Tá tacaíocht léirithe ag Sinn Féin do ghrúpaí ealaíontóirí agus gníomhaithe a bhfuil cáineadh déanta acu ar chomórtas Intleachta Saorga (IS) atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta.
Faoi láthair tá an tÚdarás ag glacadh le hiarratais ar ‘An Togra Scéalaí’, comórtas ina gcaithfidh rannpháirtithe an Intleacht Shaorga a úsáid le físeáin a ghiniúint. Saothair IS idir 3 agus 30 nóiméad atá i gceist agus is é an 16 Eanáir an sprioclá.
Tharraing an comórtas géarcháineadh ón gcomharghrúpa ealaíon AireachAiteachGaelach – grúpa ina bhfuil os cionn 80 ball – agus mhol siad dá mbaill gan cur isteach air.
Dúirt an grúpa go bhfuil “pobal na n-ealaíon trí chéile corraithe mar gheall ar an tionchar diúltach atá an intleacht shaorga a imirt ar a gceird”.
READ MORE
Anois tá tacaíocht páirtí polaitiúil faighte ag an ngrúpa.

Ag labhairt di le Scéal, dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Mairéad Farrell, go raibh aisteoirí tar éis a bheith i dteagmháil léi lena bhfaitíos a chur in iúl go gcuireadh IS isteach ar chúrsaí fostaíochta san earnáil.
Dúirt an Teachta Farrell, “Bhí aisteoirí ag rá nach bhfuil a dhóthain deiseanna fostaíochta acu trí Ghaeilge cheana féin.
“Más rud é go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú le fostaíocht sna healaíona agus níl siad fiú ag baint úsáid as guthanna aisteoirí, sin rud a chuireann imní ar aisteoirí.”
Dúirt an Teachta gur thuig sí nach féidir neamhaird iomlán a thabhairt ar an Intleacht Shaorga agus go mbeidh sé mar chuid thábhachtach den gheilleagar sa todhchaí ach gur chóir impleachtaí diúltacha na teicneolaíochta in earnálacha cruthaitheacha a mhaolú.
Dúirt sí, “Tá argóintí ar an dá thaobh mar gheall air seo. Tá daoine ann atá chun a bheith ag oibriú le IS ach caithfimid na ceirdeanna eile atá ann sa nGaeltacht a choinneáil agus caithfimid breathnú ar chúrsaí fostaíochta chomh maith. Sin an ról atá ag Údarás na Gaeltachta.”
“Tógfaidh sé am go dtí go dtuigfear cén bealach is fearr leis an Intleacht Shaorga a úsáid mar tá sé fíor, fíor-nua agus feicimid fiú an tseachtain seo go náisiúnta agus hidirnáisiúnta na ceisteanna a bhaineann le Grok ar Twitter.
“Tá a fhios againne go mbeidh sé á úsáid do rudaí áirithe ach caithfimid rudaí eile a chaomhnú. I dtéarmaí fostaíochta, caithfimid a chinntiú go gcaomhnaímid an aisteoireacht le go mbeidh aisteoirí in ann maireachtáil mar má imíonn sé sin ní bheidh sé go maith don teanga ná don tír.”
Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil an comórtas seo á reáchtáil acu le láithreacht agus inúsáidteacht na Gaeilge a fheabhsú tríd an Intleacht Shaorga, rud a chuirfidh le caomhnú agus le cur chun cinn oidhreacht chultúrtha na hÉireann san aois dhigiteach.
San iomlán, bronnfar duaischiste €6000 ar bhuaiteoirí an chomórtais.
Nuair a dearbhaíodh an comórtas ar dtús, mheall físeáin fógraíochta – a rinneadh le IS, de réir cosúlachtaí – neart airde de bharr radhairc neamhghnácha.
San fhíseán, taispeántar ronnach antrapamorfach ag canadh isteach i micreafón in éindí le banna rac-cheoil agus banna ceoil K-pop ag damhsa ar thrá.
I ráiteas, dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta, “Aithníonn muid go bhfuil imní ag baint leis an míchinnteacht a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, ach tá muid ríshoiléir gurb é an ról s’againne ná fostaíocht a chosaint sa Ghaeltacht, na bagairtí chuige sin a aithint, agus céimeanna cuí a thógáil más ann dóibh.”
“Chuige sin, chuir muid in áit An Togra Scéalaí mar dheis tús a chur le plé maidir leis an ngné seo den Intleacht Shaorga, chomh maith leis na huirlisí, na deiseanna agus na dúshláin a chur os comhair phobal na Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge.”











