Seolfaidh an grúpa IMEASC feachtas náisiúnta amárach [Dé Céadaoin] chun reachtaíocht a éileamh le go gcuirfí soláthar oideachais lán-Ghaeilge cuimsitheach i bhfeidhm ar fud fad na tíre.
Is grúpa tuismitheoirí iad IMEASC agus tá sé mar sprioc acu go gcuirfí i bhfeidhm múnla Gaeloideachais in Éirinn atá bunaithe ar mhúnla na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.
Ag labhairt di le Scéal, dúirt urlabhraí de chuid IMEASC, Rachel De Bhailís, gur bunaíodh an grúpa trí bliana ó shin mar gur mhothaigh tuisimitheoirí go raibh gá le feachtas náisiúnta.
Bhí sé tugtha faoi deara acu nach raibh mórán rátha ag baint lena bhfeachtais áitiúla aonair scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú ina gceantair féin le blianta beaga anuas.
READ MORE
Dúirt De Bhailís, “Thángamar le chéile mar ghrúpa tuismitheoirí chun IMEASC a bhunú nuair a thugamar faoi deara go raibh na scéalta céanna le sonrú fud fad na tíre. Bhí muid tar éis a bheith ag troid inár gceantair éagsúla, agus níor éirigh linn. Fuaireamar amach nach bhfuil aon chóras oifigiúil ar fáil don Roinn Oideachais chun Gaelcholáiste a bhunú.”
“An sprioc atá ann ná go dtiocfaidh reachtaíocht isteach chun tacú leis an soláthar agus le hacmhainní oideachais lán-Ghaeilge go fadtéarmach.”
Tá laghdú beag tar éis teacht ar líon na ndaltaí sa stát a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge le blianta beaga anuas.
Tuairiscíodh ag tús mhí Feabhra, nach bhfuil ach 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, an céatadán is ísle le 12 bhliain anuas.
Tá 14,032 (3.3%) dalta meánscoile ag freastal ar mheánscoil lán-Ghaeilge i mbliana– laghdú beag ó anuraidh.
Ar ábhar níos dearfaí, tháinig méadú beag ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge, ó 7.8% anuraidh, go 7.9% i mbliana.
Dar le De Bhailís, ba chóir leasú a dhéanamh ar an Acht Oideachais le go mbeadh sé mar dhualgas ar an Roinn Oideachais a chinntiú go mbeadh scoil lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí ar fud an stáit ina hiomláine.
Níl aon bhunscoil lán-Ghaeilge i mbreis agus 50% de limistéir phleanála scoile na Roinne Oideachais agus níl meánscoil lán-Ghaeilge in os comhair 90% díobh.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé mar rogha ag dhá thrian de dhaltaí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge nuair a shroicheann siad an mheánscoil.
Deir IMEASC go bhfuil sé mar nós ag an Roinn Oideachais faoi láthair a rá le tuismitheoirí atá ag feachtasaíocht ar son scoileanna nua go bhfuil áiteanna ar fáil i scoileanna Béarla - agus mar sin nach léiríonn “an t-éileamh déimeagrafach … gá le scoil nua”,
Dúirt De Bhailís, “Níor cuireadh an cheist shonrach ar an Roinn Oideachais riamh chun soláthar oideachais straitéiseach a chur i bhfeidhm sa tír seo agus, mar gheall air sin, níl sin déanta.”
“Ní leor a rá, ‘Rachaimid timpeall na tíre agus osclóimid cúpla Gaelcholáiste chun na daoine ó na feachtais sin a shásaimh.’”
“Ní leor a thuilleadh cúpla Gaelcholáiste a oscailt chun dul i ngleic le héileamh i bpócaí beaga timpeall na tíre mar ní stráitéis é sin ach oiread”
Dúirt De Bhailís freisin gur chóir breathnú ar mhúnla an oideachais lán-Bhreatnaise sa Bhreatain Bheag mar mhúnla don Ghaeilge in Éirinn.
Dúirt sí, “Tháinig reachtaíocht isteach agus d’imigh siadsan ó sholáthar oideachais Breatnaise ó 5% go 20%, agus anois tá siad ag obair i dtreo 40%.”
In 1962, ní raibh ach dhá mheánscoil sa Bhreatain Bheag a d’fheidhmigh trí mheán na Breatnaise.
Sa lá atá inniu ann, freastalaíonn 18.16% de dhaltaí meánscoile agus 24.29% de dhaltaí bunscoile sa tír ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Breatnaise.
Deir IMEASC go bhfuil tacaíocht ó pholaiteoirí ó gach páirtí faighte acu i dtaca leis an bhfeachtas agus tuigtear go mbeidh an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú i láthair in éindí leis an t-iar-Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus polaiteoirí eile ó Choiste Gaeilge an Oireachtais.
Seolfar an feachtas in Óstán Buswells, in aice le Teach Laighean i mBaile Átha Cliath ag a 1i.n.













