Bígí ag Léamh, bígí ag scríobh!

Cuireann an túdar clúiteach Áine Ní Ghlinn comhairle ar dhaoine óga agus pléann sí cúrsaí litríochta sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann

Áine Ní Ghlinn: Rud eile a thugann an-dóchas domsa ná an spéis atá ag an Uachtarán Catherine Connolly sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Grianghraph: Nick Bradshaw
Áine Ní Ghlinn: Rud eile a thugann an-dóchas domsa ná an spéis atá ag an Uachtarán Catherine Connolly sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Grianghraph: Nick Bradshaw

“Rud atá ana-spéisiúil dár liomsa ná go bhfuil taighde eolaíoch déanta i Sasana maidir le tuismitheoirí a bheith ag léamh os ard do bhabaithe ana-óg agus de réir dealraimh, is féidir tionchar na léitheoireachta sin ar intinn an bhabaí a fheiceáil ar scáileán sna tástálacha a bhí ar bun.”

“An chéad rud a déarfainn le daoine ná a bheith ag léamh, agus ag léamh, agus ag léamh agus ansin tabhairt faoin scríbhneoireacht. Agus mholfainn do dhaoine óga triail a bhaint as dán, nó scéal nó greannán agus é a chur isteach ar an Oireachtas. Níl a leithead de rud ann agus ‘teip’ sa chás seo.”

Tugann an t-údar clúiteach Áine Ní Ghlinn comhairle do dhaoine óga a bhfuil suim ar leith acu sa scríbhneoireacht ach nach bhfuil mórán taithí nó muiníne acu b’fhéidir.

Faoi láthair, tá an tOireachtas ag glacadh le hiarratais dá gComórtais Liteartha. I mbliana, tá ós cionn 31 chomórtas liteartha dhifriúil á reáchtáil ag an bhféile atá dírithe ar scríbhneoirí fásta agus óga araon.

Sna leabhráin sin tá moltaí iontacha maidir leis na leabhair is déanaí atá ar fáil do dhaoine óga agus sin áit ana-mhaith le tosnú.

Tá na comórtais seo mar chuid lárnach d’obair an Oireachtais ó bunaíodh an fhéile in 1897 agus dar le hÁine – scríbhneoir a bhfuil os cionn 40 leabhar foilsithe aici – tugann siad deis fhoirfe do dhaoine óga tús a chur lena n-aistir scríbhneoireachta.

Deir sí, “Is iomaí dán nó scéal atá scríofa agamsa atá caite sa bhosca bruscar, rudaí nach gcuirfinn chuig foilsitheoir agus rudaí nárbh fhiú a fhoilsiú. Ach le breis oibre ar an mbun-smaoineamh, b’fhéidir go dtiocfadh rud éigin fiúntach as agus go dtiocfadh dán ceart nó leabhar nó scéal as ar deireadh.”

“Mar sin níl aon rud le cailliúint as triail a bhaint as agus bheinn ag rá le daoine tosnú le rudaí simplí, rudaí gearra agus tógáil ar sin céim ar chéim.”

Deir Áine freisin go bhfuil fiúntas áirithe ag baint leis na comórtais seo mar go dtugann sé sprioc ar leith do scríbhneoirí agus go gcinntíonn siad go mbíonn saothair litríochta á scríobh i nGaeilge gach bliain.

Deir sí, “Tugann siad spreagadh do scríbhneoirí do gach aois dul i mbun pinn agus triail a bhaint as rud éigin a scríobh.”

“Is iontach an spreagadh iad na comórtais seo a bheith ann le go mbeidh buan-saothair Gaeilge a chur ar fáil an t-am ar fad, mar go leor de na scríbhinní a bhuann duaiseanna, b’fhéidir go mbeadh tuilleadh oibre le déanamh orthu ach is minic a fhoilsítear iad ina dhiaidh sin agus bíonn tionchar ana-mhór aige sin ar staid na litríochta Gaeilge.”

Ina theannta sin, síleann Áine go gcuidíonn an tOireachtas go mór le scríbhneoirí aithne a chur ar a chéile agus pobal ar leith a chothú – rud a thugann deis dóibh inspioráid agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.

Deir an t-údar, “Nuair a thosaigh mise amach, ní raibh tuairim agam go raibh comórtais an Oireachtais ann, ní raibh aon eolas agam faoi sin. Bhí mé ag scríobh cineál i ndomhan beag de mo chuid féin, níor thuigeas go raibh mórán daoine eile ag scríobh go dtí go ndeachaigh mé ag an ollscoil.”

An Cláirseoir le Diarmuid Johnson - bhain an t-údar an chéad áit amach sa rannóg 'Úrscéal - Ficsean Liteartha' - anuraidh.
An Cláirseoir le Diarmuid Johnson - bhain an t-údar an chéad áit amach sa rannóg 'Úrscéal - Ficsean Liteartha' - anuraidh.

“Táimse ag scríobh ó bhíos an-óg ar fad. Bhínnse i gcónaí ag cumadh dánta agus scéalta i mo chloigeann agus i mo shamhlaíocht. Ansin nuair a bhíos i mo dhéagóir, thosaigh mé ar na dánta a bhreacadh síos. Nuair a bhí mé san ollscoil, thosaigh mé ar dhánta a fhoilsiú in irisí ollscoile agus roinnt scéalta freisin”

“Chuir mé aithne ar scríbhneoirí eile san ollscoil, chothaigh agus chruthaigh sé sin pobal scríbhneoireachta domsa ar bhealach, rud a thug an-spreagadh. Bhí an pobal scríbhneoireachta agus an tacaíocht sin ana-thábhachtach.”

Ar ndóigh, tá athrú tar éis teacht ar na nósanna a bhaineann leis an léitheoireacht sa lá atá inniu ann de bharr tionchar na teicneolaíochta ach in ainneoin seo, tá dóchas ar Áine fós faoi thodhcaí na litríochta mar feiceann sí go mbeidh fiúntas ag baint leis go brách.

“Tá cinnte, tá athrú tagtha ar an gcineál léitheoireachta a dhéanann daoine. Baineann sé seo le gach teanga, ní bhaineann sé leis an nGaeilge amháin. Bíonn daoine de gach aois gafa leis an bhfón póca agus leis an teicneolaíocht, ach tá pobal léitheoireachta fós ann.”

“Ní bheadh pobal léitheoireachta na Gaeilge chomh mór le pobal léitheoireachta an Bhéarla, ar ndóigh, ach is pobal an-dílis é pobal na Gaeilge. Agus cinnte bíonn éileamh fós ar na leabhair mar tá rud éigin an-speisialta ag baint leis an léitheoireacht, tá fiúntas ar leith ag baint leis.”

Bhuaigh Sorcha de Brún an chéad áit sa chatagóir 'Saothar Próis' anuraidh dá saothar An Chruinne Fhireann: Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin, Joe Steve Ó Neachtain agus Fireannachtaí na Gaeilge.
Bhuaigh Sorcha de Brún an chéad áit sa chatagóir 'Saothar Próis' anuraidh dá saothar An Chruinne Fhireann: Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin, Joe Steve Ó Neachtain agus Fireannachtaí na Gaeilge.

“Má chuardaíonn duine buntáistí na léitheoireachta, feicfidh siad gach rud ó laghdú brú fola go feabhas a chur ar do shamhlaíocht, feabhas a chur ar chomhbhá le daoine eile, feabhas a chur ar do thuiscint ar chúrsaí an tsaoil.”

“Rud atá ana-spéisiúil dár liomsa ná go bhfuil taighde eolaíoch déanta i Sasana maidir le tuismitheoirí a bheith ag léamh os ard do bhabaithe ana-óg agus de réir dealraimh, is féidir tionchar na léitheoireachta sin ar intinn an bhabaí a fheiceáil ar scáileán sna tástálacha a bhí ar bun.”

“Bíonn sioncrónú le feiceáil idir inchinn an linbh agus inchinn na máthar sna tástálacha seo agus sílim go léiríonn sé sin an tionchar a bhíonn ag an léitheoireacht ós ard ar pháistí ana-óg.”

Síleann Áine go bhfuil sé ríthábhachtach gur féidir le gach léitheoir ceangal a dhéanamh idir a saol féin agus ábhar léitheoireachta ar leith, agus mar sin tá tuilleadh éagsúlachta ag teastáil sa litríocht chun daoine óga a spreagadh.Deir an t-údar, “An dúshlán is mó a fheicimse ná go gcaithfear a chinntiú go bhfeiceann agus go n-aithníonn gach páiste é féin nó í féin i leabhar. Ní haon mhaith a bheith ag scríobh mar a scríobh daoine fadó faoi dhaoine geala gan éagsúlacht ag baint leo.”

Áine Ní Ghlinn: “Má chuardaíonn duine buntáistí na léitheoireachta, feicfidh siad gach rud ó laghdú brú fola go feabhas a chur ar do shamhlaíocht, feabhas a chur ar chomhbhá le daoine eile, feabhas a chur ar do thuiscint ar chúrsaí an tsaoil.”
Áine Ní Ghlinn: “Má chuardaíonn duine buntáistí na léitheoireachta, feicfidh siad gach rud ó laghdú brú fola go feabhas a chur ar do shamhlaíocht, feabhas a chur ar chomhbhá le daoine eile, feabhas a chur ar do thuiscint ar chúrsaí an tsaoil.”

“Caithfear é sin é a leathnú amach agus tá sé de cheart ag gach páiste é féin nó í féin a fheiscint i leabhair.”

Ar an iomlán, tá Áine thar a dearfach faoi staid na litríochta Gaeilge faoi láthair agus síleann sí go dtugann an spéis atá ann don teanga sa mórchultúr tacaíocht ar leith do litríocht na teanga.

Deir sí, “Rud eile a thugann an-dóchas domsa ná an spéis atá ag an Uachtarán Catherine Connolly sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Tugann sé seo spreagadh ar leith do dhaoine de gach aois an teanga a úsáid agus ár ndóigh, cuid de sin ná a bheith ag léamh.”

“Cúis dóchais eile ar ndóigh, ná an scannán “An Cailín Ciúin” agus an méid atá déanta ag Kneecap. Agus aon rud a spreagann spéis sa teanga, spreagfaidh sé spéis sa litríocht, mar sin níl imní ormsa.”

Deir Áine go bhfuil tacaíocht ón mórphobal ag teastáil chun an litríocht agus an léitheoirí a spreagadh i measc an chéad ghlúin eile.

Deir sí, “Impím ar thuismitheoirí, ar ghar-thuismitheoirí ,ar aintíní agus uncailí dul amach agus leabhar Gaeilge amháin a cheannach do pháiste. D’fhéadfaidís féachaint ar na leabhrán atá curtha amach ag ‘Love Leabhar Gaeilge’ agus CBI [Leabhair Pháistí Éireann].”

Foclóir:

ana-spéisiúil = very interesting;

babaithe ana-óg = very young babies

caite sa bhosca bruscar = thrown into the bin

samhlaíocht = imagination

comhbhá = equality

pobal an-dílis = very loyal community

nósanna = habits

sioncrónú = synchronization