Tá lucht camógaíochta na tíre dírithe anois ar chluiche ceannais Roinn 1A den tSraith Náisiúnta idir Gaillimh agus Port Láirge. Dhá fhoireann iad seo a bhfuil traidisiún láidir acu agus iad ag cruthú go maith arís go dtí seo i mbliana.
Cé go bhfuil Gaillimh níos rathúla go stairiúil, tá Port Láirge ag teacht chun cinn go láidir le blianta beaga anuas. Tá an cluiche ceannais seo suntasach mar go léiríonn sé dul chun cinn agus comhsheasmhacht an dá chontae i gcúrsaí camógaíochta.
Bhí feachtas láidir ag Gaillimh sa sraith i mbliana, cé nach raibh an tús ab fhearr acu. Tháinig feabhas orthu de réir a chéile agus bhuaigh siad cluichí tábhachtacha i gcoinne foirne láidre inar léirigh siad a gcumas scórála. Ba é bua cinniúnach na Gaillimhe ar Chorcaigh a chinntigh a n-áit sa chluiche ceannais. Sa chluiche sin, bhuaigh siad 0-18 go 1-9, le Carrie Dolan i mbarr a réime agus imreoirí eile cosúil le Niamh McPeake ag cur go mór leis an scóráil. Léirigh an cluiche sin cothromaíocht na foirne idir taithí agus fhuinneamh.
Ar ndóigh, tá níos mó taithí ag Gaillimh i gcluichí móra agus rith an ráis leo le cúpla bliain anuas. Tá imreoirí ardchaighdeáin acu agus córas láidir forbartha. Ar an lámh eile, tá Port Láirge ag forbairt le tamall de bhlianta agus níl aon fhaitíos orthu
Ar an taobh eile, bhí feachtas an-dearfach ag Port Láirge. Tá an cluiche ceannais sroichte acu den chéad uair riamh sa tsraith seo, rud a léiríonn dul chun cinn ollmhór sa chontae. Bhí bua mór acu ar Chill Chainnigh, cluiche inar scóráil Beth Carton dhá chúl ríthábhachtacha chun an bua a bhaint amach . Bhain Port Láirge stair amach anuraidh i bhfeachtas na Craoibhe nuair a d’éirigh leo an bua a fháil, den chéad uair riamh, in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin. D’aimsigh Niamh Rockett naoi gcúilín agus fuair Beth Carton ceithre chúilín. Lean Port Láirge leis an nós buacach nuair a bhuail an dá fhoireann in aghaidh a chéile arís ar an 15 Márta 2026. Tháinig cúig chúilín ó Niamh Rockett agus ba í Beth Carton a d’aimsigh dhá chúl do mná na nDéise in aghaidh Chill Chainnigh lena n-áit a chinntiú i gcluiche ceannais Roinn 1A. Bhí siad comhsheasmhach le linn na sraithe, agus bhain siad barr an tábla amach ag pointe amháin tar éis bua láidir ar Aontroim. Cé gur chaill siad cluiche amháin i ndeireadh an fheachtais, bhí a n-áit sa chluiche ceannais daingnithe acu cheana féin.
READ MORE
Rinne bainisteoir Phort Láirge, Michael Boland, neart athruithe ar an bhfoireann agus tugadh scíth do go leor imreoirí. 3-21 in aghaidh 1-8 an scór deiridh a bhí ann. Níorbh ansin ach an dara bua sa tsraith ag Tiobraid Árann. D’fhág bua Thiobraid Árann sin go raibh ar Aontroim an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh lena n-áit a chinntiú i Roinn 1A. In ainneoin scór tábhachtach, leis an gcúl a tháinig ó Cliona Griffin tar éis 53 nóiméad, níor éirigh le hAontroim an lámh in uachtar a fháil agus bhí bua naoi gcúilín ag Cill Chainnigh.

Caithfear a rá go raibh sár-choimhlint i bPáirc Uí Chionnaith i nGaillimh nuair a d’imir curaithe na Craoibhe in aghaidh a gcéile comhraic i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Bhí an chéad dá chluiche sraithe caillte ag an dá fhoireann. Chuir Carrie Dolan tús leis an scóráil le trí chúilín luath sa chéad leath. D’fhreagair Orlaith Cahlane le péire agus bhí tréimhse dea-imeartha ó Chorcaigh. Nuair a séideadh an fheadóg ag leath ama, bhí na foirne gob ar ghob. Ach bhí mná an iarthair róláidir do Chorcaigh agus chuir siad ríméad ar lucht tacaíochta na Gaillimhe le bua cuimsitheach sa deireadh.
Tá Gaillimh ar cheann de na foirne is rathúla sa chamógaíocht le tamall de bhlianta. Tá roinnt teideal sraithe buaite acu, lena n-áirítear buaiteoirí Roinn 1 in 2022 agus 2023 . Sa chraobh, tá cúig cinn de theidil uile-Éireann acu anois, agus an ceann is déanaí bainte amach acu in 2025 nuair a bhuaigh siad cluiche ceannaisna hÉireann le pointe amháin. Cé nár éirigh leo an bua a fháil sna cluichí ceannais in 2008, 2010, 2011, 2015, 2020, 2024, bhuaigh Gaillimh in 2013, 2019, 2021 agus 2025. Tá siad anois ar cheann de na foirne is láidre sa tír. Ní raibh an rath céanna ag Port Láirge go stairiúil, ach tá dul chun cinn suntasach déanta acusan le blianta beaga anuas. Is céim mhór chun cinn í dóibh go mbeidh siad i gcluiche ceannais na sraithe. Sa chraobh uile-Éireann, shroich Port Láirge an cluiche ceannais in 2023 – a gcéad uair ó bhí 1945 ann. Cé nár éirigh leo an bua a fháil, chruthaigh siad go raibh siad in ann dul san iomaíocht leis na foirne is fearr.
Ar ndóigh, tá níos mó taithí ag Gaillimh i gcluichí móra agus rith an ráis leo le cúpla bliain anuas. Tá imreoirí ardchaighdeáin acu agus córas láidir forbartha. Ar an lámh eile, tá Port Láirge ag forbairt le tamall de bhlianta agus níl aon fhaitíos orthu. Is féidir a rá go seasfaidh taithí na Gaillimhe i gcluichí ceannais leo, ach ní féidir Port Láirge a mheas faoina luach, go háirithe tar éis a gcuid taispeántas sa tsraith i mbliana.
Imreofar cluiche ceannais camógaíochta Roinn 1A na sraithe Dé Domhnaigh. Tá Gaillimh ag iarraidh leanúint lena rath agus teideal eile a thabhairt abhaile leo. Ar an lámh eile de, tá Port Láirge ar thairseach na staire agus iad ag iarraidh a gcéad teideal sraithe a bhuachan. Beidh sé ina chath idir taithí agus uaillmhian, idir traidisiún agus dul chun cinn. Pé toradh a bheidh ann, is cinnte go mbeidh an cluiche seo ar cheann de na buaicphointí sa séasúr camógaíochta.
I mí Feabhra 2024 a beartaíodh Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta a chónascadh faoin mbliain 2027. Tá tuilleadh plé le déanamh ar airgead, áiseanna agus acmhainní a roinnt le súil an cónascadh a chur i gcrích. Tá forbairt eile tagtha ar an gcamógaíocht le déanaí le toghadh Ailish Whitty mar Uachtarán tofa ar an gCumann Camógaíochta. Toghadh Ailish ag an gcomhdháil bhliantúil ag deireadh mhí an Mhárta. Tá taithí fhairsing aici sa chluiche mar imreoir, cóitseálaí agus riarthóir, agus tá baint aici le Cumann Camógaíochta le breis agus 25 bliain . Is céim mhór chun cinn í a ceapachán, agus táthar ag súil leis go mbeidh tionchar dearfach aici ar fhorbairt na camógaíochta ar fud na tíre.
Foclóir:
dírithe = focused
níos rathúla = more succesful
comhsheasmhacht = equal standing
anuraidh = last year
cluiche ceannais = final match
cónascadh = amalgamation












