh an lánúin sa bhliain 1914. Eilís Ní Mharcacháin (Elizabeth Markham) b’ainm do Mrs Crotty, as Cuar an Chláir, sular pósadh í.

Tar éis bhunú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, scaip clú Mrs Crotty. Bhí sí rannpháirteach san eagras agus toghadh ina huachtarán í ar Chraobh Chontae an Chláir. Choinnigh sí an post sin go dtí lá a báis, d’aingíne chléibh, sa bhliain 1960.

Bhí an-mhuintearas idir na lánúineacha óga a mhair ann agus ní rud neamhghnách an eochair a fhágáil sa doras sráide…

Nuair a bhog mo mhuintir as árasán in Inse Chór go hAscaill Uí Chrotaigh sna caogaidí, ba mhinic rírá ar an tsráid mar go raibh mórchuid páistí óga ag imirt cluichí ar nós mirlíní, téadléimneach, peil sráide, dul ar fianscar, agus go leor imeachtaí páistí eile, go háirithe i rith na laethanta fada samhraidh. Bhí an-mhuintearas idir na lánúineacha óga a mhair ann agus ní rud neamhghnách an eochair a fhágáil sa doras sráide mar ba mhinic a bhuaileadh comharsa isteach gan choinne. D’eagraigh na fir áitiúla turais iascaireachta chun Abhainn na Dothra d’fhonn breith ar phincíní, mar aon le laethanta móra spóirt. Bhí na mná féin páirteach i ranganna ealaíne agus ceardaíochta.

Faoin am go rabhamar sna déaga bhí bús sceitimíní ar óige na hascaille nuair a tógadh Halla Pobail Uí Mhóráin mar ar eagraíodh rincí áitiúla agus ar tharla suirí den chéad uair. Cé gurbh ascaill neamhthábhachtach a bhí againn, thar na blianta tháinig líon nár bheag daoine ó na tithe a tharraing clú agus cáil orthu féin i réimsí éagsúla.

Bhí cónaí ormsa in uimhir 19 ach d’fhás mo chara Frank Murray aníos in uimhir 23. Sular bhásaigh sé go hanabaí sa bhliain 2016 bhíodh gairm shuntasach sa cheol aige mar bhainisteoir ar leithéidí Elton John, Kirsty McColl, The Frames, The Woods Band, agus, dar ndóigh, the Pogues, ní áirím a bheith mór le Phil Lynott. Is aisteoir clúiteach a iníon Shannon, agus tá neacht leis, Shona, ina comhfhreagraí Eorpach do Euronews.

Bhí cónaí ar an úrscéalaí agus file James Lawless ar an ascaill, mar aon le Muintir Uí Choileáin a chuir an Ghaeilge chun cinn. Seinneann Louis agus Vincent ceol traidisiúnta, agus bhí a ndeirfiúr Máire ina príomhoide ar Naíonra Bhaile Phámar agus í pósta le Ciarán Ó Feinneadha, gníomhaí aitheanta a bhfuil éacht déanta aige ar son na Gaeilge.

Ceoltóirí traidisiúnta den scoth freisin ón ascaill ba ea Muintir Uí Chearbhaill, gan trácht ar an amhránaí agus cumadóir snagcheoil Christine Tobin a bhain cáil idirnáisiúnta amach agus a bhfuil mórchuid albam eisithe aici. Tá cuid dá stór amhrán bunaithe ar shaothar an fhile W.B. Yeats agus ar shaothar Paul Muldoon. Is tionscnóir í freisin agus reáchtáil sí clubanna ar nós an Progress Bar agus an Vortex Bar i gCathair Londan.

Ní dhéanfar dearmad ach an oiread ar an Oifigeach Ceardchumann Sóisialach Matt Merrigan (1922-2000) a chónaigh ar Ascaill Uí Chrotaigh trasna na sráide ó mo theachsa. Bhí a bhean chéile Rose agus mo mháthair an-mhór le chéile agus ba mhinic a tháinig mé abhaile ón scoil agus iad ag caint agus ag comhrá fad a bhí cupán tae á ól acu. Bhíodh bunanna toitíní sa luaithreadán agus iad smeartha le béaldath Rose mar thaitin léi gal a chaitheamh.

Cara eile ó m’óige ná Dessie McMahon a chónaigh gar do mhuintir Merrigan. Bhainfeadh Dessie clú amach ní hamháin ina ghnó printéireachta ach ina ghairm ghrianghrafadóireachta chomh maith. Cara pearsanta is ea é le Clive Powell, a bhfuil aithne níos fearr air mar Georgie Fame. Trína gcairdeas tá grianghrafanna tógtha ag Dessie de go leor réaltaí cáiliúla. Lá amháin chaith sé tamall le Paul McCartney agus lena bhean chéile Linda. Phléigh sise grianghrafadóireacht le Dessie mar ba ghrianghrafadóir den scoth í féin.

Tá mé féin bródúil gurb as Ascaill Uí Chrotaigh dom agus tá súil le Dia agam go mbeadh Mrs Crotty í féin bródúil freisin as a bhfuil curtha i gcrích ag na cónaitheoirí go léir a luaigh mé ón ascaill bheag seo a ainmníodh aisti go luath sna caogaidí. Fiú más ise an t-aon bhean as ar ainmníodh sráid sa cheantar, déarfainn go mbeadh sí ag déanamh gáire anuas linn!

Nóta: Reáchtálfar imeachtaí cultúrtha fud fad na tíre ar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025. Tá An tOireachtas ag tacú le gréasáin úsáideoirí Gaeilge timpeall na tíre chun imeachtaí a reáchtáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i mbliana agus beidh imeachtaí eagraithe sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta. Taispeánfar Ár Slí Bheatha, scannán nua le RoseAnn Foley i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise. Tá muintir na Rinne agus an tSeanPhobail le feiceáil i mbun a ngnó sa scannán seo. Mósáic saoil atá ann agus é curtha i láthair ag deirfiúr RoseAnn, Catherine Foley.

Tá thart ar 40 imeacht eagraithe sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta. Is féidir teacht ar imeachtaí: culturenight.ie/oiche-dar-saol

Is féidir teacht ar imeachtaí a bhfuil An tOireachtas ag tacú leo anseo: antoireachtas.ie/imeachtai-eile/oiche-chultuir

Foclóir: An ‘Éigeandáil’ - The ‘Emergency’; Coimín Chromghlinne - Crumlin Common; dul ar fianscar - chasing; bús sceitimíní - great excitement; réimsí éagsúla - various fields; stór amhrán - repertoire of songs; tionscnóir - promoter; béaldath - lipstick