Ba chóir don amhránaí atá tumtha sa cheol a bheith ábalta dul isteach san amhrán, údar an amhráin a bheith leis ina chroí, agus an fonn a lúbadh i gcórráit leis an scéal a insint mar is ceart.
Sin a deir Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, an t-amhránaí, ceoltóir agus cócaire cáiliúil as Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill
Ba mhinic Ó Domhnaill san iomaíocht ag Oireachtas na Gaeilge, áit ar bhain sé go leor gradam, ach le blianta beaga anuas feictear é ina shuí siar ag éisteacht leis na hamhránaithe ó thábla na moltóireachta.
“Beidh a fhios agat a luaithe a osclaíonn duine a bhéal an té atá tuartha le hamhrán agus an té nach bhfuil. Caithfear an t‑amhrán a dhul i bhfostú iontu. Anois, cluinfidh tú sin ráite go minic, ach uaireanta ní thuigeann daoine caidé atá i gceist agat. Nuair atá tú ag foghlaim amhráin, foghlaimíonn tú an fonn agus na focla, ach de réir mar atá tú ag foghlaim an amhráin beidh scéal an amhráin leat fosta.
READ MORE
“Agus aithneoidh tú an té atá ag inseacht scéal an amhráin agus an té a bhfuil na cleasannaí beaga acu, cleasannaí ceoil. Tá siad ábalta an ceol a lúbadh - cuid acu i ngan fhios díofa féin. Níl san fhonn ach bealach le cuidiú leo an scéal a chur trasna. Braitheann sé ar d’intinn fosta, go dtig leat dul isteach san amhrán agus údar an amhráin a bheith leat agus go leor amhrán a bheith ceolta agat ionas go mbeidh tú ábalta a lúbadh agus cleasanna beaga a chur isteach ann,” a dúirt sé.D’fhorbair cluas na hamhránaíochta i mBrian agus gan é ach ina fhear óg de bharr go raibh sé ag bailiú amhrán, scéalta agus ceoil ó na seandaoine ina cheantar dúchais. Nós a bhí ann sin a bhí a chleachtadh ag an am ag muintir na n-amhrán, a dúirt sé.
Síleann sé gur cuireadh síol beag ann ag an am agus gur fhás sé leis thar na blianta: “B’fhéidir gur thuig mé ag an am sin go raibh sé tábhachtach agus sin an tábhacht a d’fhan liomsa i rith mo shaoil, fán chultúr agus fán dúchas agus gach a mbaineann leis.”
Dúirt sé gur cuimhin leis a bheith ag ceol do sheandaoine a raibh na hamhráin ar mbarr a ngoib acu agus dá rachfá in aimhréidh nach raibh siad mall á inseacht duit.
Bhí teach tábhairne ag a mhuintir in Anagaire agus é buailte béal dorais le coláiste Gaeilge a bhí faoi stiúir a aintín Bridie Minnie Ó Domhnaill agus a fear céile George McClelland.
Bhí do leagan féin bunaithe ar do pharóiste féin. Bhí daoine iontach bródúil as a gcuid ceoil agus sa lá atá inniu tá gríodán áirithe de sin fágtha.
Thiocfadh cartlannaithe le fanacht ag a mhuintir, daoine ar nós Julie Henigan a thiocfadh ar ais chun tí agus a sheinnfeadh taifeadtaí de leithéidí Nellie Mhicí Hughdie do na daoine a bhí i láthair. Is cuimhin le Brian a bheith ina sheasamh ag éisteacht leis an cheol shaibhir dhúchasach - ceol a shíolraigh ina chroí agus ina chuimhne.
Lena chois sin, d’obair Brian mar cheannaire sa choláiste Gaeilge agus thiocfadh ceoltóirí ar nós Clannad isteach le ceol a chur ar fáil do na scoláirí a thaistil na mílte le blaiseadh a fháil den dúchas a bhí ann go fairsing sa dúiche, áit a raibh an bláth buí ar imeall an bhealaigh mhóir.
Deir Brian go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh coláiste Gaeilge sa cheantar nó go bhfeidhmíonn sé mar ancaire cultúrtha agus go léiríonn sé chomh tábhachtach agus atá an Ghaeilge don dúiche.
Rachadh sé isteach chuig Biddy Sheáin Néill i Rann na Feirste agus chuig daoine eile a raibh na sean-amhráin acu, agus téipthaifeadán ina dhorn aige. Is ag éisteacht siar leis an mhéid a bhailigh sé a d’fhorbair sé cluas an cheoil.
Tá thart ar 700 amhrán bailithe ag Brian go dtí seo agus tá foinn aige le cuid mhaith acu ar bharr a ghoib: “Níl fonn agam le hachan amhrán ach tá cuid acu agus tá barúil mhaith agam caidé atá ann. Tá cuid eile acu a bhfuil trí agus ceithre fhonn agam díofa. Bheadh leagan Thoraí ann, leagan i gCloich Chionnaola, leagan i nGaoth Dobhair, bheadh leagan i dTeileann agus leagan sna Rosann. Sin mar a bhí na hamhráin,” a dúirt sé.
Deir sé gurb ionann na hamhráin agus léarscáil na Gaeltachta: “Bhí do leagan féin bunaithe ar do pharóiste féin. Bhí daoine iontach bródúil as a gcuid ceoil agus sa lá atá inniu tá gríodán áirithe de sin fágtha. Ach ina dhiaidh sin agus uile bhí an tobar chomh mór anseo sna Gaeltachtaí, bíodh is nach bhfuil ann ach an gríodán, tá sin iontach, iontach mór. Tá an oiread sin amuigh sin ar fad.”
Dar leis go bhfuil bláth ag teacht ar cheol na Gaeilge agus anuas air sin go bhfuil fás tagtha ar líon na ndaoine atá ag cumadh ceoil agus amhráin úra, rud, a deir sé, atá fíorthábhachtach.
“Tá cuimhne agamsa am amháin i mBaile Átha Cliath agus mé ag cuntas cá mhéad duine atá ag cumadh amhráin agus tháinig mé ar seacht nó ocht gcloigeann déag atá beo anois. B’fhéidir nach bhfuil siad ag cumadh go minic, ach tá siad ag cumadh.
“Tá na rothaí uilig ag gabhail thart - tá siad ag cumadh i nGaeilge - chóir a bheith gur sin ceann de na healaíona is tábhachtaí i dteanga, a bheith ábalta teanga a labhairt, a bheith ábalta teanga a léamh, a bheith ábalta rudaí a chumadh agus rudaí ealaíonta, fileata a chumadh inti.
“Sin ceann de na céimeanna is airde i dteanga ar bith - chóir a bheith gur sin ceann de bhuaicphointí teangeolaíochta - agus tá oiread de sin ag dul ar aghaidh go fóill. Caithfidh tú a bheith i do mháistir fá choinne a leithéid de rud a dhéanamh,” a dúirt sé.
Nuair a chuirtear ceist ar Bhrian cén t-amhrán is ansa leis freagraíonn sé go cinnte gasta: “Tá sin cosúil le ceist a chur ar gharraíodóir cén planda is mó a bhfuil dúil acu ann. Breathnaíonn sé ar caidé atá tú ag gabhail fríd i do shaol. Corruair, is maith liom amhráin ghasta mheidhreacha. Is fíor-annamh a cheolfainn amhrán mór fada ó thús go deireadh anois, gidh go bhfuil na focla istigh ansin.”
Dúirt sé go bhfuil an t-amhrán ag baint leis an lucht éisteachta atá os do chomhair: “Tá tú ag smaointiú ar cé atá ag éisteacht leat.”
Deir Brian go bhfuil gach ceoltóir éagsúil ar a bhealach féin: “Má deir tú le cúig ealaíontóir pictiúr a tharraingt den Earagail, beidh achan uile cheann acu difriúil. Tá aon chnoc amháin ansin os ár gcomhair ach beidh gach pictiúr difriúil. Sin mar atá ceoltóirí fosta.”
Is duine é Brian a bhfuil an dúshuim aige sa tsaol trí chéile - oibríonn sé mar chócaire agus is maith leis a bheith ag blaiseadh bí agus dí, ag déanamh béilte úra, ag bualadh ceoil, agus ag bailiú agus ag cumadh amhrán. Bíonn a ghlór le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a chlár ‘Éist Le Seo,’ agus is iomaí duine a bhfuil cuimhne acu ar a mhíreanna cócaireachta i gcaitheamh na mblianta chomh maith. Rinne sé staidéar le bheith ina mháistir scoile ach nuair a d’fhill sé na bhaile ina dhiaidh sin bhíodh sé ag cuidiú lena mháthair sa chistin agus í ag reáchtáil bialainne.
Is beag duine a bhfuil an oiread sin buanna acu le Brian Danny Minnie, fear a bhfuil iomrá leitheadach air mar amhránaí, ceoltóir, cócaire, múinteoir, garraíodóir agus cartlannaí agus is saibhrede go mór saol na Gaeilge gur bhláthaigh spéis sa chultúr ann ó aois óg.










