D’fhéadfadh croílár Chonamara a bheith ina ionad foghlamtha d’fhostaithe ón tseirbhís phoiblí agus chuideoidh seo le sprioc an Rialtais go mbeadh 20 faoin gcéad de sheirbhísigh phoiblí ina n-oifigigh dhátheangacha, a dúirt an Teachta Dála Shane Moynihan.
Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh ar an Rialtas go gcuirfí oiliúint sa Ghaeilge ar fáil don tseirbhís phoiblí ar champas Gaeilge i gCarna i lár Chonamara, agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Forbairt Chonamara Láir Teo agus le hOllscoil na Gaillimhe ó mhí Eanáir 2027 ar aghaidh.
Tá an Comhchoiste ag iarraidh go ndéanamh an Rialtas an tacaíocht agus an maoiniú a bheadh de dhíth don chineál seo tionscadail a chur ar fáil.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Shane Moynihan: “Bhuail an Comhchoiste le finnéithe ó Fhorbairt Chonamara Láir Teo le déanaí agus bhí mé féin agus na comhaltaí eile an-tógtha leis an sprioc atá ag an gcomhlacht sin campas i leith mhúineadh na Gaeilge a bhunú, agus leis na réamhshocruithe atá déanta cheana féin ina leith.
READ MORE
“Má táimid chun an sprioc de 20 faoin gcéad de Sheirbhísigh Phoiblí a bheith ina n-oifigigh dhátheangacha a bhaint amach, tá gá le campas mar seo a bhunú i gConamara, agus i nGaeltachtaí eile ina dhiaidh sin.
“Agus Gteic den chéad scoth lonnaithe i gCarna, tá an bonneagar ann cheana chun deis a thabhairt do sheirbhísigh phoiblí dul go dtí an ceantar chun fanacht ann tamaillín agus an Ghaeilge á foghlaim acu. Agus ag an am céanna, a bhuíoch leis an Gteic seo, bheadh siad in ann a bheith ag obair ina n-eagraíochtaí féin ar na laethanta céanna.
“Tá deiseanna iontacha ann úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, ar fud na Seirbhíse Poiblí, agus molann an Comhchoiste don Rialtas na deiseanna seo a thapú agus sa chás seo, tacú leis an gCampas sin i gConamara agus é a mhaoiniú.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Poist nua agus athruithe i bplean straitéiseach Mhuintearais
Leathnófar seirbhísí an eagrais Ghaeltachta Muintearas ó Chonamara agus Dún na nGall chun freastal ar gach ceann de na 26 Limistéir Pleanála Teanga (LPT) ar fud na tíre faoi straitéis nua a seoladh ar na mallaibh.
Léiríonn an straitéis fís úr don eagraíocht atá ar na bacáin le thar dhaichead bliain ach go dí seo a chuir seirbhísí ar fáil go príomha i nGaeltacht Chonamara agus Dhún na nGall.
I measc na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil tá seirbhísí óige, tionscnaimh forbartha pobail, cláir oiliúna agus oideachais, seirbhísí luathóige agus fiontair shóisialta.
Mar chuid de phlean straitéiseach Mhuintearais 2026-2029, a sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta, Dara Calleary, fógrófar dhá phost nua, bainisteoir óige agus comhordaitheoir oiliúna.
Bunófar Tionól Óige na Gaeltachta, ardán náisiúnta a thabharfaidh deis do dhaoine óga Gaeltachta tionchar díreach a bheith acu ar bheartais óige.
Ina theannta sin, forbrófar Muintearas mar chomhlacht oiliúna náisiúnta a thairgfidh cúrsaí creidiúnaithe don obair óige trí Ghaeilge, rud a neartóidh gairmiúlacht na hearnála agus beidh aonad cumhdaigh Mhuintearais ar fáil feasta mar acmhainn oiliúna do gach eagraíocht phobail sa Ghaeltacht.
Tá athnuachan iomlán á dhéanamh ar bhranda Mhuintearais, mar aon le suíomh gréasáin nua atá dírithe ar an úsáideoir, chun íomhá chomhaimseartha a thabhairt don eagraíocht.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Dara Calleary go gcuirfidh feidhmiú na straitéise “go mór le hobair óige trí Ghaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le freastal ar phobal na Gaeltachta trí chéile, trí chláracha, oiliúint agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh.”
Dúirt sé go gcabhróidh sé “go mór leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail ar fud na Gaeltachta.”
Cartlann TG4 seolta agus rochtain ar an ábhar á leathnú
Beidh TG4 ag tarraingt ar scór go leith bliain ar an bhfód i mí Dheireadh Fómhair i mbliana agus táthar ag cur leis an rochtain atá ar chartlann dhigiteach an stáisiúin leis an chloch mhíle a chomóradh.
Sheol TG4 ‘Cartlann TG4’ i Músaem Litríochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath le gairid. Dúradh go bhfuil taisce luachmhar ilghnéitheach ábhair i gcartlann TG4, ina léirítear stair, cultúr, ceol, spórt, nuacht, cúrsaí reatha, siamsaíocht agus saol pobail na hÉireann trí mheán na Gaeilge.
Ó bunaíodh TG4 in 1996 go dtí 2012, stóráladh na cláir i gcartlann fístéipeanna TG4. Tá breis is 50,000 uair a chloig d’abhar Gaeilge craolta ag an stáisiún ó chuaigh sé ar an aer.
Tá Cartlann TG4 ag digitiú ábhair go leanúnach. Is é an t-ábhar digitithe sin, ar an mhórchuid, atá le fáil sa leagan reatha den suíomh seo. Déanadh an obair chaomhnaithe sin i bpáirt le Europus agus le tacaíocht ó mhaoiniú a fuarthas faoin Scéim Maoinithe Craolacháin. Tá rochtain ar an chuid eile de faighte a bhuíoch do Chartlann RTÉ agus Ros na Rún.
Is é an sprioc atá idir láimh nó Cartlann Taighde Dhigiteach TG4 bheo a bheith ann. Ciallaíonn seo go mbeifear ag cur leis an suíomh ar bhonn leanúnach. Tá breis is 9,000 clár le fáil faoi láthair ar an suíomh seo. Tá an suíomh dírithe ar an taighdeoir agus dúradh go bhfuil an leagan amach intuigthe agus furasta le húsáid.
Tá bealaí ann le cuardach simplí agus casta a dhéanamh de réir dáta, seánra agus réimse. Tá aon réimse dhéag ann chun an t-ábhar a scagadh idir teideal, cur síos, mír chatalóige agus logainm. Tá spásanna oibre praiticiúla ar fáil don úsáideoir chun liosta cuardaigh, liostaí ábhar agus gearrthóga a shábháil.
Is éard a dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Agus TG4 ag druidim le 30 bliain ar an aer i mí Dheireadh Fómhair, tá sé tráthúil go bhfuilimid ag cur leis an rochtain atá ar Chartlann TG4. Is cuid lárnach d’oidhreacht chultúrtha agus chraoltóireachta na hÉireann í an chartlann seo.
“Mar gheall ar ábhar TG4 tá glór, léargas agus ardán tugtha do phobail, d’ealaíontóirí, do cheoltóirí, do lúthchleasaithe, do lucht nuachta agus do scéalaithe ar fud na tíre le tríocha bliain anuas. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an saibhreas sin a chaomhnú, a chatalógú agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.”
Tá Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Ceannasaí Cartlainne TG4, i gceannas ar fhorbairt leanúnach na cartlainne. Tá saineolas cuimsitheach aici ar ábhar na cartlainne ó tharla í a bheith ag obair le fada an lá le TG4 agus ó tharla obair cheannródaíoch a bheith déanta aici i bhforbairt chartlainne roimhe seo.
“Cuirfidh an suíomh seo le cumas óg agus aosta ábhar físe a aimsiú agus a gcuid taighde féin a dhéanamh ar shaol, teanga agus cultúr na hÉireann,” a dúirt sí.
“Más taighdeoir, mac léinn nó léiritheoir thú a bhfuil spéis agat i stair chraoltóireacht na hÉireann cláraigh ar www.cartlann.tg4.ie agus bain triail as.”












