Uisce, uisce agus tuilleadh uisce

Léargas ar chuid de na focail a bhaineann le cineálacha éagsúla uisce atá faoi chaibidil an tseachtain seo

Is minic a chuala muid an nath cainte, Lá na seacht síon, ar an aimsir athraitheach seo. Grianghraf: Brian LawlessPA Wire
Is minic a chuala muid an nath cainte, Lá na seacht síon, ar an aimsir athraitheach seo. Grianghraf: Brian LawlessPA Wire

Is dóiche nach bhfuil ábhar cainte is mó a bhíonn faoi chaibidil ag muintir na hÉireann ná an aimsir agus, dá thairbhe sin, bíonn caint agus síorchaint ar na focail fearthainn agus báisteach, agus úsáidtear mórán eile focal nach iad sa chaint. Ní hiontas ar bith é agus an méid athruithe a thigeann in aon lá amháin uaireanta. Is minic a chuala muid an nath cainte, Lá na seacht síon, ar an aimsir athraitheach seo. Bíonn lá mar seo stoirmiúil, gaofar agus fearthainn nó báisteach ann chomh maith.

Is iad an dá fhocal is mó atá ar eolas ag daoine nó a chluineann siad – fearthainn agus báisteach. Bíonn difríocht sna bealaí ina n-úsáideann canúintí an dá fhocal ach thig a rá go mbíonn báisteach i bhfad bhfad níos troime ná an fhearthainn, de ghnáth. Is ón tSean-Ghaeilge feraid a thagann fearthainn na Nua-Ghaeilge. Bhí ciallanna éagsúla le feraid agus ceann acu sin ‘rud a chaitheamh anuas, cioth’ nó a leithéid. Sampla ón tSean-Ghaeilge is ea feraidh sneachta mór forob ‘it snowed heavily on them’. Mar a bhaineann leis an fhocal báisteach, is bathais/baithis an bunfhocal as a dtagann an focal báisteach atá againn inniu. Ciallaíonn sé mullach do chinn, an áit a ndoirtear an t-uisce coisreactha ort sa bhaisteadh. Smaoinigh ar an nath Nua-Ghaeilge ‘Tá fearadh na fáilte romhat’ = Tá fáilte mhór/na mílte fáilte romhat. Sin úsáid eile den fhocal Sean-Ghaeilge feraid.

…is <i>bathais/baithis</i> an bunfhocal as a dtagann an focal <i>báisteach</i> atá againn inniu. Ciallaíonn sé mullach do chinn…

Tá an oiread sin focal i nGaeilge ar uisce gur dóiche nach bhfaighidh muid am nó spás iad uilig a phlé inniu. B’fhéidir nach bhfuil siad uilig le fáil in aon chanúint amháin, ach is beo dóibh in áit éigin sa tír. Tosóidh muid le focail a chuireann síos ar fhearthainn lag nó éadrom – drúcht, ceob(h)rán, brádán, brádarsach – cuirtear na ciallanna ar fad atá leis na focail sin in iúl i mBéarla leis an fhocal ‘drizzle’. Lena chois sin, tá drúchtín ‘light dew’, againn agus drúchtín móna ’sundew’. Tá an focal flichshneachta ‘sleet’ againn agus is sneachta é sin nach luíonn ar an talamh, nó bíonn sé bog agus lán uisce. Is as fliuch a thagann flich-!

Clagairneach/Clagarnach a thugtar ar an fhearthainn is troime agus is dóiche gurb é an tormán a dhéanann sí nuair a bhuaileann sí an talamh cruaidh nó díon, a thug an t-ainm di. Tugtar an t-ainm céanna ar an fhuaim a dhéanann caiple a bhíonn ina rith ar thalamh cruaidh.

Tugtar bratógaí agus friochnadh/fliochnamh fosta mar ainm ar shneachta beag éadrom tirim nuair a bhíonn sé ag titim. Is minic a deirtear fosta go mbíonn an fharraige cáite. Is é sin go mbíonn cubhar bán uirthi agus tugtar cáitheadh na dtonn air sin. Tá cáitheadh sneachta ann fosta nuair a bhíonn an ghaoth ag séabadh/séideadh an tsneachta thart san aer. Tugtar úscadh fosta mar ainm eile ar an chubhar bhán a thagann ar bharr na farraige. Deirtear, tá úscadh beag farraige ann.

Tá cineálacha eile focal ann a chiallaíonn uisce – samplaí maithe dá leithéid is ea na foclaí Gaoth Dobhair – ciallaíonn gach cuid den áitainm sin uisce. Tá gaol ag Dobhar le Dover Shasana, deirtear. San áitainm Gaoth Beara i nDún na nGall ciallaíonn Gaoth agus Beara (< Bior) uisce.

Is fiú na focail atá ar shioc a lua fosta, mar is focail iad a bhíonn ar an nuacht go minic nuair a bhíonn sioc ar na bóithre, sna gleannta agus ar na sléibhte. Sioc bán, sioc geal, sioc dubh agus sioc liath.

Sin mo scéal inniu!

Foclóir

Dá thairbe sin = As a result/consequence of this

Cioth/cith = Shower

Cáitheadh na dtonn = Sea spray

Clagarnach = Clatter, pelting rain pattering on a roof

Cubhar bán = Spray

Síon = Stormy weather

Úscadh = White sea-spray