An bhfuil an léarscáil daite de logainmneacha na hÉireann a foilsíodh sa nuachtán seo le déanaí crochta cheana féin i seomraí scoile, cistineacha agus oifigí fud fad na tíre? Tá sé réasúnta a cheapadh go bhfuil - tá sí le feiceáil ar dhá bhalla scoile sa pharóiste gan trácht ar an gcuisneoir sa bhaile againn-ne. Is cinnte go bhfuil dúil chraosach ag an bpobal ina leithéid.
Tá sé léirithe cheana ag muintir chontae Phort Láirge go bhfuil suim ar leith acu sa ghné seo dár gcultúr Gaelach agus dár ndúchas: ag imeacht a d’eagraigh Dún Garbhán le Gaeilge le déanaí, bhailigh breis agus 30 duine do cheardlann logainmneacha i Leabharlann Dhún Garbhán, í faoi stiúir an údair Liam Suipéil.

Tá coiste logainmneacha Chomhairle Cathrach agus Chontae Phort Láirge ag feidhmiú go díograiseach ó bhí 2002 ann, na baill ag bailiú go rialta le bunaitheoir an choiste, oifigeach Gaeilge na comhairle, Máire Seó Breathnach. Is iad na haidhmeanna atá acu ná ainmneacha oiriúnacha Gaeilge amháin nó dátheangacha a mholadh d’fhorbairtí tithíochta údaráis áitiúla; oibriú i ról chomhairleach le forbróirí príobháideacha chun ainmneacha cuí a mholadh le haghaidh tithíochta agus forbairtí eile; cinntiú go bhfuil na logainmneacha Gaeilge agus Béarla i gcomharthaí bóithre na n-údarás áitiúil cruinn, agus seirbhís aistriúcháin saor in aisce a thairiscint do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo comharthaí Gaeilge a chur suas. Agus déantar a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha Phort Láirge léirithe agus oiriúnach in ainmneacha eastáit.
Níos faide siar ag tús an chéid seo caite, léirigh muintir an chontae an tsuim céanna i gcúrsaí logainmneacha nuair a foilsíodh an leabhar tábhachtach Log-ainmneacha na nDéise: The placenames of the Decies. Sa bhliain 1907 a foilsíodh an chéad eagrán ach beagnach caoga bliain ina dhiaidh sin - 1952, ní raibh an t-éileamh ag laghdú agus cuireadh cló ar an dara heagrán. Bhí an t-údar, an Canónach Pádraig de Paor, imithe ar shlí na fírinne faoin tráth sin, ach bhí timpeall 1,830 baile fearainn agus isteach is amach le 3,000 mionainm bailithe agus pléite sa leabhar aige, mar a mhaígh an Dr Pádraig Ó Cearbaill, údar agus taighdeoir logainmneacha, i léacht a thug sé mar chuid d’ócáid chomórtha an Chanónaigh Phádraig de Paor, i bPort Láirge sa bhliain 2012.
READ MORE
Tá sé léirithe cheana ag muintir chontae Phort Láirge go bhfuil suim ar leith acu sa ghné seo dár gcultúr Gaelach agus dár ndúchas: ag imeacht a d’eagraigh Dún Garbhán le Gaeilge le déanaí, bhailigh breis agus 30 duine do cheardlann logainmneacha i Leabharlann Dhún Garbhán
“Obair nua thionscantach ba ea an saothar ollmhór seo,” a deir Ó Cearbhaill. “Ceannródaí agus saothraí dúthrachtach ba ea an Paorach i ngort na logainmneacha...D’éirigh leis, thar aon ní eile, a lán logainmneacha a chur ar lámh shábhála a bheadh caillte murach é.” Agus, a mheabhraigh sé, “níor tháinig an chéad leabhar eile amach in Éirinn a bhí cosúil leis ó thaobh scóipe de go dtí 1939. B’shin Triocha-Céad Chorca Dhuibhne leis an Seabhac inar cíoradh logainmneacha bharúntacht Chorca Dhuibhne.”
I gCeallachán ar imeall chathair Phort Láirge, i bparóiste Bhaile Gunnair, a rugadh an staraí mór seo, Pádraig de Paor. Oirníodh ina shagart é in 1885. Chaith sé trí bliana i Learpholl agus ansin, toisc an eitinn a bheith ag bagairt air, cuireadh amach go dtí an Astráil é. Chaith sé seacht mbliana in New South Wales, áit inar chuir sé aithne ar chine dúchasach na tíre agus ar a gcultúr. Deirtear gurb é seo a mhúscail a shuim sa tseandálaíocht.
Lean a chuid dualgas eaglasta nuair a d’fhill sé ar Phort Láirge. In 1904 ceapadh é ina shéiplíneach i gClochar an Tréadaí Mhaith agus i gColáiste De La Salle agus faoi 1908 bhí sé ina churáideach i bPort Lách. Ó 1910 ar aghaidh bhíodh sé ag léachtóireacht ar an tseandálaíocht Cheilteach i gColáiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad. Ó 1915 go 1934 bhí sé ina léachtóir agus ansin ina Ollamh le Seandálaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Agus é i mbun taighde, mar a mheabhraítear dúinn in ainm.ie. “deirtear gur shiúil nó gur rothaigh sé trí gach orlach de Phort Láirge agus é i mbun an tsaothair sin agus go ndearna sé a shláinte agus radharc na súl féin a íobairt agus é i mbun an dara heagrán a ullmhú”.
I réamhrá a leabhair ársa, gabhann sé buíochas le ‘the seanchaís of Decies, those ancient men of beautiful minds whom I met and talked with on the roadsides or in the fields, by the turf fire on winter evenings or along the cliffs and up the Comeragh slopes on Sundays in summer. Many a difficulty their fine intelligence solved, many a quest their kindly and childlike interest helped’.
Go háirithe i nGaeltacht na nDéise, ag pointí áirithe spreagadh suim an phobail i dtábhacht agus luach na logainmneacha – d’fhoilsigh Brainse na Logainmneacha den tSuirbhéireacht Ordanáis an leabhar Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co. Phort Láirge, cnuasach ó obair pháirce, sa bhliain 1975. Tá logainmneacha thart ar mhíle páirc ar fáil anseo, foilseachán atá roinnte de réir bailte fearainn – san iomlán tá dhá bhaile fearainn is fiche clúdaithe sa chnuasach seo. In éineacht leis seo, tá liostaí ar leith ann ag an deireadh d’ainmneacha a bhaineann le cósta an pharóiste, d’ainmneacha a bhaineann le cuan Dhún Gharbhán agus d’ainmneacha a bhaineann leis an bhfarraige mhór.
Chuir sé gliondar croí ar an scríbhneoir seo coimisiún a fháil dhá bhliain ó shin le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge chun dán a chumadh a bheadh ina cheiliúradh ar logainmneacha an chontae. Fuair RoseAnn Foley, mo dheirfiúr, coimisiún chun scannán tionlacain a dhéanamh dó. Féach Ceol na gCloch ar shuíomh deiselogainm.ie.
“Is ait an rud é ach cuireann duine aithne nua ar áit nuair a dhéanann sé staidéar ar logainmneacha na háite sin,” a scríobhann Isobel Ní Riain, léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus í ag cur síos, in iris áitiúil, ar Mhóin Otraigh, atá in iarthar chontae Phort Láirge. “Gan amhras is rud suibiachtúil an logainmníocht agus is minic a bhíonn cuimhní cinn daoine ag teacht trasna ar a chéile. Ní locht é seo ar an disciplín ach cuireann sé le saibhreas ár n-eolais ar áiteanna.”
Foclóir:
léarscáil daite = coloured map
cuisneoir = refrigerator
dár ndúchas = of our heritage
dúil chraosach = avid appetite
aidhmeanna = aims
eitinn = tuberculosis
seandálaíocht = archeology
oirníodh = ordained
Suibiachtúil = subjective












