Nach iontach an rud é go bhfuil an foclóir nua Gaeilge-Gaeilge againn. Is féidir sainmhíniú beacht a fháil ar na nuathéarmaí go léir atá tar éis teacht isteach sa teanga gan bheith ag brath ar aistriúchán.
An ceann atá i mbéal an phobail le seachtain anuas ná ‘intleacht shaorga’.
Agus tá míniú maith anois ag foclóir.ie a thugann cur síos críochnúil ar an gcoincheap: “Réimse den teicneolaíocht ríomhaireachta a bhaineann le meaisíní a chur ag obair ar bhealach cliste, cosúil leis an gcaoi a n-oibríonn intinn an duine.”
Go sonrach, táthar ag caint faoi Grok, an uirlis intleachta saorga atá á húsáid ag X. Dar ndóigh is é an billiúnaí conspóideach, bagrach, Elon Musk, ar leis an t-ardán meán sóisialta seo. Ó cheannaigh sé é, tá caighdeán X, nó Twitter mar a tugadh air, tar éis titim san angar. Is náireach an suíomh é na laethanta seo, chun an fhírinne a rá.
READ MORE

Cúpla seachtain ó shin, d’fhoghlaim an domhan mór go raibh daoine drochaigeanta ag úsáid Grok chun íomhánna agus físeáin a athrú ar bhealaí mailíseacha. Bhí cumas ag an teicneolaíocht na héadaí a bhaint de ghnáthdhaoine fásta nó de pháistí, sa chaoi gur bhreathnaigh sé go rabhadar lomnocht.
Tá sé seo déistineach amach is amach. A leithéid de rud, ag baint úsáid as íomhánna bréige chun íomhá mhí-oiriúnach ghnéasach a chruthú, ag díriú ar ghasúir i gcuid mhór cásanna.
Ní dhearna X aon rud ar feadh scaithimh, agus mar is gnách bhí drogall ar an gcomhlacht aon fhreagra a thabhairt.
Ní haon ionadh go raibh an méid sin cuir agus cúitimh faoi ar fud an domhain. Bhí sé tromchúiseach: íomhánna de ghasúir agus de mhná á múnlú ag Grok sa chaoi gur raibh cuma orthu go rabhadar lomnocht. Níl aon dabht ach gur coireanna gnéis atá i gceist.
Nuair a tugadh dúshlán X maidir leis an acmhainn shuarach seo, an rud ba náire ná an freagra grod a thug Musk agus an neamhshuim a rinne X den scéal.
In ionad a admháil go raibh botún uafásach déanta ag X, rinneadh beag den chás agus séanadh freagracht.
Ní dhearna X aon rud ar feadh scaithimh, agus mar is gnách bhí drogall ar an gcomhlacht aon fhreagra a thabhairt. Níor baineadh an uirlis teicneolaíochta den suíomh. Ach tar éis cúpla lá bhí an brú agus an cáineadh idirnáisiúnta chomh suntasach sin nach raibh an dara rogha ag X ach rud éigin a dhéanamh.
Ach in áit cosc iomlán a chur ar an teicneolaíocht ‘nochtachta’ seo, rinneadh cinneadh go mbeadh sé fós ar fáil do shíntiúsóirí a raibh an síntiús íoctha acu ina iomláine. Tá aip ar fáil le haghaidh Grok chomh maith, agus tuigtear gur féidir íomhánna gnéis de mhná agus de leanaí a chruthú air sin chomh maith. Tá sé seo samhnasach.
An rud a chuireann imní orm féin ná go léiríonn sé laigí na hEorpa faoi láthair. Nuair a d’oscail an rialtóir sa Bhreatain cás maidir leis an gcalaois seo, chuir Musk ina leith go raibh an rialtas ag iarraidh saoirse cainte a bhrú faoi chois.
Níl sé ar intinn aige beag ná mór an fheidhm seo a bhaint de Ghrok.
Thug an tAire Stáit um Intleacht Shaorga Niamh Smyth agallamh faoin gconspóid ina raibh rudaí suimiúla le rá aici.
“Tá a fhios againn go gcruthaítear 6,700 íomhá gach uile uair ar an aip Grok,” a dúirt sí. “Tá sé thar am againn a rá le X: Stad.”
Dúirt sí go raibh ‘dorn iarainn’ ag teastáil chun srian a chur ar na comhlachtaí domhanda teicneolaíochta.
Ach d’áitigh sí gurb é an dorn iarainn sin dlíthe an Aontais Eorpaigh.
Caithfidh mé a rá nach bhfuilim ar aon intinn léi faoin réiteach sin. Níl mórán muiníne agam go mbeidh an tAontas in ann aon rud a dhéanamh chun na comhlachtaí sin a mhoilliú.
Cé go ngearrtar fíneálacha an-mhór orthu nuair a sháraíonn siad na rialacha - na céadta milliún euro go hiondúil - ní chuireann sin aon srian ar a sodar! Déanann siad ceap magaidh den Aontas agus de na rialtóirí. Leanann siad orthu gan aon bhaol pionóis.
Thug an Ceannfort Barry Walsh ón nGarda Síochána fianaise do Choiste na Meán san Oireachtas an tseachtain seo caite. Thug sé léargas maith ar an bhfadhb agus thug le fios chomh maith go raibh na gardaí ag déanamh fiosrúchán i leith 200 cás faoi ábhar a bhain le mhí-úsáid ghnéasach leanaí.
Nuair a cuireadh an cheist air, dúirt sé gur bhain na tuairiscí go léir le híomhánna a foilsíodh ar X agus a tháinig trí Grok.
Is coir é sin ach sonraítear go dtéann na húdaráis ar thóir na ndaoine atá freagrach as na híomhánna a athrú agus a fhoilsiú seachas díriú ar an teicneolaíocht féin.
Ach tá easnamh ansin. Cén fáth nach féidir fiosrúchán coiriúil a thosú a dhéanfadh scrúdú ar an ról a imríonn na comhlachtaí meán sóisialta i dtaca le bealaí a réiteach chun na híomhánna náireacha sin a chur ar líne?
Caithfidh mé a rá go n-aontaím go hiomlán leis an Teachta Dála ó Chill Chainnigh Peter ‘Chap’ Cleere ar an bpointe seo.
Is iar-iománaí le foireann sinsir Chill Chainnigh é Cleere agus ní raibh riamh drogall air aghaidh a thabhairt ar aon choimhlint ar an bpáirc.
Tá sé díreach mar an gcéanna mar pholaiteoir.
Dúirt sé gur chuir iompar X maidir le Grok déistin iomlán air.
Bhí na comhlachtaí ag ligean do mheatacháin na huirlisí IS a úsáid ar mhaithe le mianta gnéasúla, agus chuir sé múisiam air ós rud é go raibh mí-úsáid á baint as páistí.
“Tá X ag taispeáint dhá mhéar do na rialtóirí agus dhá mhéar do na leanaí sa Stát seo agus is cúis náire é go bhfuil cead acu é seo a dhéanamh.”
Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ar aon aigne leis amach is amach. Ní chuirfear stop leis seo nó go dtosóidh na rialtóirí agus na húdaráis ag bagairt téarmaí príosúnachta ar lucht na gcomhlachtaí seo.












