Níl ach míle go leith idir Sráid Buckingham i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, an áit ar fhás Troy Parrott aníos, agus Ascaill Fitzroy, áit dúchais Patrick O’Connell. Ceantar mór spóirt is ea é le Rae Portland, agus teach Kellie Harrington, in aice láimhe freisin. Tháinig mé trasna ar phlaic chuimhneacháin ar Ascaill Fitzroy i nDroim Conrach i gcaitheamh na seachtaine, plaic in ómós don Patrick thuasluaite. Tá nasc an-spéisiúil idir O’Connell agus Parrott agus an club sacair Real Betis in Sevilla na Spáinne. Bhí O’Connell ina bhainisteoir ar Real Betis nuair a bhuaigh an club La Liga den chéad uair in 1935 agus anois tá Parrott ag imirt don chlub céanna.
Tá tús spleodrach curtha aige lena thréimhse le Real Betis ó thús na míosa. Ar an 8 Meán Fómhair, d’aimsigh Parrott an cúl buacach do Betis in aghaidh Lille i Sraith UEFA na gCuradh, 3-2 an scór deiridh a bhí ann. Ceithre lá roimhe sin, d’aimsigh sé a chéad chúl ina chéad chluiche baile don chlub. Bhí 81 nóiméad caite nuair a scóráil sé. Cúl suntasach a bhí ann mar ba é a chinntigh an bua do Betis in aghaidh Real Madrid. Is é José Mourinho atá i gceannas ar Madrid i mbliana agus ba é a bhí ina bhainisteoir ar Tottenham nuair a thug sé an chéad deis imeartha do Parrott i bPríomhroinn Shasana in 2019. Ní raibh Troy ach seacht mbliana déag d’aois ag an am.

Ach níor bhain sé áit bhuan amach ar fhoireann Tottenham. Chuaigh Parrott ar roinnt tréimhsí iasachta, le Millwall, Ipswich Town agus Preston ina measc. Chaith sé séasúr ag imirt thar lear san Ísiltír. D’aimsigh sé 17 gcúl i 32 chluiche le Excelsior Rotterdam. I mí Iúil 2024, shínigh sé conradh le AZ Alkmaar sa tír chéanna. Ainneoin go raibh conradh ag Troy fanacht le AZ go dtí 2029, deimhníodh i lár mhí Lúnasa 2026 go raibh conradh cúig bliana (ar luach €20 milliún) sínithe aige le Real Betis sa Spáinn. Ach cén chaoi ar tharla sé go raibh Patrick O’Connell ina bhainisteoir ann sin sna 1930idí?

Rugadh O’Connell ar Ascaill Fitzroy, gar do Pháirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, in 1887. Bhí deichniúr páistí eile sa chlann. D’imir sé le roinnt foirne sóisearacha faoi aois sula ndeachaigh sé le Belfast Celtic i Sraith na hÉireann. Bhog sé go Sasana in 1909, chuig Sheffield Wednesday, agus ansin chuig Hull City in 1912. Mheall Manchester United é le táille £1,000 in 1914. Ar ndóigh, thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda cúpla mí ina dhiaidh sin. Ba é O’Connell an chéad Éireannach a bhí ina chaptaen ag Old Trafford agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann chomh maith. Bhain conspóid mhór leis an gcluiche idir Manchester United agus Liverpool i mí Aibreáin 1915. Bhuaigh United 2-0 ach bhí amhras mór faoin mbua, agus thug geallghlacadóirí faoi deara go raibh suim ollmhór airgid curtha ar bhua 2-0. Maíodh go raibh imreoirí ón dá fhoireann tar éis an deis a thapú airgead a dhéanamh. D’éalaigh O’Connell gan phionós ach cuireadh fionraí saoil ar thriúr imreoirí de chuid United agus ceathrar de chuid Liverpool de bharr na conspóide.
READ MORE
Nuair a d’éirigh Patrick as an imirt, bhog sé go dtí an Spáinn. Thosaigh sé le tréimhse ag Racing Club de Santander, áit ar bhuaigh sé cúig theideal réigiúnacha. Bhí sé le Real Oviedo sular bhog sé go Real Betis san Andalúis in 1932 nuair a ceapadh é ina bhainisteoir ar an bhfoireann. Trí bliana níos deireanaí, bhuaigh Real Betis La Liga den chéad uair faoi stiúir ‘Don Patricio’, mar a thug siad air. D’fhág a bhean agus a chlann a saol in Éirinn chun dul in éineacht le Patrick nuair a bhog sé go Sasana ar dtús. Ach aisteach go leor, níor thug sé a bhean ná a gcuid páistí leis nó ní dheachaigh siad go dtí an Spáinn leis.
Trí bliana níos deireanaí, bhuaigh Real Betis La Liga den chéad uair faoi stiúir ‘Don Patricio’, mar a thug siad air.
Bhí clú agus cáil air agus an chéad teideal La Liga buaite ag Real Betis agus thosaigh na clubanna móra ag cur suim ann.
Nuair a chuaigh sé le FC Barcelona in 1935, bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar tí tosú, díreach mar a bhí leis an gCéad Chogadh Domhanda a thosaigh tar éis dó tosú le Manchester United. Chuir an easpa cluichí rialta in 1936 isteach ar Barcelona agus bhuail géarchéim airgeadais an club. Ghlac O’Connell le cuireadh ón bhfear gnó Manuel Mas Serrano taisteal go Meicsiceo agus chuig na Stáit Aontaithe le haghaidh sraith cluichí a raibh luach mór airgeadais ag baint leo. D’íoc an club go daor as an turas, áfach, mar níor fhill ach ceathrar imreoirí ar an Spáinn le O’Connell. Chuaigh an chuid eile ar deoraíocht i Meicsiceo agus sa Fhrainc. Ach tuigtear go bhfuair an club $15,000 as iarrachtaí Patrick, airgead a ghlan fiacha an chlub. Níl dearmad déanta ar ghaisce Uí Chonaill sa Bharsalóin agus tá teach tábhairne Éireannach ainmnithe in ómós dó sa chathair inniu.
D’fhill O’Connell ar Real Betis agus Racing mar bhainisteoir arís agus chaith sé seal le Sevilla freisin. Ach ní raibh an rath céanna air is a bhí sna luathbhlianta leo agus d’fhill sé ar Londain ansin. Tugadh cúnamh stáit dó agus é ina chónaí lena dheartháir. Bhí sé ag streachailt leis an saol gan sacar agus tuigtear go raibh sé ag brath go mór ar alcól agus é ar na sráideanna. Reáchtáil Betis cluiche ómóis dá n-iarbhainisteoir in 1954 chun cabhrú leis lena dheacrachtaí airgeadais ach thit sé i gcruachás. Fuair sé bás den niúmóine in 1959. Cailleadh é agus é 71 bhliain d’aois. Cuireadh i reilig Chaitliceach Naomh Muire ar Bhóthar Kensal i Londain é. Ní raibh a ainm curtha ar leac uaighe agus fágadh mar sin é ar feadh 57 mbliana.
Nuair a bhí Real Betis ag comóradh 75 bliana óna mbua stairiúil, thug an club cuireadh dá gharmhac Michael, agus dá bhean Sue, teacht chun na Spáinne don cheiliúradh. In 2016, rinne an fhondúireacht athchóiriú ar uaigh O’Connell i Sasana agus cuireadh a ainm i gcloch ar a uaigh faoi dheireadh. Is beag Éireannach a d’fhág oidhreacht chomh buan sin i sacar na hEorpa. Tá 90 bliain caite ó bhí Patrick O’Connell i gceannas ar Real Betis ach tá Éireannach eile ar thairseach na staire leis an gclub anois agus Troy Parrott ag cruthú go hiontach ansin i láthair na huaire.
Foclóir:
Ceantar = area
Droim Conrach = Drumcondra
Sraith UEFA na gCuradh = UEFA Champions League
spleodrach = explosive
Cogadh Cathartha = civil war
ag streachailt = struggling














