Focail anonn is anall

Sampla beag den dóigh ar tháinig focail agus frásaí Gaeilge isteach i mBéarla na hÉireann

'Na Faoilligh a mharaíonn caoirigh agus an Márta a mharaíonn daoine.' Grianghraf: iStock/Getty
'Na Faoilligh a mharaíonn caoirigh agus an Márta a mharaíonn daoine.' Grianghraf: iStock/Getty

Leanfaidh mé ar aghaidh leis an téama a bhí againn an lá deiridh ach inniu gur focail as an Ghaeilge a coinníodh i mBéarla na hÉireann a bheas faoi chaibidil againn.

Is suimiúil an t-eolas a bhaineann leo agus a léiríonn na focail chéanna. Cé gur cheart dúinn a bheith fiosrach fúthu is annamh a dhéantar mionscrúdú ar na cúiseanna ar fhan cineálacha áirithe focal agus frásaí de chuid na Gaeilge in úsáid i mBéarla na hÉireann agus seans i gcineálacha eile Béarla sna háiteacha ar fud an domhain ar thug an imirce na mílte Éireannach iontu.

Bíodh sin mar atá, luafaidh mé cuid de na cúiseanna, dar liom. Déarfainn gur coinníodh focail a raibh sainbhrí ag baint leo agus nárbh fhurasta iad a aistriú faoi chló an Bhéarla. Is minic gur sainbhrí chultúrtha a lean na focail seo agus nár fhóir sin do chomhthéacs an Bhéarla i gcónaí. Is dóiche fosta gurbh ionann suíomh cultúrtha an dá theanga acu sin a bhí dátheangach i dtús ama agus nárbh aon iontas leo focail Ghaeilge a mheascadh lena gcuid Béarla. Caithfear smaoineamh air chomh maith nach raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ná an Bhéarla ag furmhór an phobail a bhí ag iarraidh an Béarla a fhoghlaim – foghlaim ó chluais a bhí i gceist agus gan tacaíocht ar bith acu ó léamh ná ó scríobh. D’fhág sin a lorg ar an chineál Béarla a bhíothas a labhairt sa tír seo sa 17ú agus sa 18ú céad. Ceist mhór mar sin cé uaidh a raibh an gnáthphobal ag foghlaim an Bhéarla. Beidh orainn pilleadh ar an ábhar seo arís lá eile.

Déarfainn gur coinníodh focail a raibh sainbhrí ag baint leo agus nárbh fhurasta iad a aistriú faoi chló an Bhéarla.

Is cuimhin liom ó chlár éigin ar Raidió RTÉ cuid mhaith de 50 bliain ó shin plé a bheith ar siúl faoin fhocal Fuílleach agus Mí na bhFuílleach (Mí Feabhra) agus ar mhair an t-ainm seo i mBéarla na hÉireann. Agus cé go raibh amhras ann, nár tháinig litir nó glaoch isteach ó éisteoir éigin i gContae Thiobraid Árann ag dearbhú go raibh The Fuílleachs/Fuíllies in úsáid go fóill i mBéarla an chontae sin. Chuir sin iontas beag ar bhaill an phainéil ar an Raidió.

Ach ar ndóigh, is é an leagan Gaeilge, Mí na bhFaoilleach, a bhí agus atá coitianta ar fud na tíre i nGaeilge, a bhí i gceist. Sular socraíodh ainmneacha na míonna agus méid na laethanta iontu, bhí a gcuid ainmneacha féin ag lucht labhartha na Gaeilge ar na míonna. Mar sin féin, bhí bearna ann don tréimhse i ndiaidh na Nollag agus tugadh An Faoilleach/Na Faoilligh ar an tréimhse seo. Is as féilte agus as gnéithe eile a ainmníodh na míonna eile roimhe sin agus ó shin, Mí an Mhárta, Mí an Aibreáin, Mí na Bealtaine, Lúnasa suas go Mí na Nollag. Tabhair faoi deara an seanfhocal: Na Faoilligh a mharaíonn caoirigh agus an Márta a mharaíonn daoine.

Ba dhoiligh mar sin Béarla cóir a chur ar Na Faoilligh/Mí na bhFaoilleach agus fágadh mar sin iad sa Bhéarla.

Seo a leanas dornán beag focal a mhaireann sa Bhéarla – cuid acu ina gcuma féin agus tuilleadh litrithe ar mhodh an Bhéarla.

Is minic a chluinfeá mo dhuine in abairt Bhéarla – “Look at mo dhuine” ag caint ar dhuine éigin a mbíonn cóiriú aisteach air nó rud ait éigin ar siúl aige.

Fuist ‘stad de chaint nó fan ciúin’ a chiallaíonn sé. Whisht an leagan i mBéarla. Cé go bhfuil fuistigí i nGaeilge, níor éirigh leis an Bhéarla leagan ceart iolra a chruthú.

Tá an leagan Ahaskey i mBéarla na hÉireann ach ba dheacair don strainséir ciall ar bith a bhaint as. Ach tá an leagan Gaeilge breá soiléir – Téarma ceana agus measa é. Tá gaol aige gan amhras leis an fhocal Taisce/Rud a chur i dtaisce. Cuirtear nithe luachmhara i dtaisce agus bíonn meas orthu. Agus tá an eagraíocht An Taisce againn.

Tá focail agus téarmaí eile ann i riocht an Bhéarla agus ní léir i gcónaí cén bunús Gaeilge atá leo ach má dhéanann duine cuartú beag, tiocfar ar bhunús an fhocail. Samplaí maithe den úsáid seo na leaganacha seo a leanas – aself, bonnyclabber and wild altogether.

Má ghlacaimid le aself in abairt mar seo - “If I’m old aself, I’m not deaf”. Is dóigh liom go bhfuil an abairt bunaithe ar an leagan Gaeilge, “Má tá mé sean féin, níl mé bodhar” ach tá dearcadh ar leith á nochtadh ag féin i nGaeilge nach furasta a aistriú.

Is cosúil gurb ón leagan Gaeilge bainne clábair an focal seo bonnyclabber. Ciallaíonn sé bainne ramhar a bhailíonn ar uachtar an bhainne – sórt uachtair é a chruinnítear le im a dhéanamh. Bíonn cosúlacht aige le clábar, créafóg fhliuch agus seans maith gur as sin a tháinig an leagan Béarla.

Léiríonn wild altogether tréith eile de chuid na Gaeilge nuair is mian léi treise a chur in iúl – sa chás seo fiáin ar fad – is é sin úsáid a bhaint as frása.

Foclóir

Béarla cóir = Appropriate English

Bunús an fhocail = origin of the word

Dornán= a few

Foghlaim ó chluais = learning by ear

Rud a chur i dtaisce = to put something away for safekeeping

Sainbhrí = specific meaning.

Treise a chur in iúl = to emphasize something