Ní fada uainn anois laethanta geala an tsamhraidh agus beidh sluaite ag tarraingt ar cheantar Ard Mhacha Theas an deireadh seachtaine seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile na Bealtaine.
Is iomaí piseog agus traidisiún a bhaineann le tús an tsamhraidh Ghaelaigh. Lastar tinte móra timpeall na tíre agus go traidisiúnta is í Féile na Bealtaine an chéad deis a bhíodh ag pobail tuaithe teacht le chéile i ndiaidh mhíonna fada an gheimhridh. Seasann na tinte do na laethanta geala atá os ár gcomhair amach agus deirtear go bhfuil leigheas agus cosaint ag baint leis an deatach.
Tá clár ceiliúrtha den scoth curtha le chéile ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas, ceantar a bhfuil traidisiún láidir Gaelach agus saibhreas ceoil ag baint leis. Tiocfaidh scoth na gceoltóirí le chéile Lá Bealtaine le tús a chur leis an fhéile agus beidh cuid de na daoine is clúití sa cheol Gaelach le feiceáil ar stáitse – Tiarnán Ó Duinchinn, Martin Quinn, Bláithín Mhic Cána agus Lauren Ní Néill.
Lá lán scéalaíochta agus ceoil atá beartaithe Dé Sathairn i gcuideachta Úna Walsh agus na Armagh Rhymers. Roinnfidh siad scéalta agus nósanna a bhaineann le féile ársa na hÉireann chomh maith le ceol agus filíocht chun brí na féile a thabhairt chun beatha.
READ MORE
Beidh seisiún ióga séimh agus suaimhneach le Róisín Uí Choinn ó Bláthú Ióga maidin Dé Sathairn fosta ina gcruthófar spás le fáilte a chur roimh fhuinneamh luath an tsamhraidh trí obair anála, gluaiseachta agus traidisiúin leighis.
Is in Bluebell Lane sa Mhullach Bán a bheidh Féile na Bealtaine ag titim amach Dé hAoine agus Dé Sathairn seo. Níl ach méid teoranta áiteanna fágtha, mar sin téigh chuig ardmhachatheas.com le do thicéad a chur in áirithe.

‘Saibhreas an tSamhraidh’ le Susan Feirtéar
Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi bhláthanna, plandaí agus torthaí fiáine na Bealtaine? Beidh caint agus cur i láthair ag Susan Feirtéar i gCaifé Flower Power i gcroílár Thrá Lí Dé hAoine seo chugainn maidir le conas cuid de na plandaí samhraidh is coitianta a aithint agus a úsáid sa chistin.
B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh snas a chur ar do chuid scileanna cócaireachta, nasc a dhéanamh leis an dúlra nó giota beag Gaeilge a labhairt le daoine eile i do cheantar. Costas €5 a bheidh ar an taispeántas seo ach beidh tae/caife san áireamh agus blaiseadh beag de na féiríní deasa bia a dhéanfar le linn an tseisiúin.
Is féidir clárú don imeacht seo trí theagmháil a dhéanamh le cnag.trali@gmail.com. Beidh sé ar siúl idir 7.30pm-9pm, Dé hAoine 8 Bealtaine 2026.

As a ceann a bhlítear an bhó – bíodh go leor uisce agat!
Dá mhéad uisce a ólann muid, is amhlaidh is mó buntáistí a mhothaíonn muid go fisiciúil. Anois agus an teocht ag ardú de réir a chéile, bíonn muid ag bogadh níos mó, ag caitheamh níos mó ama taobh amuigh, agus bíonn cuid againn ag ól níos mó agus níos minice fosta.
Tá sé iontach tábhachtach uisce a ól le dul i ngleic leis an díhiodráitiú agus le teocht an choirp a rialú. Cuidíonn sé go mór mór leis an chraiceann a choinneáil bog agus solúbtha fosta, go háirithe más duine thú a bhíonn do do bhearradh féin sa samhradh.
Is féidir linn níos mó uisce a thabhairt isteach san aiste bia trí thorthaí agus glasraí cosúil le mealbhacán uisce, sútha talún agus spionáiste a ithe.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Justin Cassidy
Is i nGleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair a d’fhreastail mé ar mo chéad imeacht de chuid GaelGáirí an mhí seo caite. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí romham i ndáiríre ach cúpla pionta agus craic le cairde, ach nach iontach an oíche a bhí againn sa deireadh!
Tháinig an fuirseoir Justin Cassidy amach ar an ardán le hamscaíocht nach raibh duine ar bith sa seomra ag súil léi. Tá greann sách tirim agus fuarchúiseach ag an fhear seo, ach d’aithin mé go gasta go raibh scil ar leith aige leis an lucht féachana agus go raibh sé ábalta an scaifte a bhí os a chomhair a láimhseáil go furasta. Bhí an-teacht i láthair ann ar an ardán, agus chloígh sé leis an amscaíocht ó thús deiridh in ainneoin an mhíchompoird in amanna. Cé nach ndearna Justin gáire le linn an tseit, bhí gach duine eile sa seomra ag pléascadh amach ag gáire roimh i bhfad agus sheas seit Justin amach mar cheann de bhuaicphointí na hoíche.
Beidh Justin ag tabhairt faoin Fhéile ar an Imeall i nDún Éideann i mbliana agus beidh sé le feiceáil go laethúil idir 6-30 Lúnasa sa Home Bar i gcroílár na cathrach. Chomh maith leis sin, beidh sé ar an ardán le GaelGáirí ag Féile Ealaíne in Ollscoil Mhá Nuad Dé hAoine 8 Bealtaine. Tapaigh an deis!











