Ceann de na bearta is uaillmhianaí foilsitheoireachta sa tír le suim mhaith de bhlianta anuas is ea an tsraith d’atlais gheograife, staire agus shóisialta a chuireann Cló Ollscoile Chorcaí amach go rialta. Bheadh ionadh orm mura mbeadh ceann amháin, nó péire nó trí cinn, de na saothair áille eolgaiseacha seo in aon teach a bhfuil éileamh aige ar an léann a bhaineann le hÉirinn. Beidh a rogha phearsanta ag cách ag brath ar a shuim agus ar a chlaonta féin. B’fhéidir gurb é an Atlas of the Irish Revolution an ceann is troime agus is téagartha díobh, ach bheadh an Atlas of the Great Irish Famine nó Atlas of the Irish Civil War i dtánaiste dó, ach níor dheineas iad a mheá fós. Ní mholfainn do dhuine ar bith ceann díobh a chrochadh leis ag dul ar saoire dó ar eitilt de chuid Ryanair, óir bheadh an fhíneáil a ghearrfaí níos airde ná praghas an turais féin.
Is é an ceann is déanaí a tháinig faoi mo dhéin ná Gaelic Wexford 1400-1660 le Conchubhar Ó Crualaoich agus Kevin Whelan. Gaisce léinn, taighde, eolais agus foilsitheoireachta atá ann, agus ar nós gach leabhair eile sa tsraith seo, fág go bhfuil an scoláireacht thar cháim ann, tá inléite, soléite, spreagúil agus lán d’ábhar a choimeádfadh i do dhúiseacht tú. Ní hé Loch Garman an contae is mó a bhfuil cáil an Ghaelachais air de réir na tuisceana saonta, ach pé smaointe a bhí agat roimhe seo, is amhlaidh go gcuireann an saothar seo bunoscionn agus droim-thar-tóin iad.
Mar is dual, leis, tá an stair, an taobh tíre, nósanna na ndaoine, an saol ábharga, an seanchas, léann ainmneacha agus gluaiseachtaí meabhrach fuaite le chéile in aon insint amháin gan uaim. Sa chás is go mbeifeá róleisciúil leis an téacs féin a léamh, d’fhéadfaí uaireanta agus laethanta fada a chaitheamh ag grinneadh a bhfuil de phictiúir, léaráidí, léarscáileanna, ghrafaicí, ghrianghrafanna, ealaín, chearnóga eolais agus eile atá ann siar amach. Leis an méid sin féin, ar éigean go mbeifeá tosnaithe ar a bhfuil d’iontais ann a bhlaiseadh.
Rud amháin atá suntasach ná an cic nó an speach atá sa stíl scríbhneoireachta, earra ar minic gann é i saothar chomh léannta.
Braitheann tú air go bhfuil d’éirim is de bhlas agus de chuspóir ag an leabhar ná a léiriú go follasach thar amhras anonn nach contae Gallda é Loch Garman. Tugtar rabhadh dúinn go moch gan ‘overegging’ a dhéanamh ar a bhfuil le rá ag tráchtairí an Bhéarla ar ‘Forth and Bargy’, na ceantair inar lonnaigh na Sasanaigh i dtosach. Ina choinne sin, cuirtear treise leis na teaghlaigh mhóra léinn agus foghlama, muintir Uí Dheoráin an dlí, Uí Bholgúir i gcúrsaí leighis agus míochaine, agus Mhic Eochaidh na bhfilí is na héigse. Ar shlí amháin, is iad seo croí agus blonag an leabhair agus cuirfidh sé iontas ar staraithe neamheolacha iad a bheith chomh cumhachtach neamhghéilliúil is a bhí.
READ MORE
Tá cuntas thar a bheith tuisceanach agus meáite ar an gcóras rialaithe Gaelach a bhí i réim ar feadh na linne seo. Is tábhachtach a mheas, mar shampla, gur rialaigh muintir Uí Chaomhánaigh ‘daoine’ seachas fearann. Agus tá an saothar breac le foscéalta agus le seachscéalta mar gheall ar phearsana móra an cheantair, Fiacha mac Aodha Ó Broin, gan amhras, Dónall Spáinneach Caomhánach, agus trácht, leis, ar mhioncharachtair ar bhreá linn tuilleadh eolais ina dtaobh: Cathaoir mac Iníon Crosda Mac Murchú, nó Corc Ó Cadhla, mar shampla. Tá cuntais a leanann mar ar deineadh galldú orthu de réir a chéile, Kavanagh de na Caomhánaigh, Kinsella de na Cinnsealaigh, Waddock de Mac Mhádaic, agus Morrow (ar uaire) de mhuintir Uí Mhurchú féin. Ceann de na samplaí is greannmhaire is ea mar a dealbhadh ‘Luke’ as ‘Fiach’ (smaoinigh ar ‘look’ an Bhéarla) agus gur lean sin leis na Branaigh mar ainm coiteann ar feadh i bhfad.

Bhí an galldú sin snaidhmthe san eaglais féin. Déantar ceangal docht idir an gabháltas Gall agus mar ar díbríodh na Gaeil agus an traidisiún manachúil dúchais as a bhfearann cearta is córa de bheag ar bheag. Is de shuimiúlacht go gcuirtear an focal ‘reform’ idir uaschamóga ón tosach, mar níorbh aon athrú chun feabhais é. Ní chuirtear aon nath ann maidir le pósadh na cléire a bhí coitianta i measc na nGael ‘an endurable and respectable Christian tradition’, nós a lean i gcóras oidhreachtúil na mainistreacha go dtí ‘longbhriseadh’ mór na 17ú haoise. Go deimhin deimhnitheach, níorbh é an Pápa Sasanach amháin a bhí amhrastúil mar gheall ar an eaglais in Éirinn. Sa séú haois dúirt an Pápa gur menagrium, is é sin goirín ar chlár na cruinne, í Éire! Níl na húdair róbhuíoch de na hÍosánaigh ach an oiread a lean de ghalldú gnách níos déanaí, agus le casadh cliste as mana dá gcuid féin deir siad ‘Give me the child and I’ll give you a rugby player’.
Tá an saothar ar fad suite go daingean i ndioscúrsa an choilíneachais agus ní ghabhtar anonn ná anall á sheachaint sin. Mínítear go soiléir in aon chaibidil amháin atá tugtha suas dó cad is brí le coilíneachas go fairsing, agus cuireann mar a caitheadh le Gaeil suas is anuas le bundúchasaigh Mheiriceá agus is slán go maith an chomparáid fad a ritheann. I gceann amháin de na boscaí eolais insuime sin atá breactha tríd an leabhar luaitear na hainmneacha go léir inar cuireadh sinn i gcomh-mheas agus a mhinice is a déanadh sin: faolchoin, toirc, mathúin, madraí allta, eascanna, nathracha nimhe, buafa, damháin alla, ápaí, míolra, péisteanna agus eile. Tá muintir na hÉireann chomh barbartha sin nach féidir leo gairdíní a dhéanamh, cé nach bhfeicim aon locht ar easpa bláthanna agus plandaí ceansaithe mé féin. Agus chaithfeadh sé teacht, agus ní den uair dheiridh é: dúradh leis an mbanríon Éilís (an chéad duine den ainm sin) ‘They are blacke moore, my Queene. Wash them as long as you will, you will never alter their hue’.
Mar a thuigfí, leis, i leabhar a bhfuil ‘Culture, Landscape, Settlement’ mar fhotheideal aige, tá nasc daingean i gcónaí ann idir an taobh tíre, lonnaíochtaí, polaitíocht, teanga agus riarachán. Tá treise faoi leith á cur anseo ar thábhacht na gcoillte. Tugtar cuntas ar na seanfhoraoiseacha, ar logainmneacha bunaithe orthu, ar chineálacha agus ar fheidhm na gcrann éagsúil, ar chogaíocht sna coillte agus ar an éicedhíothú a lean ó thréimhse Éilís ar aghaidh ionas go raibh Éire ar an tír ba loime crann san Eoraip sa bhliain 1900.
Rud amháin atá suntasach ná an cic nó an speach atá sa stíl scríbhneoireachta, earra ar minic gann é i saothar chomh léannta. Is beag staraí le blianta fada anuas a scríobhfadh ‘the sickenly bloody Elizabethan conquest,’ nó maidir le caoirigh ‘bred to be fat, mobiles slabs of meat’, nó ‘modern North Wexford is built over a historical crime scene,’ nó ‘grim grasping gurriers’ ar an lucht slad isteach. Tá gach aon leathanach ramhar le heolas agus curtha ar fáil go soiléir, beacht, eolgaiseach, spreagúil. Níor thugas ach aon bhotún amháin faoi deara san iomlán. San áit ina bhfuil tagairt don iomáint, tugtar ‘hurl’ ar chamán, nuair is léir gur briathar é sin, agus gurb é ‘hurley’ an focal ceart ar an maide céanna.
Bhítí ag caint ar ‘athscríobh na staire.’ Seo é é. Dá scríobhfaí leabhar aon phioc chomh mion, meáite, domhaintaighdithe leis seo ar chontaetha agus ríochtaí eile na tíre, bheifí in ann stair na hÉireann a chumadh sa cheart faoi dheireadh.
Foclóir
uaillmhianach = ambitious
téagartha = substantial/hefty
saonta = naive
droim-thar-tóin = upside down/topsy-turvy
neamhghéilliúil = unyielding/uncompromising
snaidhmthe = knotted/interwoven
bundúchasaigh = indigenous peoples
eolgaiseach = informative/knowledgeable












