Cé mhéad uair i gcaitheamh a shaoil a rinne Donald Trump machnamh ar an gceist náisiúnta, Éire aontaithe, go baileach? Uair nó dhó, déarfainn, ar a mhéad. Agus sna cásanna sin, ní bheadh ag dul trína intinn ach smaointe fánacha giodalacha.
Ach ansin, le linn a thurais go dtí an tír seo le déanaí, chaith sé uaidh tuairimí spleodracha faoi pholaitíocht na tíre a tháinig aniar aduaidh ar mhórán chuile dhuine.
Is éard a nocht sé go baileach ná gur chreid sé go diongbháilte in aontacht na hÉireann agus, lena chois sin, gur rud é a tharlódh sa todhchaí, luath nó mall.
Le linn a chéad chruinnithe leis an Uachtarán Catherine Connolly san Áras, dúirt sé amach é dá dheoin féin gan iarraidh. Ní hamháin go ndúirt sé gur bhreá leis dá dtarlódh sé, ach thosaigh sé ag fiafraí di faoin bpobalbhreith teorann atá ar cheann de na geallúintí i gComhaontú Aoine an Chéasta.
READ MORE
Go luath sna sála air sin, bhuail sé le Micheál Martin i dTeach Farmleigh agus, nach ait an rud é an saol, thosaigh sé ag caint faoi arís as a stuaim féin, ag cur ina luí ar an Taoiseach gur chreid sé go paiteanta go bhféadfaí an dá chuid den oileán seo a chur le chéile.
Bhuel, a leithéid de chlampar agus de ruaille buaille a chothaigh sé sin. Ach tiocfaimid ar ais go dtí sin ar ball beag.
Tá scil faoi leith aige ó thaobh na margaíochta agus scaití creidim nach bhfuil a fhios aige féin go bhfuil sé aige…
Caithfear scagadh a dhéanamh ar mheon Trump agus ar a phróiseas intinne. Tá sé deacair a chreidiúint go ndearna sé dianmhachnamh ar an gceist. Caithfidh go raibh comhrá aige le cairde Meiriceánacha nó le comhairleoir a rinne tagairt éigin don phróiseas síochána, nó a dúirt, b’fhéidir, go raibh sé nó sí i bhfabhar na hÉireann aontaithe, mar go ndeireann sciar maith de Mheiriceánaigh arbh as Éirinn a tháinig a sinsir.
Mar sin, b’in é smaoineamh mór an lae sin. Agus roinn sé é le Connolly agus le Martin ar an lá, agus leis na meáin chumarsáide chomh maith. Ceann de na rudaí is ansa le Trump ná an phoiblíocht agus nuair a chonaic sé na ceannlínte agus an méid a chuaigh an scéala i bhfeidhm ar an bpobal, rinne sé athrá air arís agus arís eile.
Bhí an-tionchar go deo ag an scéal ní hamháin in Éirinn ach sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe chomh maith.
Bhí freagra deisbhéalach ag Tom Tugendhat, urlabhraí an Pháirtí Choimeádaigh ar ghnóthaí eachtracha. Dúirt sé: “Bhí a fhios agam gur poblachtánach a bhí ann, ach níor chreid mé gur poblachtánach den chineál sin a bhí ann.”
Ba chosúil go ndearna Rialtas na Breataine iarracht éifeacht na ráiteas a laghdú, ag rá gur faoi mhuintir an Tuaiscirt amháin a dhéanfaí an cinneadh sin.
Bhí Tugendhat ag déanamh an phointe chomh maith go n-athraíonn Trump a phort ó lá go lá. “Bhuel, cloiseann tú rud amháin ó Trump lá amháin, agus ansin cloiseann tú rud eile an lá dár gcionn.”
Chaith an t-urchar seo gach mórcheist eile a bhí le plé sa scáth: na hagóidí ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, an méid a bhí le rá ag Connolly faoi Gaza agus faoin chinedhíothú, an imní a bhí ar Martin go mbeadh drochghiúmar ar Trump. Rinneadh neamhshuim díobh. Bhí aird an phobail meallta go hiomlán ag an téama seo.
Bhí freagairt Shinn Féin suimiúil.
Dhírigh ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald, cuid mhór dá ráiteas faoin gcuairt ar Trump a cháineadh as an tacaíocht a thugann sé d’Iosrael agus don chinedhíothú.
Bhí sí géar go maith ina cuid foclaíochta. Ach ansin bhí sé deacair é sin a réiteach leis an méid a dúirt sé faoi Éirinn aontaithe. Chun a bheith macánta, ba é polasaí Shinn Féin a bhí á leagan amach aige.
Ní raibh an dara rogha ag McDonald ach fáilte a chur roimh an méid a dúirt Trump, agus rinne sí achainí ar an Rialtas an phobalbhreith teorann a reáchtáil gan aon mhoill.
Ní féidir aon srian a chur ar Trump. Athraíonn a phort ó lá go lá agus is minic a deireann sé rud amháin lá amháin agus rud contrártha amach is amach an lá dár gcionn.
Tá scil faoi leith aige ó thaobh na margaíochta agus scaití creidim nach bhfuil a fhios aige féin go bhfuil sé aige, go dtagann sé uaidh go nádúrtha.
An cleas is coitianta aige ná an-ábaltacht chun deireadh a chur le conspóid nó scannal trí smaoineamh nua a chaitheamh amach. Bíonn sé ag brath ar an bpobal a bheith dearmadach agus, go deimhin, níl sé mícheart. Tá sé an-fhurasta sa lá atá inniu ann aird an phobail a bhaint de rud.
Tháinig an méid a dúirt sé salach ar pholasaí a thíre i leith an Tuaiscirt a shíneann siar go huachtaránacht Bill Clinton a thosaigh in Eanáir 1993.
Bhí na huachtaráin go léir, gan eisceacht, comhsheasmhach ina dtacaíocht don phróiseas síochána agus do na prionsabail atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus iad ag léiriú meas ar mhianta thromlach mhuintir Thuaisceart Éireann.
Agus ansin tar éis an ghailf ar an Domhnach sa Dún Beag, bhí iontas beag amháin eile le teacht ón Uachtarán. An nóiméad a bhuaigh Shane Lowry an comórtas gailf, d’fhógair Trump go gcuirfí deireadh leis an taraif deich faoin gcéad ar uisce beatha na hÉireann.
Mar sin, ba chuairt aisteach a bhí inti. Chruthaigh Trump an oiread sin fuadair. In ainneoin na n-amhras atá againn go léir faoi Mheiriceá le linn uachtaránacht Trump le beagnach dhá bhliain anois (an méid atá ar siúl aige leis an gcogadh san Iaráin agus le hIosrael, an saibhriú atá á dhéanamh aige dó féin agus do lucht MAGA), tá an-ábaltacht aige ionadh a chur ar dhaoine agus, ar ndóigh, geit a bhaint astu.
B’fhéidir nach dtaitníonn mórán den mhéid atá déanta ag Trump linn in Éirinn, ach ní féidir linn ligean orainn féin nach bhfuil tábhacht leis mar cheannaire. Tá cumhacht as cuimse aige. Tá sé deacair é a mhíniú nó a thuiscint. Gineann sé féinphoiblíocht ar scála dochreidte. Ní fhaca muid a leithéid ariamh sa tír seo.
Foclóir:
dá dheoin féin = of his own volition
drochghiúmar = bad humour/mood
tacaíocht = support
cinedhíothú = genocide
gan eisceacht = without exception
amhras = doubt













