An cheist is práinní don chainteoir Gaeltachta

Is minic gur íogair caolchúiseach a bhíonn na gnásanna comhrá sa Ghaeltacht, idir muintir na háite féin agus le cuairteoirí

Lá cois farraige i nGaeltacht na Rinne. Grianghraf RoseAnn Foley
Lá cois farraige i nGaeltacht na Rinne. Grianghraf RoseAnn Foley

Nuair a bhí cuairteoirí agus turasóirí ag bogadh thart an samhradh seo agus na laethanta saoire faoi lánseol, ardaíodh ceist a chuir stop le go leor agus a d’fhág an mhórchuid againn i gcruachás: cad í an teanga chumarsáide ba chóir a úsáid thíos ar an dtrá nó i siopa Spar? An i nGaeilge nó i mBéarla a labhróimid?

Sin í an cheist is lárnaí ach is príobháidí a chránn sinne atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht anseo in iarthar chontae Phort Láirge in aimsir seo na gcuairteoirí. Ar bhealach braithimid go bhfuil láidreacht, todhchaí agus beocht na teanga ag brath ar fhreagra na ceiste seo. Do chuid againn, is í an cheist is práinní í.

Foilsíodh eagrán speisialta den iris Comhar an mhí seo chun an 100 bliain ó leagadh síos na teorainneacha oifigiúla a thug dúinn coincheap na Gaeltachta a mharcáil.

“Táthar ag súil, de réir dealraimh, go mairfidh ‘móimint na Gaeilge’ atá anois linn, níos faide ná móimint,” a deir eagarthóir na hirise, Seán Tadhg Ó Gairbhí, ina eagarfhocal dar teideal Breithlá na Gaeltachta. Deir sé gur leagadh síos na teorainneacha oifigiúla a thug dúinn coincheap na Gaeltachta “mar is eol dúinn inniu í” agus gur “as an gcoincheap sin a d’eascair pobal scaipthe scáinte teanga ársa a mhaireann i gcónaí, fiú más ar éigean é”. Dar leis nach maireann aon mhionteanga “gan í a bheith á labhairt áit éigin mar theanga phobail”.

Ag deireadh an lae táimid ag iarraidh Gaeilge na nDéise a úsáid go laethúil. Táimid ag iarraidh a léiriú gur Gaeltacht í seo agus go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil agus in úsáid.

Ach, a mheabhraíonn sé dúinn, “de réir na bhfigiúirí daonáirimh, tá líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht laghdaithe 12.6% ó 2011.” Agus mar léiriú breise air sin, deir sé nár thug ach breis agus 20,000 duine le fios in 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Níl sé dóchasach nuair a ardaíonn sé ceist atá deacair a léamh: “An gá fanacht go dtí nach mbeidh fágtha againn ach níos lú ná 20,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht chun go ngéillfear go bhfuil géarchéim teanga againn?”

Sa taobh seo tíre bíonn an Ghaeilge á cosaint againn i gcónaí mar tuigimid go bhfaighidh sí bás muna ndéanfaimid amhlaidh. Gach lá, agus fear nó bean Ghaeltachta ag bualadh le cairde atá tagtha ar cuairt, nó le daoine atá amuigh ag snámh sa chuan, nó thíos ar an gcé, bíonn air/uirthi cinneadh a dhéanamh ar an spota. Gach uair, sula n-osclaíonn aoinne againn ár mbéal, éistimid leis an nguth inmheánach sin, agus gan mhoill, agus na sócmhainní doláimhsithe á meas againn, déanaimid measúnú pras: cén teanga ba chóir dom a úsáid? An labhróidh mé i nGaeilge an babhta seo nó an ea nach bhfuil aon bhá nó aon suim ag an ngrúpa seo sa Ghaeilge agus ar chóir dom labhairt i mBéarla? Nílimid ag iarraidh canach a chur ar aoinne agus nílimid ag iarraidh a bheith drochbhéasach nó gránna. Ag deireadh an lae táimid ag iarraidh Gaeilge na nDéise a úsáid go laethúil. Táimid ag iarraidh a léiriú gur Gaeltacht í seo agus go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil agus in úsáid. Táimid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn agus a bheathú. Agus dá bharr san, aon dream a thagann fén ár ndéin, snámhann an cheist sin chugainn i gcónaí: an ócáid í seo don Ghaeilge nó don Bhéarla?

Babhtaí, ag cíoradh cheist na teanga braitheann an scríbhneoir seo cosúil le Hamlet agus an abairt cháiliúil á cíoradh aige nuair a deir sé - ‘to be or not to be’ - nó an grúpa punc, an Clash, agus an curfá iontach spreagúil a scairteann siad amach agus iad i mbun agóide, ’Should I stay or should I go?’. Tá gáir na haincheiste mar an gcéanna agus úsáid laethúil na teanga á meas againn anseo san oirdheisceart.

Agus an samhradh faoi lánseol, an áit álainn seo plódaithe le cuairteoirí agus turasóirí agus cúrsaí Gaeilge ar siúl mórthimpeall orainn, tá dualgas ar dhaoine a bheith in ann sleamhnú go nádúrtha ó theanga amháin go teanga eile. Ach, uaireanta tarlaíonn míthuiscintí.

Le déanaí, agus bean óg ag stopadh ag ionad caife ar thaobh an bhóthair, thosaigh sí ag caint os ard i nGaeilge le bean a bhí ina suí lasmuigh sa ghrian agus í ag ól caife lena cairde. Láithreach chuir an bhean seo stop leis an mbean óg. “Stop,” arsa sí. “Ní cóir duit Gaeilge a úsáid anseo nuair nach bhfuil sí in úsáid ag na daoine seo. Níl an teanga ag na mná eile sa chomhluadar!” Bhí an bhean óg maslaithe agus gortaithe agus chuir an ceartú stop léi láithreach. Bhí sí measctha. An ea go raibh an bhean ag rá go raibh sí drochbhéasach, nach raibh sí fáilteach nó oscailte a dhóthain leis na cuairteoirí? “Ach bhí mé ag caint leatsa agus ní leosan,” a mhínigh sí go leithscéalach don bhean. Bhí an bhean óg náirithe agus láithreach chas sí le teann feirge agus chuaigh sí chun a caife féin a fháil. Nuair a d’iompaigh sí ar ais ón gcuntar, bhí an bhean eile ina seasamh taobh thiar di, agus arsa sí: “Tá cathú orm. Ní raibh sé de cheart agam é sin a rá”. Bhí an bheirt acu trína chéile – na spriocanna leochaileacha daonna sin ar a mairimid treascartha ag an gcomhrá gairid eatarthu.

Ritheann sé liom anois go bhfuil seans ann gur bhraith an bhean Ghaelach agóideach seo ciontach agus í cáinteach lena cara. Bhí Béarla in úsáid aici féin in áit phoiblí agus d’éirigh sí cosantach agus trodach dá bharr san, mar is duine í a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus go nádúrtha.

Ach meabhrú atá ann gur síormheá a bhíonn ar siúl ag gach duine againn atá inár gcónaí sa Ghaeltacht agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge a choimeád beo: an cás sé seo don Ghaeilge nó don Bhéarla? An bhfuil Gaeilge acu, an dteastaíonn uathu Gaeilge a úsáid, a fhoghlaim, a chloisteáil? An bhfuil an teanga á brú againn ar chuairteoirí? An gceapfaidh siad go bhfuilimid oileánach, go bhfuilimid ag léiriú dóibh go bhfuil siad lasmuigh de chiorcal éigin agus nach bhfuil fonn orainn plé leo? An bhfuilimid ag éirí inár ndíograiseoirí? An bhfuil mórtas áibhéalta á léiriú againn?

Tá, a deir eagarthóir Comhar agus é ag trácht ar an ábhar atá curtha ar fáil ag meitheal scríbhneoirí in eagrán speisialta mhí Lúnasa na hirise, an scríbhneoir seo ina measc: “ceiliúradh ar mhisneach, ar mhórtas agus ar chumas an phobail sin” arsa sé, agus mar fhocal scoir “pobal a bhí leochaileach ón tús” an frása atá aige ag deireadh na habairte. Nach í sin an fhírinne.