Rabharta nua ag borradh sna Stáit

Tá polaitíocht SAM buailte ag súnámaí gorm ach beidh an Teach Bán in ann cuid de mhianta na nDaonlathaithe a chosc go fóill

Tá uaillmhianta ag JD Vance a bheith ina uachtarán ar SAM amach anseo. Grianghraf: Tom Brenner
Tá uaillmhianta ag JD Vance a bheith ina uachtarán ar SAM amach anseo. Grianghraf: Tom Brenner

Le deich mbliana anuas bhí seasamh an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe ag trá. Agus ansin, go tobann, gan aon choinne againn leis, chonaiceamar rabharta polaitiúil nach raibh muid ag súil leis.

Nílim ag rá gur tháinig sé aniar aduaidh orainn go hiomlán. Le scaitheamh, bhí a fhios ag daoine go raibh Donald Trump i dtrioblóid. Tá an cogadh in aghaidh na hIaráine ag dul ar aghaidh le breis agus ocht mí anois. Tá ardú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh dá bharr. Bíonn Meiriceánaigh ag brath go mór ar a ngluaisteáin agus ar ‘gas’. Tá mórán den phobal ansin ag fulaingt mar gheall ar na harduithe go léir sna costais mhaireachtála.

Is rud é a tharlaíonn arís is arís eile go mbíonn deacrachtaí ag an uachtarán atá i gcumhacht sna toghcháin lár téarma. Bhí smacht ag Trump ar dhá theach na Comhdhála, an Seanad agus Teach na nIonadaithe, ó 2025. Ní raibh mórán seans ann go gcoinneodh sé smacht ar Theach na nIonadaithe. Ní raibh ach tromlach an-bheag ag na Poblachtánaigh ann, 218 suíochán acu i gcomparáid le 214 ag na Daonlathaithe, chomh maith le hionadaí neamhspleách amháin agus dhá shuíochán fholmha. Mar sin, ní raibh de dhíth ar na Daonlathaithe ach suíochán amháin eile a bhuachan sa teach sin, ina bhfuil 435 shuíochán, chun an lámh in uachtar a fháil.

Den chéad uair le deich mbliana anuas, is mó dochar ná maitheas atá Trump á dhéanamh dá pháirtí.

Ba scéal níos casta é an Seanad. Níl ach 100 suíochán ann agus maireann téarma seanadóra sé bliana. Ní bhíonn na toghcháin ar siúl in aon bhliain amháin, áfach. De ghnáth, bíonn trian de na suíocháin, 33 cinn acu, le líonadh i dtoghchán lár téarma.

Bhí 53 shuíochán ag na Poblachtánaigh, i gcomparáid le 45 ag na Daonlathaithe agus dhá sheanadóir neamhspleácha a bhí ag obair i gcomhar leo. Bheadh ar na Daonlathaithe ceithre shuíochán ghlana a bhaint amach chun smacht a fháil ar an Seanad. Bhí roinnt suíochán leochaileach acu féin le cosaint chomh maith. Bhí a lán de shuíocháin na bPoblachtánach buan, agus níor ceapadh go raibh siad i mbaol.

Ach sa deireadh thiar thall, réabadh na tuartha go léir le súnámaí gorm. D’éirigh leis na Daonlathaithe seacht suíochán ar a laghad a bhaint de na Poblachtánaigh agus tromlach compordach a fháil sa Seanad. D’éirigh go maith leo i dTeach na nIonadaithe freisin, áit ar ghnóthaigh siad 18 suíochán sa bhreis.

Go neamhghnách, ghlac Trump leis an mbua a bhí ag na Daonlathaithe le dea-mhéin, gan aon líomhaintí á ndéanamh go raibh uisce faoi thalamh nó caimiléireacht i gceist.

Tá an-titim tagtha ar an tarraingt atá ag Trump i measc an phobail. Is cosúil go bhfuil Poblachtánaigh measartha, a thacaigh leis mar gheall ar an ngeilleagar, ag tabhairt droim láimhe dó anois. Is iad lucht leanúna MAGA na daoine is dílse dó i gcónaí.

Agus anois, le cailliúint réimis ar an dá theach, beidh sé ina uachtarán gan mórán cumhachta don dá bhliain dheireanacha dá théarma.

Cé go bhfuil tromlach acu, ní bheidh sé éasca ag na Daonlathaithe ach oiread, mar beidh an Teach Bán in ann cuid mhaith dá gcuid billí a chosc. Is dócha gurb é an chéad rud a dhéanfaidh na Daonlathaithe ná cuid de na forálacha in Obamacare a thabhairt ar ais, agus polasaithe chun dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála a fháil faoi réir.

Mar sin, cad atá le déanamh ag Trump sa dá bhliain dheireanacha? Go bunúsach, beidh sé ag iarraidh a oidhreacht féin a fhágáil ina dhiaidh: an bálseomra sa Teach Bán go háirithe. Beidh sé ag iarraidh a chinntiú chomh maith nach ndéanfar ionchúiseamh coiriúil air féin ná ar a chuid comhairleoirí dlútha.

Cruthóidh an toradh deacrachtaí dóibh siúd a chuir a muinín i Trump, go háirithe Marco Rubio agus JD Vance. Tar éis an toghcháin, níor thóg sé mórán ama nó go raibh Vance ag cur an mhilleáin ar an gcogadh san Iaráin. Bhí an chuma ar an ráiteas sin go raibh sé ag iarraidh é féin a scaradh ó sheasamh Trump. Tá uaillmhianta ag Vance a bheith ina uachtarán amach anseo, agus b’fhéidir gurb é seo tús iarrachta aige é féin a dheighilt ó Trump. Seans go bhfeicfimid a leithéid ó Marco Rubio chomh maith.

Den chéad uair le deich mbliana anuas, is mó dochar ná maitheas atá Trump á dhéanamh dá pháirtí.

Luaigh mé cheana sa cholún seo go bhfuil an pholaitíocht ag athrú go mór faoi láthair. Tá cuid mhór den phobal ag éirí níos ciniciúla faoin bpolaitíocht agus ag bogadh ó ghluaiseacht pholaitiúil amháin go gluaiseacht eile. Chonacthas é sin sna stáit theas an tseachtain seo caite, nuair a thug vótálaithe Easpáinneacha, fir go háirithe, a thug tacaíocht láidir do Trump in 2024, a ndroim dó ina sluaite. Chaith siad a gcuid vótaí d’iarrthóirí Daonlathacha.

Tá ardú feicthe againn ar an eite dheas radacach sna Stáit Aontaithe trí ghluaiseacht MAGA. An é an eite chlé radacach a bheas mar an chéad ghluaiseacht mhór pholaitiúil eile sna Stáit?

Is spéisiúil an rud é go bhfuil Alexandria Ocasio-Cortez (AOC), comhalta den Chomhdháil as Nua-Eabhrac, chomh feiceálach sna meáin le tamall anuas. Tá sí ag glacadh le cur chuige atá beagán níos measartha agus níos lárnaí ná in 2018 nuair a toghadh í den chéad uair. D’admhaigh sí nach bhfuil sí tar éis an doras a dhúnadh ar chor ar bith ar fheachtas uachtaránachta in 2028.

Deich mbliana ó shin, ní shamhlófaí go mbeadh an dánacht ag iarrthóir cosúil le AOC a thabhairt le fios go raibh sí chun seasamh mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta - de bharr gur sheas sí amach mar gheall ar a polasaithe a bhí fréamhaithe go docht san eite chlé. Ach is réalta í chomh maith agus creideann a lucht tacaíochta go mbeadh seans láidir aici.

Ach arís eile, deich mbliana ó shin, ní shamhlófaí iarrthóir ar nós Donald Trump ag teacht chun cinn ach oiread.

Tarlaíonn rudaí nach mbeifí ag súil leo sa pholaitíocht sna Stáit. An bhfeicfidh muid rabharta polaitiúil eile in 2028, duine ón eite chlé tofa go dtí an Teach Bán?

Foclóir

Le scaitheamh = for a while

deacrachtaí = difficulties

uaillmhianta = ambitions

gluaiseacht = movement

spéisiúil = interesting

feiceálach = visible

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times