Bhí tráth ann, agus níorbh fhada ó shin é ach an oiread, nuair a bhí ceangal rialta idir éigse Éireann agus Alban. B’é sin de bharr na dturas bliantúil a eagraíodh idir an dá thír is a chuir filí agus ceoltóirí agus amhránaithe ag aithris, ag seinnt agus ag ceol dá chéile ó Charn Uí Néid ó dheas go gob Taigh Iain Ghròta ó thuaidh agus baill idir eatarthu. Ba shainmharc de chuid na féile cultúrtha bliantúla a leithéid go dtí gur cuireadh deireadh leis de dheasca géarchéim airgid abhus mar thoradh ar robáil mhór na mbancanna ach nár chuathas ina bhun arís de bharr sprionlaitheachta agus easpa tuisceana na bhforas litríochta ó shin.
B’fhairsing iarmhairt na dturas sin. Cuireadh eolas in Éirinn ar Shomhairle MacGill-Eain agus ar fhilí eile nárbh eol dúinn iad a bheith ann roimhe sin, scríobh scoláirí na hÉireann leabhair agus aistí léannta ar a saothair, Máire Ní Annracháin agus Breandán Ó Doibhlin ina measc, a chuir lena gclú is a dhaingnigh an caidreamh, agus d’fhoilsigh Coiscéim cnuasaigh Albanacha inár dhá dteanga mar mhalairt ar iad a bheith aistrithe go Béarla. Ina dhiaidh sin, chrom Rody Gorman ar an irisleabhar An Guth a chur amach, ina raibh dánta le filí Gaeilge agus Gàidhlig, tionscnamh nár tugadh oiread sin airde air nára maith leis na daoine nár thug taca dó.

Is mar sin a chuir glúnta Gael abhus eolas ar a raibh ar siúl soir ó thuaidh uathu. B’oscailt súl dúinn iontais agus friseáilteacht na filíochta a bhí in Nua-Bhàrdachd Ghàidhlig, cnuasach réabhlóideach a chuir Dómhnall Mac Amhlaigh in eagar is a foilsíodh sa bhliain 1977. Ach an oiread le cnuasaigh de nua-fhilíocht na Gaeilge, tá scata foilsithe ó shin, agus is é Sradagan san Iarmailt: Sparks in the Firmament – Ginealach Ùr Bhàrd Gàidhealach, A New Generation of Gaelic Poets in eagar ag Marcas Mac an Tuairneir (Francis Boutle Publishers, £20) an ceann is úire a tháinig faoi lic an dorais chugam le fáilte. Is é atá ann ná guthanna nua filíochta a tháinig chun cinn ó thosach na haoise seo, agus smaoinítear go bhfuil an ceathrú cuid den aois seo thart cheana féin.
Fágann sin gurb é an taitneamh a bhainfidh aon léitheoir ar bith as an gcnuasach fíorshaibhir seo ná dánta aonair thall is abhus a rachaidh i bhfeidhm air…
Cnuasach nach mór trí chéad dán go léir atá ann le naonúr file déag a bailíodh as tríocha is a hocht cnuasach ar fad, fara beagán dánta eile a foilsíodh ar leith. Léiriú é sin ar neart, ar fhairsinge agus ar shláinte na filíochta sa Ghàidhlig, agus mar is dual do na cnuasaigh seo tá aistriúcháin Bhéarla ag dul leo ar aghaidh an leathanaigh sa bhunteanga. Is mór an chabhair í sin do dhaoine a bhfuil suim mhór acu in éigse na nGaeilgí ach nach bhfuil an chanúint Albanach ar eolas go paiteanta acu.
READ MORE
Sa réamhrá dó tugann Marcas Mac an Tuairneir dár n-aire an deighilt a shamhlaítí le fada idir ‘nua-bhàrdachd agus bàrdachd thraidiseanta’, nó i bhfocail eile, filí a scríobh sa nua-nós scaoilte idirnáisiúnta agus iad siúd a chloígh leis na seanmheadarachtaí. Tá sé ag tabhairt le fios go bhfuil an deighilt sin nach mór ar leá anois agus go scríobhann nach mór gach duine ar an gcuma nua-aimseartha. Is fíor sin, cé go bhfuil roinnt mhaith dánta anseo atá faoi chomaoin mhór ag an traidisiún luachmhar mar a bhíodh.
De ghnáth leagtar díolamaí mar seo amach de réir údair, is é sin de réir na bhfilí: líon airithe dánta leis seo, agus líon áirithe le duine eile (agus lucht áirimh á gcomhaireamh go mion le héad nó lena mhalairt). Ach tá cur chuige eile anseo. Is amhlaidh go bhfuilid eagraithe de réir téama nó dúl nó ábhair. De sin, as seacht roinn ar fad, tá abraimis mar shampla, Pronnas na Linn/Detritus of the Centuries, Súil air an t-Saoghal/Eye on the World, Gréis-bhrat na Gáidhealtachd/Highland Tapestry. Is áiseach an leagan amach seo, óir is geall le leabhar beag gach ceann díobh iontu féin. Ina choinne sin thall, is deacra teacht ar ghuth aonair sainiúil aon fhile ar bith, ach ní móide gurb é sin cuspóir na díolama. Tá liostáil leabhar ann in eireaball an tsaothair don té ar mhaith leis aon duine ar leith a leanúint.
Don tsúil neamhoilte, áfach, gabhann sé dian ar dhuine breith ar cad é go díreach seasamh agus cúram agus éirim agus croí te na filíochta sa Ghàidhlig faoi láthair. Tá an chuma air go bhfuil an uile rud inti. Is dócha gur mar sin atá maidir le gach cnuasach náisiúnta nó teanga faoi láthair. Ní haon dream amháin sinn níos mó le haon amas aontaithe, ná dornán éigin sainaitheanta féin díobh a bhfuil éileamh ag ár ndaonnacht orthu.

Fágann sin gurb é an taitneamh a bhainfidh aon léitheoir ar bith as an gcnuasach fíorshaibhir seo ná dánta aonair thall is abhus a rachaidh i bhfeidhm air nó a mbainfidh sé taitneamh astu nó a labhrann leis ar shlí rúnda faoi leith. B’in mar a bhí agamsa, ach beidh a rogha féin ag cách.
Thaitnigh ‘Mar Sheann-Bhàrd nan Gàidheal Rinn Mi Dàn…’ le Niall O’Gallagher go mór liom, mar ba mhór agam a chuid filíochta riamh ó chéad léigh mé dán ar bith dá chuid, óir is duine é ar féidir leis feisteas nua a chur ar sheanfhoirmeacha, dúchais nó eile. Dán grá séimh íogair muirneach atá ann i bhfoirm soinéid sa chás seo, agus b’é, leis, a bhreac réamhdhán nó dán fógartha an chnuasaigh ina bhfuil línte mar rosc dóchais don fhilíocht trí chéile:
‘Is aoibhinn cumadh nan dàn
Ge b’oil leis an duilleig bhàn’
is é sin, ‘in ainneoin an leathanaigh bháin’.
Chuaigh ‘Ortha Crann nan Teud’ le Sandaidh NicDhòmhnaill Jones i bhfeidhm orm, toisc go díreach gur ortha atá ann, agus is sinn atá ina ngátar i gcónaí. Cuimsíonn Pàdraig MacAoidh uafás fuadaigh eile, seachas fuadach na nGael as Albain, in ‘Sìoda’ agus tá déanta chomh simplí ealaíonta sin go dtógann tamall agus cúpla léamh sula dtuigtear fairsinge agus folús na heachtra. Díbirt nó imeacht de shaghas eile atá in ‘An Cliabh’ le Marcas Mac an Tuairneir inar leor aon íomhá amháin a thabhairt d’fhonn scéal mór eile a nochtadh. Tá stair iomlán chomhpháirtíocht thruamhéalach shaighdiúirí Albanacha in impireacht léanmhar na Breataine le fáil in ‘Deise Mheallta’ Flòraidh NicPhàil ina dtráchtar ar shaighdiúir ina chulaith oifigiúil airm agus ar an snas agus ar an ngradam a bhain leis, ach lua ar bith níl ina iompar ná ina scéal mar gheall ar na buachaillí eile chomh hóg leis féin a mharaigh sé ina ‘dhóigh-beatha eireachdail’/ ‘ina shlí bheatha iontach.’

Thaitnigh ‘Dante ar an C114 agus U1207’ le hEòghan Stiùbhairt liom toisc gur maith liom Dante, agus ‘Eadar-thìr’ le Màiri Anna NicUalraig de chionn is gur dán breá traidisiúnta a mhúsclódh do dhúil sa mhuir, sa talamh, sa ghluaiseacht, sa dúlra. Fág gur i mBéarla atá na haistriúcháin déanta, a bhformhór litriúil go maith ach a cheapann an fhilíocht chomh hinnealta agus is féidir sin a dhéanamh, díol suime ann féin an t-aistriúchán Albainise ‘The Nippit Wye’ atá ar ‘An t-Slighe Chumhang’ le Mairead Rabatski.
Sin mar atá, gach duine ar a shon féin agus de réir mar is áil leis. Pé rogha is a dhéanfar, ní díomá a bheidh ort, óir tá an chraobh seo d’fhilíocht na Gaeilge slán is lán d’iontais. Ba cheart moladh faoi leith a thabhairt do na foilsitheoirí, Francis Boutle Publishers, ní hea amháin ar son slachta agus chaighdeán an leabhair seo, ach ar son gur foilsitheoirí iad a dhéanann cúram don litríocht i dteangacha mionlaithe agus d’ábhair eile den scoth nach ndrannfadh foilsitheoirí eile leo. Is fiú iad a thaighdeadh.













