Cúram agus soiléire ag teastáil

Le coicís anuas, tá cur agus cúiteamh maidir leis an gcinneadh cúntóirí riachtanas speisialta a tharraingt ó 170 scoil

Reáchtáil cúntóirí riachtanas speisialta agus tuismitheoirí agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O’Brien
Reáchtáil cúntóirí riachtanas speisialta agus tuismitheoirí agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O’Brien

‘Ní thagann an óige faoi dhó choíche ach tagann an brón faoi dhó san oíche’. Deir an seanfhocal linn nach mbíonn an dara seans againn rudaí a chur ina gceart nuair atá ár n-óige caite againn.

Taispeánann sé cé chomh tábhachtach is atá sé struchtúir chuimsitheacha oideachais a chur in oiriúint do dhaltaí le linn a mblianta scoile. Má theipeann orainn é sin a dhéanamh mar shochaí ní hamháin go dteipeann orainn maidir le hoideachas cuí a chur ar fáil do dhaltaí, ach teipeann orainn chomh maith a gcearta a chosaint faoi réir an bhunreachta.

Le coicís anuas, tá cur agus cúiteamh maidir leis an gcinneadh a rinne an Roinn Oideachais cúntóirí riachtanas speisialta a tharraingt ó 170 scoil ar fud na tíre. Bhí sé seo chun tarlú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcóras iomlán. An toradh uilíoch ná go mbeadh ardú ar líon na gcúntóirí. Ach níor thuig an Rialtas gur buille trom a bheadh i gceist don 170 scoil, go háirid do na gasúir a bheadh thíos leis an gcinneadh. Ní nach ionadh, bhí raic faoi agus ní raibh an dara rogha ag an Rialtas ach an cinneadh a chur ar neamhní.

Ar ndóigh, tá ciall le hathbhreithniú. Ó thaobh na polaitíochta de, ní bhíonn an scéal iomlán socraithe choíche. Athraíonn cúinsí, athraíonn riachtanais na scoile, agus caithfear a bheith solúbtha. Mar shampla, scoil a bhfuil cúigear cúntóirí riachtanas speisialta de dhíth uirthi i mbliana, b’fhéidir go mbeidh níos mó — nó fiú níos lú — de dhíth uirthi i gceann cúig bliana.

Lena cheart a thabhairt don rialtas, is cosúil gurb é sin an spreagadh a bhí taobh thiar den athbhreithniú seo. Bhí an córas tar éis fás go han-tapa, agus ar bhealach ad hoc in áiteanna. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh gá le níos mó cothroime agus comhionannais a thabhairt isteach sa chóras.

Ba í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a rinne an t-athbhreithniú, agus mhol sí go bhfaigheadh roinnt scoileanna acmhainní breise agus go laghdófaí na hacmhainní i scoileanna eile. Ina dhiaidh sin, d’eisigh an Roinn Oideachais ciorclán chuig 170 scoil, ag cur in iúl dóibh go gcaillfidís cuid dá n-uaireanta cúnaimh riachtanas speisialta.

Tháinig an freagra láithreach. Bhí iontas agus alltacht ar thuismitheoirí agus ar scoileanna.

Bhí an bealach ar cuireadh an scéal os comhair an phobail míshlachtmhar, caithfidh mé a rá. Fágadh scoileanna i neamhchinnteacht.

Thosaigh Teachtaí Dála ar na cúlbhinsí ag fáil gearán óna nDáilcheantair. Dá réir, chuir siad brú ar an rialtas gníomhú. Ní mór an t-ionadh é gur tháinig athbhreithniú go sciobtha sna sála air sin, ansin sos, agus ar deireadh cúlú iomlán.

Cé gur thug siad le fios nárbh iadsan a d’eisigh an ciorclán go díreach is ar na hairí a thiteann an fhreagracht sa deireadh.

Faoin deireadh seachtaine, aimsíodh €19 milliún breise, agus dearbhaíodh nach gcaillfeadh aon cheann den 170 scoil a dtacaíocht ó thaobh cúntóirí riachtanas speisialta de.

Gan dabht, níor bhreathnaigh sé go maith don Aire Oideachais Hildegarde Naughton ná don Aire Stáit Michael Moynihan, agus cáineadh go géar iad beirt. Cé gur thug siad le fios nárbh iadsan a d’eisigh an ciorclán go díreach is ar na hairí a thiteann an fhreagracht sa deireadh.

Níl an córas cothrom faoi láthair. Cur chuige amháin a d’fhéadfaí a úsáid ná díriú ar riachtanais na leanaí aonair seachas ar na hacmhainní don scoil iomlán. Ardaíonn sé sin ceisteanna níos leithne faoi sholúbthacht i leith earcú cúntóirí riachtanas speisialta agus scóip an róil atá acu sna scoileanna. Má leathnaítear a gcuid freagrachtaí, beidh ceisteanna faoi oiliúint agus pá le plé freisin.

Tá costas airgeadais ag baint leis seo ar fad. Cé go ndeirtear go minic — agus go ceart — nach féidir praghas a chur ar oideachas linbh, tá acmhainní poiblí teoranta.

Ó 2018 i leith, tá líon na gcúntóirí riachtanas speisialta méadaithe ó thart ar 18,000 go breis agus 25,000 — méadú 40 faoin gcéad. I gcóras ina bhfuil thart ar 80,000 múinteoirí ar an iomlán, is líon suntasach é sin.

An tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton. Grianghraf: Alan Betson
An tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton. Grianghraf: Alan Betson

Tá an scéal ag athrú de shíor. I ndaonáireamh 2016, thaispeáin na sonraí go raibh míchumas ar 6.4 faoin gcéad de leanaí. Faoi dhaonáireamh 2022, bhí an figiúr sin ardaithe go 11.4 faoin gcéad — beagnach dúbailte laistigh de chúig bliana.

D’fhéadfadh diagnóis níos fearr, sainmhínithe níos leithne ar mhíchumas, agus tionchar Covid a bheith taobh thiar de sin. Ar aon chuma, is suntasach an méadú é.

Tugann luas an fháis le fios go bhfuil an córas ag streachailt coinneáil suas leis.

Le linn na ndíospóireachtaí le déanaí, tháinig sé chun solais freisin, cé go raibh soláthar déanta do 400 rang speisialta nua i mbliana, gur mheas roinnt daoine go raibh suas le 600 ag teastáil. Sháraigh líon na n-iarratas an méid a rabhthas ag súil leis, rud a léirigh arís an t-éileamh méadaithe. Rud eile a léiríonn an brú sin ná gur ceadaíodh 16 scoil speisialta nua, an chéad leathnú dá leithéid le blianta fada.

Ní bheidh córas ar bith 100 faoin gcéad foirfe ariamh. Go ginearálta, ní hé seo an chéad uair — ná an uair dheireanach — a tharlóidh botún suntasach beartais maidir le polasaí nó cinneadh Rialtais.

Ní rud maith é ariamh leasú a sheachaint mar nochtann sin easpa crógachta. Is é an ceacht ón bpraiseach seo gur gá leasú a dhearadh go cúramach agus a chur in iúl go soiléir. Léirigh eachtra na seachtaine seo caite laigí sa dá ghné sin. Tá athbhreithniú riachtanach, ach caithfear é a láimhseáil le misneach.

Foclóir:

comhthéacs = context

cúntóirí = assistants

de dhíth = lacking/required

gasúir = children

míshlachtmhar = untidy/badly arranged

dearbhaíodh = it was confirmed

praiseach = mess

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times