Ba í Áine Ní Fhoghludha an banfhile Gaeilge ba mhó ar a raibh aird an phobail in Éirinn roimh 1940. Foilsíodh cnuasach dánta léi, dar teideal Idir na fleadhanna, in 1922, gur tháinig an dara heagrán amach in 1930. In 1925 foilsíodh Brosna, cnuasach scéalta do leanaí.
Na laethanta seo, in ainneoin go raibh aird an phobail dírithe uirthi tráth dá raibh - fé mar a mhaíonn a leathanach ar ainm.ie - ní chuimhnítear rómhinic ar an bhfile Déiseach tábhachtach seo a rugadh agus a tógadh sa Rinn. Is é sin seachas grúpa beag deonach amháin go bhfuil athchóiriú déanta acu ar sheantigín go raibh baint ag an bhfile leis tráth.
Tá an áit seo suite ar thaobh an bhóthair trasna ón reilig nua sa Rinn, é gleoite, glan, slachtmhar arís, gach pioc de deisithe. D’fhanadh Áine agus a fear céile, Séamus Ó Néill, sa teachín seo nuair a thagaidís abhaile ó Chaiseal ar a laethanta saoire, nuair nach raibh siad ach scread asail trasna an lána ón dteach inar rugadh agus inar dtógadh Áine.

“De thoradh a trocha sa bhliain 1932 – agus gan ach beagán le cois leathchéad bliain slánaithe aici – cailleadh duine de na filí ba thréithe a scríobh sa Ghaeilge sa chéad leath den fhichiú haois agus gan an gealladh a bhí fúithi tagtha chun foirfeachta,” a scríobh Proinsias Ó Driosceoil, in alt a foilsíodh in iris Ghaeltacht na nDéise, An Linn Bhuí. Deir sé gurb í “an liric ghearr dheismir ab fhearr léi, agus is léir uirthi freisin tionchar fhilí Rómánsacha an Bhéarla… Grá daonna, an dúlra, cráifeacht, grá tíre, laochas agus greann na téamaí is treise aici”.
READ MORE
Tá na fuinneoga beaga cearnacha ag lonrú agus tá an leathdhoras traidisiúnta fáilteach clúdaithe ag cóta úr de phéint dhearg.
Dúirt léirmheastóir amháin eile faoin a leabhar Brosna gurb é “an leabhar is fearr ar an margadh do scoláirí”. Mar gheall ar an leabhar scoile seo, arsa sé: “is iongantach mar d’éirigh léi na madraí, na cait agus na héanlaithe do chur ag caint le n-a chéile. Fiú amháin na slithidí, bhain sí caint astu, agus an coinín donn chuir sí ag seanchus leis an madra é, agus an madra fé gheasaibh aice gan baint leis. Chuir sí na préacháin ag stealladh cainnte le n-a chéile san Earrach dóibh, agus iad ag léir ar saothar ag bailiú ádhbhar nead dóibh féin...Níl aon cheann ann is oireanmhnaighe ná é. Is minic a bhíonn na múinteoirí ag lorg leabhair a d’oirfeadh dóibh...Tá sé acu anois - ceann nach féidir a shárú.”
Rugadh Áine in 1880 agus mhair sí go dtí na luath-thríochaidí den aois a lean. Micheál Ó Foghludha, máistir scoile na Rinne, a hathair, fear a bhuaigh Duais an Chliabhraigh i bPort Láirge gach bliain ó 1887 go 1893 don “oide scoile ab éifeachtaí sa chontae dá raibh ag múineadh na teanga”. Ba í Eibhlín de Bron ón Seanphobal, múinteoir sa scoil Ghaeltachta chéanna, a máthair. Bhí beirt deirfiúracha ag Áine, Eibhlín a bheadh i gceannas na gcailíní i Meánscoil na Rinne ar ball, agus May a fuair bás an-óg in 1895 agus deartháir amháin, Tomás, iad go léir ag fás aníos sa Mhóta sa Rinn.
I gcuntas iarbháis a foilsíodh sa nuachtán Meiriceánach seachtainiúil, The Gaelic American, scríobh Michael Carey fúithi agus faoina hóige - seo fear a bhí ar scoil le hÁine sa Rinn nuair a ghlaoití Mícheál Ó Corráin air. Bhí an t-alt i mBéarla aige: “Her presence in the class was a decided advantage to all her classmates, for the diligent application of her keen, alert mind to study was an edifying example which necessarily spurred us on to more intensive effort in order to keep within measurable distance of the lead she set us.” Agus, arsa sé, “in those days, Mrs O’Neill was Annie Foley to us, and Nance to her adoring mother, who was the Principal of the girls’ school.”
Ach, arsa sé, ag cur lena chuntais, “far from confining her interest exclusively to study, Nancy had a keen love of fun and reacreation, and she delighed in engaging with us boys in a game of handball, before the school day began, the gable-end of the schoolhouse being used for an ‘alley’.”
Tar éis d’Áine (nó Neans mar a thugtaí uirthi de ghnáth) bunoideachas a fháil sa Rinn d’fhreastail sí ar mheánscoil Chlochar na Trócaire i nDún Garbhán. Ghnóthaigh sí céim B.A. sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. D’fhreastail sí ar ranganna an Dochtúra de Hindeberg sa Rinn. Ceoltóir maith ba ea í agus chleachtadh sí an phéintéireacht. Bhí poist aici i meánscoil Chlochar na Trócaire agus i mbunscoileanna Mhóin na Mian agus Thigh an Chnoic. Deirtear gur mar gheall ar rónáisiúnachas sa rang aici i ndiaidh 1916 a briseadh as a post múinteora í. Nuair nár fhéad sí post eile a fháil bhí ar intinn aici dul ar imirce go Meiriceá ach bhuail sí le Séamus Ó Néill, fear ó Dhún Garbhán. Phós siad i Meitheamh 1917. Chuaigh siad chun cónaithe i gCaiseal. Ní raibh aon chlann acu.
Mar shampla amháin óna bailiúchán dánta (an seanlitriú athruithe go litriú ár linne in áit nó dhó ag an scríbhneoir seo).
Teacht an Earraigh.
Tá iolra dath ag breacadh an fhéir,
Tá breith in ionad báis sa chluain,
Tá nid dá bhfí i ngabhail na gcraobh,
Is an tír dá mealladh as suan.
Gach bláithín bídeach ar an bport –
An buidheacán ‘gus an tseamróg ghéar
Is an nóinín íseal – geal a rosc
‘Gus iad ag bagairt ar an ngréin.
Mothaíonn na héin an geimhreadh thart,
Is canadh ceol ó mhóch go fuin
Mar shailm mholta Rí na bhFeart –
Is cuirim féin mo ghuth leis sin!
Inniu istigh sa tigín sa Rinn tá an tinteán scuabtha, an t-iarann trasna air agus an citeal ina shuí go socair ag an dtaobh. Tá na fuinneoga beaga cearnacha ag lonrú agus tá an leathdhoras traidisiúnta fáilteach clúdaithe ag cóta úr de phéint dhearg. (Féach Molscéal TG4: Tigín d’Áine).
Bhí an tigín ag titim as a chéile sna seachtóidí ach in aithne don bhean, dá saol agus dá saothar “chuir daoine dúthracht isteach ann agus bhí a gcroíthe ann agus bhí roinnt daoine a chuir a lámh ina bpócaí féin dúinne chun é a chur le chéile chomh maith,” a deir Noel Ó Murchadha faoi obair an choiste áitiúil seo. “Tá súil againn go bhfuil sé ag tabhairt ómóis agus aitheantais do mhuintir Uí Fhoghlú an lá athá inniubh ann”.
Foclóir:
athchóiriú = renovation/restoration
cnuasach = collection (of poems/stories)
slachtmhar = neat/tidy
foirfeacht = perfection/fulfilment
léirmheastóir = critic/reviewer
iarbháis = posthumous/obituary (cuntas iarbháis = obituary)
rónáisiúnachas = excessive nationalism
dúthracht = dedication/diligence
ómós = respect/homage










