Reáchtálfar an dara bliain d’Fhéile Sean-Nóis na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chugainn, áit a dtiocfaidh scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí as gach cearn den chontae le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar mheascán de cheol agus damhsa ar an sean-nós.
Cuirfear tús leis an fhéile le ceolchoirm mhór saor in aisce i gClub Áras na nGael Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair. I measc na dtaibheoirí a bheidh le feiceáil ar an ardán an oíche sin beidh Ceoltóirí Óga Cois Fharraige, Domhnall Ó Braonáin, Áighne Ní Chadhain, Rónán Ó Conghaile, Sarah Ghriallais, Máirín Mhic Lochlainn agus Colm agus Róisín Seoighe. Is cinnte go mbeidh craic agus ceol go leor sa phub i ndiaidh na ceolchoirme chomh maith!
Deis mhaith a bheidh sa Chomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine a ghlacfaidh páirt i gcomórtais éagsúla an Oireachtais i mbliana. Beidh an comórtas féin ar bun in Áras na nGael ar an Satharn an 3 Deireadh Fómhair ag 7pm agus beidh saorchead isteach don lucht féachana. Rachaidh an buaiteoir abhaile le Corn Chathair na Gaillimhe agus €250, agus chomh maith leis sin beidh ceithre rannóg eile sa chomórtas agus duaiseanna €150 an ceann ag dul leo. Má tá suim agat féin páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig ofgaillimh@cnag.ie.

Clár nua cleamhnais le teacht go TG4 oíche amárach
READ MORE
Trí chúrsa, trí choinne, ach an mbeidh an grá ar an bhiachlár? Bhuel, feicfidh muid san oíche amárach agus an clár úrnua cleamhnais Aperitíf ag teacht go TG4.
Buailfidh gach rannpháirtí le triúr éagsúil ar choinne chéad aithne i gcaitheamh béile amháin – duine difriúil ag an réamhchúrsa, ag an phríomhchúrsa agus ag an mhilseog. Beidh pearsantachtaí éagsúla, comhráite craiceáilte agus neart cliúsaíochta mar chuid den chlár seo, agus is iad Cúán de Búrca agus Mairéad Ní Chuaig a chuirfidh Aperitíf i láthair.
Dúirt Cúán le Scéal an tseachtain seo go raibh sé “go hálainn mar eispéireas ag breathnú ar dhaoine ag bualadh lena chéile den chéad uair, agus ag déanamh amach an raibh splanc eatarthu nó nach raibh. Bhí sé an-ghreannmhar uaireanta, go háirithe nuair nach raibh daoine ag réiteach go maith lena chéile, ach tá sé an-dearfach mar chlár agus ceapaim go dtabharfaidh sé ardú croí do dhaoine a bheith ag breathnú air.
“Anuas air sin, sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil TG4 ag díriú ar chláracha siamsaíochta mar go léirítear le cláracha cosúil le Aperitíf gur rud spraíúil atá sa teanga agus gur féidir le daoine bualadh lena chéile agus titim i ngrá go hiomlán trí mheán na Gaeilge!”
Beidh Aperitíf ag tosú oíche amárach an 23 Meán Fómhair, ag 21:30 ar TG4.

Coinnle sómasacha seascaire ó La Bougie
Ní shílim go gcuireann rud ar bith leis an atmaisféar i seomra deas cluthar cosúil le solas coinnle, le linn an fhómhair ach go háirithe. Tá rud éigin speisialta faoi theacht abhaile ag deireadh an lae, na cuirtíní a tharraingt agus coinneal dheas a lasadh sa seomra suí.
Is breá liom go líontar an spás le boladh álainn agus is é ‘Mission Fig’ le La Bougie an boladh is ansa liomsa na laethanta seo. Tá táirgí La Bougie thar a bheith sómasach ach sílim féin gur fiú go mór iad má tá tú ag iarraidh atmaisféar suaimhneach agus seascair a chruthú sa teach. Bheadh cuma ghalánta ar choinneal La Bougie ar bhord íseal sa seomra suí nó ar bhord beag cois leapa, agus dar liom féin, níl a sárú le fáil ó thaobh bolaidh de!
Tá coinneal Mission Fig (€33) agus táirgí eile La Bougie ar fáil le ceannach ag www.labougie.com.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Clare Sands
Is ceoltóir, cumadóir agus ilionstraimí í Clare Sands a rugadh agus a tógadh i gCorcaigh. Tá sí lonnaithe i mBéal Feirste le tamall anuas agus oibríonn sí le ceoltóirí eile go rialta chun uirlisí traidisiúnta na hÉireann a nascadh le fuaimeanna comhaimseartha agus liricí macánta.
Eiseofar a halbam nua ‘They Tried to Bury Us’ an mhí seo chugainn, albam atá fréamhaithe go mór i dtuaisceart na hÉireann agus a thugann cumhacht “don dúlra, do dhaoine nach bhfuil guth acu agus do ghnéithe den chultúr atá faoi bhagairt”.
Is breá liom an teidealrian dátheangach ar an albam seo, amhrán cumhachtach a fhaigheann inspioráid ón amhrán Éireannach ‘Óró, sé do bheatha ‘bhaile’ agus saothar triúr filí Palaistíneacha Refaat Alareer, Mohammed el-Kurd agus Rafeef Ziadah. Dúirt Sands í féin gur amhrán “lán dóchais agus nirt” atá ann, agus tá mé ag súil go mór leis an spreagadh a gheobhaidh an lucht éisteachta ó na hamhráin eile ar an albam a thiocfaidh amach an 9 Deireadh Fómhair.
Téigh chuig claresands.com le tuilleadh eolais a fháil.








