Bua buan na n-ealaíon beo

Dá shaorga a éiríonn an domhan thart orainn, is ea is mó gá a bheith againn leis an cheangal dhaonna

Eithne Carson mar Éilis i léiriú den dráma Pygmalion atá á chur i láthair ag an gcompántas Aisling Ghéar. Grianghraf: Rachel McCarthy
Eithne Carson mar Éilis i léiriú den dráma Pygmalion atá á chur i láthair ag an gcompántas Aisling Ghéar. Grianghraf: Rachel McCarthy

Nach iontach an rud é an intleacht shaorga seo? Is féidir léi fadscannán a chruthú i bhfaiteadh na súl agus cuma réalaíoch a chur ar gach duine agus deoraí ann. Thig léi amhrán sofaisticiúil a chumadh a chuirfeadh an dallamullóg ar an chluais ba ghéire. Glór nua uait do do phodchraoladh? Déanta taobh istigh de thrí chlicín. Aghaidh úr de dhíth le haghaidh carachtar a chruthaigh tú - gabh mo leithscéal, a chruthaigh ceann den iliomad córas IS duit - don fhadscannán thuasluaite? Scríobh cúpla leid agus beidh sé réidh duit ar iompú boise.

Tá an domhan ar tí athrú ó bhonn, casadh ar luas lasrach, léim chun tosaigh caol díreach isteach i dtodhchaí nach féidir linn a shamhlú.

Má chuirimis an áibhéil agus an áiféis i leataobh, gan trácht ar an dochar don timpeallacht agus ar an díobháil dúinn féin, is féidir a rá go bhfuil na maíomhanna sin thuas faoin IS fíor, ar an mhórgóir.

Is eol dúinn uilig ag an am chéanna, áfach, nach ionann cuma réalaíoch a bheith ar aghaidh carachtair - bíodh sé ar scáileán nó i bhfoirm holagraim - agus neach anamúil a bheith ina steillbheatha os do chomhair amach. Ní mar a chéile iad amhrán algartamach agus ceol croí. Níl guth sintéisithe ar aon dul le glór daonna a bhfuil taithí agus eispéireas agus gaois (nó baois) ina rith fríd ó shiolla go siolla.

Reáchtáladh agóid ag láithreán tógála ionad sonraí de chuid Microsoft in Amsterdam san Ísiltír an tseachtain seo caite. Grianghraf: Yanis Deplazes/Hans Lucas/Getty Images
Reáchtáladh agóid ag láithreán tógála ionad sonraí de chuid Microsoft in Amsterdam san Ísiltír an tseachtain seo caite. Grianghraf: Yanis Deplazes/Hans Lucas/Getty Images

Is é, tá neart ann is féidir leis an IS a dhéanamh, ach níl inti ach macalla - fónta in amanna, fann babhtaí eile - den fhíor-rud, den tsaol mar atá, den fhírinne féin.

Ní fearr áit leis sin a dheimhniú, go háirithe i gcás aghaidheanna agus glórtha agus amhrán, ná an amharclann.

Ealaín bheo fhíor í an aisteoireacht a bhfuil an daonnacht - na suáilcí agus na duáilcí agus gach tréith eatarthu - le brath go smior inti agus nach bhfuil aon saorgacht ag baint léi. Tá an stáitsíocht ann ar ndóigh, an léiriú ficsin, na féiniúlachtaí a thugann an t-aisteoir chuige féin agus é i mbun aicsin, ach is cleachtais bheo iad a bhfuil craiceann agus cuisle agus allas taobh thiar díobh.

Bhí fírinne sin na hamharclannaíochta ar taispeáint go soiléir sa Chultúrlann i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, áit a raibh Pygmalion 26 ar ardán ar feadh ceithre oíche.

Leagan comhaimseartha Gaeilge de dhráma clúiteach George Bernard Shaw atá sa léiriúchán úr, é curtha in oiriúint do shaol na linne seo ag Nuala Ní Néill agus foireann chruthaitheach an chompántais Aisling Ghéar.

Dá fheabhas iad forbairtí na teicneolaíochta saorga, níl siad in ann freastal ar an ghá bhunúsach atá againn leis an teacht le chéile, leis an chomhluadar, leis an chuideachta a ghorann ár gcroí.

Is í Eithne Éirimiúil Carson atá i ról Éilis (Eliza Doolittle an bhunsaothair atá iompaithe ina bean óg as Iarthar Bhéal Feirste) agus an Meallach Máistriúil, Seán T., atá i bpáirt an tsaineolaí teanga Higgins. Tugann an bheirt acu, agus an chliar uilig go deimhin, taispeántais fhuinniúla ionraice uathu a choinníonn aird an lucht féachana go furasta agus na carachtair ag cíoradh - ar bhealach taitneamhach greannmhar - ceisteanna ar minic iad faoi chaibidil ag Gaeil inniu: dúchas agus athbheochan, nuálaíocht agus saibhreas, fuaimniú agus foghraíocht.

Bhí an t-ardán ar maos le hacmhainn agus le clisteacht ach ní intleacht idirlín a bhí ag tiomáint an tseó, ná samhlaíocht shaorga a ghin é sa chéad dul síos, ach smaointe agus cumas agus obair daoine a bhfuil grá acu dá gceird agus a chaith dua leis an tsaothar a d’fhág go mbeadh daoine eile in ann teacht agus sult a bhaint as an toradh.

Dá mba mhaith leat déanamh amhlaidh, dála an scéil, beidh Pygmalion 26 ar siúl san Axis i mBaile Munna na hArdchathrach go dtí an Déardaoin beag seo.

Agus sin rud eile a chuireann na healaíona beo ar fáil dúinn atá in easnamh sa domhan IS. An teagmháil dhaonna. Dá fheabhas iad forbairtí na teicneolaíochta saorga, níl siad in ann freastal ar an ghá bhunúsach atá againn leis an teacht le chéile, leis an chomhluadar, leis an chuideachta a ghorann ár gcroí.

Nuair a chuaigh mé go Béal Feirste leis an dráma a fheiceáil Déardaoin seo caite, bhí a fhios agam go mbeadh neacha daonna eile ann, seanchairde, daoine a raibh leathaithne agam orthu, strainséirí a mbeinn in ann seal comhrá a dhéanamh leo aghaidh ar aghaidh, lámh a chroitheadh leo, nó fiú díreach sméideadh ina dtreo go cairdiúil.

Agus níl trácht déanta agam go fiú ar an teagmháil speisialta eile sin a bhíonn i gcroílár ócáidí drámaíochta: an ceangal uathúil idir an lucht féachana agus na haisteoirí. Cluineann muidne a gcuid focal, agus an corr-mhionsciorradh b’fhéidir, ach mothaíonn siadsan an t-aisfhreagra uainn, an gáire, an bualadh bos, an buíochas. Ní bhíonn aon dá oíche mar a chéile, agus sin é cuid den draíocht.

Agus codanna áirithe den tsaol ag éirí níos saorga i rith an ama, is mó an gá a bheidh againn le cruinniú le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcomhdhaonnacht, agus is mó an meas a bheidh ag daoine ar na healaíona beo dá réir.

Gura fada buan sibh, a aisteoirí, agus gura fada buan bhur n-intleacht álainn.

Foclóir

Intleacht shaorga = artificial intelligence

podchraoladh = podcast

luas lasrach = lightning speed

steillbheatha = in the flesh

ar maos = steeped

lámh a chroitheadh = shake hands

sméideadh = wink/nod