Áirítear sa leathchéad bliain idir 1920 agus 1970 go ndeachaigh tríocha míle éigin de shagairt is de mhná rialta ar na misin ó Éirinn go críocha i gcéin. Sa bhliain 1960 féin, bhí 6,000 díobh thar lear i gceithre scór éigin de thíortha éagsúla. Tugadh ‘ár n-impireacht spioradálta’ ar an scaipeadh sin ar uaire, le pas beag searbhais. In ainneoin sin, ba mhinic dearmad déanta orthu sa bhaile agus is cúrsa iontais é nach bhfuil oiread sin de chuntais chearta bheathaisnéisiúla agus dhírbheathaisnéisiúla againn ina dtaobh.
Tá beagán gan amhras, iad léargasúil solasmhar ar an gcuid is mó. Tá Idir Dhá Shaol le Pádraig Ó Murchú a chaith seal fada sa Chóiré, agus Kao er Wen, cuntas ar bheatha an Easpaig Éamonn Ó Gealbháin a bhí i gceannas ar dheoise Hangyang sa tSín le Pádraig Mac Caomhánaigh. Bhí aithne agam féin ar an Athair Pádraig O’Toole ó Inis Mór, Árainn, a scríobh Aran to Africa: an Irishman’s Unique Odyssey, agus abair gur saol faoi leith a chaith sé! Ní dúirt sé faic ina leabhar, áfach, mar gheall ar a chumas tiomána, cumas a sháródh Ayrton Senna nó Michael Schumacher féin ar luas, dá mba gur chuaigh sé le rásaíocht. Ní rabhas riamh i ngluaisteán a bhí in ann eitilt thar aibhneacha agus chlaiseanna doimhne nuair a bhí an droichead trasna orthu briste ach amháin leis siúd.

Ní beathaisnéis sa chruinne é Dúdhúchas le Pádraig Ó Máille ach tá toise mhaith de sin ann, go sonrach a thaithí féin ag teagasc sa Nigéir go háirithe, agus sa Mhaláiv chomh maith. Ach is féidir a áiteamh gur sraith d’aistí spéisiúla atá ann ar a thuiscint agus ar chleachtadh ar chultúir na gcodanna den Afraic ina raibh sé, arb iad an béaloideas agus an nua-litríocht an dá ghné is mó ar chuir sé suntas iontu.
Ar nós go leor sagart Éireannach eile tógadh Pádraig sa chineál Caitliceachais a tháinig amach as coirséad an Victoriánachais agus daingniú an cheartchreidimh faoin bPápa Pius IX. Tá admhálach gur thóg tamall dul i dtaithí ar na nósanna dúchais ar nós cách eile. An chéad uair nuair a chuala sé ceol sochraide thug sé le fios gur shíl sé go raibh an ceol ar fad mar an gcéanna. ‘Is aisteach an rud é,’ a dúirt cara leis ón áit, ‘sin díreach an rud a deirimidne faoin gceol a chloisimid uaibhse ar an raidió.’ Thóg tamall air a thuiscint cén greim a bhí ag an draíocht ju-ju ar a gcuid cleachtaí saoil. Ba mhinic íobairtí nó scrínte tógtha in aghaidh na heaglaise féin, in ainneoin gur Chaitlicigh mhaithe ba ea iad. Rinne daoine a rogha féin, de réir mar a d’oir dóibh.
READ MORE

Bhí an t-ádh leis an Máilleach, áfach, go raibh sé féin nite i dtobar na Gaeilge agus ní foláir nó rith sé leis go raibh na deacraí seo ar fad ball díreach ag Pádraig Naofa agus é ag iarraidh tabhairt ar na Gaeil tiontú ar an gcreideamh nua. Ba bhuntáiste breise dó é nuair a chrom sé ar bhéaloideas a bhailiú sa cheantar ina raibh sé lonnaithe agus ó na daltaí a bhí á múineadh aige, cnuasú ar mhacalla é a raibh Bailiúchán na Scol i 30í na haoise seo caite mar thoradh air. Léacht a d’airigh sé in Ollscoil Nsukka ba thrúig leis an spreagadh seo, óir fuair an Coimisiún Béaloideasa Éireann, fara Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin ardmholadh agus aitheantas ón scoláire a thug an chaint. Dá bharr sin, bhí an Lámhleabhar Béaloideasa againne mar threoir aige agus é ag bailiú leis san Afraic!
Is fíor go bhfuair sé ábhar suimiúil dúchais, ach bhí amhras riamh air gur leaganacha cóirithe de scéalta Grimm nó Aesop faoi fheisteas eile a fuarthas ó leabhair, go fiú i ngan fhios don té a d’inis dó iad. Go deimhin, ba dhóbair gur cuireadh dallamullóg air nuair de ghlansheans a fuair sé amach gur scéal i seanleabhar scoile ba ea ábhar a fuair sé ó dhuine a bhí críonna go maith. Bhailigh sé eolas ar logainmneacha agus ar ainmneacha pearsanta ina theannta sin. I gcás pobal amháin ní raibh de nós acu le páistí a ainmniú ach ord a chur orthu, an chéad duine, an dara duine, an tríú duine agus mar sin de. Ceapaim go raibh gnás mar sin tráth san Iodáil, más cuimhin liom an bunús a bhí le hainm an dornálaí iontaigh úd, Primo Carnera, an fathach fir a bhuaigh craobh trom-mheáchana an domhain in 1933, ach ceartófar mé ar ball. Dúirt fear i gCléire liom gur ‘Céad Ógán’ ba bhun leis an sloinne ‘Cadogan’, ach bhí acmhainn grinn agus ceapadóireachta ag an duine céanna. ‘Deannach na gealaí’ a bhí acu ar na réaltaí i spéir na hoíche, agus b’éigean dom an leagan fileata sin a roinnt le léitheoirí, óir cén fáth nár smaoinigh file dár gcuidne féin air?
I gcás pobal amháin ní raibh de nós acu le páistí a ainmniú ach ord a chur orthu, an chéad duine, an dara duine, an tríú duine agus mar sin de.
Is maith a thuigeann sé gur ag coisíocht ar thóchar íogair idir dhá chultúr atáthar an t-am ar fad. Tá an Chríostaíocht ansin dóibh agus iad dílis agus tugtha di, ach uaireanta filltear ar ‘rialacha is dlíthe’ na muintire nuair a tharlaíonn céim thar a bheith tábhachtach i saol an duine, ar nós breith linbh agus teacht in inmhe. Ina choinne sin, is i scoileanna na misean a fuair aos nua na gceannairí, idir pholaitiúil agus mhíleata, a gcuid oideachais i dtosach agus ba ‘ar chostas na misean a fuair cuid mhór díobh oideachas in ollscoileanna thar lear.’
Tá an teannas sin beo chomh maith i gcás chothú na nua-litríochta a bhfuil ardspéis aige ann mar ábhar. Scáthán réasúnta cruinn ar na díospóireachtaí a bhí againne sa Ghaeilge é an plé atá i dtíortha na hAfraice maidir le húsáid na teanga dúchais nó na teanga isteach, Béarla, Fraincis nó Portaingéilis go ró-áirithe. Ní gá dúinn dul siar air anseo, ach amháin cé go bhfuil na teangacha Eorpacha fós in úsáid go fairsing san fhoilsiú idirnáisiúnta mar is eol dúinn, go bhfuil borradh, leis, i bhfothú agus i gcraobhú litríocht na dteangacha dúchais, agus i bhfad níos mó ná mar a bhí ar siúl le linn don Athair Pádraig a bheith ag saothrú.
B’í an mhúinteoireacht an ghairm ba mhó a chleacht sé sa Nigéir agus sa Mhaláiv. Ach sea, féach, ná habair é, ach bhí an cur i gcoinne na n-ábhar nach raibh ‘praiticiúil’ le troid aige faoi mar a bhíonn abhus. ‘B’é a chuir mé romham i gcónaí, aigne mo dhaltaí a mhúscailt, a suim a spreagadh sa saol mór ina dtimpeall,’ ba ea a mhana. Ach bhíodar ann, agus thánadar chuige, agus ghearáin go caointeach agus go neamhbhalbh go raibh nithe á dteagasc aige, ‘nach raibh ar an gcúrsa’, nach mbeadh ar an scrúdú! Sheas sé an fód, áfach, agus lean de theagasc na litríochta agus na n-ealaíon mar gurbh ansin ‘a bhí cuid an-tábhachtach d’anam an náisiúin agus go raibh sé de dhualgas orm é sin a shoiléiriú do na scoláirí a bhí faoi mo chúram.’ Nach raibh an t-ádh leo? Agus bhí d’ádh leis siúd gur tháinig cuid de lucht na cnáimhseála cúngaigeanta ar ais chuige ina dhiaidh sin ag gabháil buíochais leis gur oscail sé a súile ‘faoi na fórsaí a gcaithfidís dul i ngleic leo sa saol’ lasmuigh de scoil nó de scrúdú.
Osclaíonn an leabhar seo ár súile dúinn ar shaol eile amuigh ansin a raibh na mílte Éireannach páirteach ann, agus ar shaol atá ag teacht chugainn ar ais chun sinn a shaibhriú ar shlite éagsúla mar a dheineamarna tráth dá raibh dóibh siúd. Léiríonn, leis, nach raibh na snaidhmeanna cultúir agus litríochta arbh éigean dúinne iad a scaoileadh teoranta dúinn féin amháin ach go bhfuil comhchosúlachtaí ag gach pobal le chéile nach foláir dó dul ag iomrascáil leis an gcoilíneachas.
Foclóir:
dírbheathaisnéisiúil = autobiographical
léargasúil = insightful illuminating
íobairtí = sacrifices
dallamullóg = deception/a hoodwinking
tóchar = causeway/a raised pathway
neamhbhalbh = blunt/outspoken
cúngaigeanta = narrow-minded
iomrascáil = wrestling grappling










