Ceapadh Naoise Ó Cearúil TD mar Chathaoirleach ar ChomhchoisteGaeilge an Oireachtais Dé Céadaoin seo caite.
Dúirt an Teachta Dála as Cill Dara go raibh fonn air díriú ar dheacrachtaí tithíochta sa Ghaeltacht, an earnáil oideachais lán-Ghaeilge, polasaithe i dtaobh mionteangacha atá á gcur i bhfeidhm i dtíortha eile agus an teicneolaíocht.
“Ó thaobh na dtosaíochtaí, tithíocht sa Ghaeltacht a bheadh ar cheann de na rudaí is mó. Tá na rialacha ó thaobh cead pleanála faoin tuath le n-athrú i gceann cúpla seachtain agus mar aon leis sin, caithfimid díriú ar an nGaeltacht í féin mar thosaíocht,” arsa Ó Cearuil, ar TD de chuid Fhianna Fáil é.
Dúirt sé freisin gur chóir go mbeadh sé níos éasca bunscoileanna nó meánscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil éileamh ann dóibh.
READ MORE
“Abraimis go bhfuil trí Ghaelscoil ann in áit eicínt, agus nach bhfuil Gaelcholáiste ann, ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag seasamh isteach ansin chun an Gaelcholáiste a bhunú,” ar seisean.
“Má bhreathnaímid timpeall na tíre, an chuid is mó de na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí, is tuistí a chuireann an brú agus a bhunaíonn an scoil.”
Thug an Teachta le fios freisin go raibh sé den tuairim go bhféadfaí Éire foghlaim ó pholasaithe atá á gcur i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach i dtaobh an chórais oideachais de.
Ina theannta sin, dúirt Ó Cearúil gur cheap sé go raibh deis ann úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht chun feabhas a chur ar acmhainní foghlama don Ghaeilge sa chóras oideachais.
Abraimis go bhfuil trí Ghaelscoil ann in áit eicínt, agus nach bhfuil Gaelcholáiste ann, ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag seasamh isteach ansin chun an Gaelcholáiste a bhunú.
— Naoise Ó Cearúil
Bhí Catherine Connolly ina Cathaoirleach ar an gComhchoiste sular toghadh í mar Uachtarán mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus níor líonadh an ról ó shin go dtí an tseachtain seo caite. Is é Ó Cearúil a bhí ina Leas-Chathaoirleach ar an gComhchoiste go dtí gur ceapadh é ina ról nua.
Faoi láthair, tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) os comhair an Oireachtais agus táthar ag súil leis go ndéanfaidh an reachtaíocht seo leasú ar fhorálacha áirithe a bhaineann le feidhmiú an Údaráis.
Nochtadh i dtuairisc Dé hAoine seo caite áfach go ndéanfaidh an bille seo leasú suntasach ar mhórsprioc reachtúil an stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) atá i bhfeidhm faoi láthair, tá an riachtanas ann go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí” faoi 2030.
Má ritear an bille atá os comhair an Oireachtais, daoine atá san earnáil phoiblí cheana féin agus a fhaigheann ardú céime, comhairfear iad sin mar chuid den mhórsprioc, rud a laghdódh an riachtanas atá ann maidir le líon na n-earcach nua le Gaeilge líofa atá le fostú.
Cuireadh ceist ar Ó Cearúil faoina thuairimí maidir leis an ngné seo den bhille.
Mar fhreagra, dúirt sé: ”Níl a fhios agam na figiúirí - díreach leis an athrú sin. Abraimis, toisc go bhfuilimid ag breathnú ar dhaoine atá ann cheana féin, an é 5 faoin gcéad sa bhreis nó 18 faoin gcéad sa bhreis atáimid a rá anois ó thaobh na ndaoine nua atá le hearcú? Tá sé fós oscailte, is dócha.”
Dúirt Ó Cearúil áfach go raibh gá le níos mó acmhainní sa chóras oideachais tríú leibhéal le tacú le mic léinn a raibh fonn orthu Gaeilge a fhoghlaim agus go raibh easpa pleanála sa réimse seo ag cur brú ar sprioc earcaíochta an stáit ó thaobh na Gaeilge de.
“Nuair a tháinig an Roinn Breisoideachais isteach chugainn an chéad uair, ní raibh plean dá laghad acu chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus dul i ngleic leis an sprioc,” ar seisean.
“Is léir domsa go bhfuil níos mó le déanamh ag an Roinn Breisoideachais - níos mó ná an Roinn Oideachais - i dtaobh cúrsaí a chur ar fáil mar aon leis na céimeanna atá á ndéanamh ag daoine.
“An moladh a bhí agamsa, abair go bhfuil tú ag déanamh margaíochta nó dlí nó pé rud san ollscoil, bheadh tú in ann modúl a dhéanamh sa Ghaeilge agus na creidiúintí sin a úsáid mar chuid de do chéim.”









