Níl ach 15% de theaghlaigh Ghaeltachta - nó 1,751 teaghlach san iomlán - ag tógáil a gclann trí Ghaeilge, dar le tuarascáil nua.
Is é an grúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta a d’fhoilsigh an tuarascáil atá bunaithe ar eolas a bailíodh i nDaonáirimh 2016 agus 2022.
San iomlán, tháinig laghdú beag 0.65% ar líon na dteaghlach atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge ó 15.83% in 2016 go 15.18% in 2022.
Léiríonn na figiúirí go bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí ag níos lú ná 10% de theaghlaigh i leath de na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) sa Ghaeltacht.
READ MORE
Ag labhairt di le Scéal, dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair: “Aon duine a bhfuil aon bhaint acu le cúrsaí Gaeltachta, ní chuireann na figiúirí seo aon iontas orainn, tá a fhios againn conas mar atá rudaí.”
“Ábhar dóchais éigin é go bhfuil rudaí seasmhach, ní laghdú uafásach amach is amach é.
“Anois, ar an taobh eile den scéal, táimid ag caint ar fhigiúirí an-íseal, níl ach trí limistéar pleanála teanga ann ina bhfuil níos mó ná 50 faoin gcéad de theaghlaigh a tógaint clann le Gaeilge - tá sé sin imníoch.”
Tá an chuma ar an scéal gur lú an laghdú atá tagtha ar líon na dteaghlach atá ag tógáil páistí le Gaeilge ná an laghdú atá tagtha ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht trí chéile.
Léirigh Daonáireamh 2022 gur tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.
Ba é seo an dara daonáireamh as a chéile inar taifeadadh titim sa líon seo, tar éis laghdú suntasach 11% idir 2011 agus 2016.
Dúirt Ní Chéilleachair: “Tá sé ag leanúint an phatrúin atá ann ó thaobh na Gaeilge sa Ghaeltacht, go bhfuil laghdú ag teacht ar na cainteoirí laethúla Gaeilge.”
“Níl an laghdú ag teacht chomh sciobtha sin i measc na dteaghlach is atá leis an ngnáthphobal, ach fós tá sé ag leanúint an phátrúin i gcónaí.”
De réir na tuarascála, níl ach trí Limistéar Pleanála Teanga ina labhraíonn tromlach de theaghlaigh an Ghaeilge sa bhaile.
Tá 56% de theaghlaigh Oileáin Árann agus Cheantar na nOileán ag tógáil a gclann trí Ghaeilge, agus is 51% atá sa Cheathrú Rua, cé gur laghdú cúig phointe céatadáin atá ann ón mbliain 2016.
Tá céatadán measartha ard fós i roinnt ceantair eile, lena n-áirítear Conamara Láir ag 43%, Gaoth Dobhair agus ceantair eile i nDún na nGall ag 40%, agus Cois Fharraige ag 36%.
I gcás Chiarraí Thiar, tá 25% de theaghlaigh ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge, agus méadú beag tagtha ar an gceantar sin ó 2016.
I lár an tábla, tá Gaeltacht na Déise ag 22% agus Múscraí ag 17%, agus titim bheag le feiceáil sa dá cheantar.
I nGaeltacht na Mí, tá Ráth Chairn agus Baile Ghib ag an tairseach 10%, agus titim cúig phointe céatadáin taifeadta acu.
Tá an scéal i bhfad níos laige i leath de na Limistéir Pleanála Teanga, áit a bhfuil níos lú ná 10% de theaghlaigh ag tógáil a gclann trí Ghaeilge.
Áirítear anseo ceantair uirbeacha agus leath-uirbeacha ar nós Bhearna agus Chnoc na Cathrach, Mhaigh Cuilinn agus Oirthear Chathair na Gaillimhe, áit nach sroicheann an céatadán 5% i gcásanna áirithe.
Léirítear freisin gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na bpáistí agus na ndaoine óga idir trí agus ocht mbliana déag a dúirt go raibh Gaeilge acu, ó 80.3% in 2016 go 76.5% in 2022.
Meastar gur laghdú níos géire é seo ná mar a bhí le feiceáil i measc an phobail i gcoitinne, rud a ardaíonn ceisteanna nua faoi thodhchaí fhadtéarmach na teanga sa Ghaeltacht.
Dúirt Ní Chéilleachair, áfach, go bhfuil dóchas uirthi gur féidir leis an obair atá ar bun ag Oifigigh Pleanála Teanga agus eagraíochtaí pobail cosúil le Tuismitheoirí na Gaeltachta an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.
“Tá obair ar bun ag an bpleanáil teanga agus tá obair ar bun againn féin, ach tá sé ró-luath anois toradh na hoibre sin a fheiscint,” a dúirt sí.
“An t-aon léas dóchais a bheadh againn ná i gCiarraí Thiar. Thosnaigh obair pleanála teanga agus obair theaghlaigh ansin thart ar 20 bliain ó shin.
“Tá mé ag ceapadh má dhéantar anailís agus iniúchadh ar na figiúirí i gCiarraí Thiar go bhfuil toradh na hoibre sin le feiscint.”
Dúirt Ní Chéilleachair freisin go mbíonn daoine óga sa Ghaeltacht dearfach faoin teanga don chuid is mó ach nach mbíonn mórán tionchair ag an aird a bhaineann an Ghaeilge amach sna meáin ar shaol laethúil na Gaeltachta.
Dúirt sí: “Is taobh amuigh den Ghaeltacht don chuid is mó a théann sé i bhfeidhm ar dhaoine. Ní fheictear dúinne sa Ghaeltacht an-chuid den am go mbíonn tionchar aige sin ar ghnáthshaol na Gaeltachta. Ní bhíonn muid ag labhairt Gaeilge mar gheall go bhfuil Kneecap ann.”
“Ach do dhéagóirí ach go háirithe, téann rudaí mar sin i bhfeidhm agus tá an-mhórtas orthu - braitheann siad go bhfuil rud éigin acu sin atá an-luachmhar mar gheall go bhfeiceann siad go bhfuil sí ar stáitsí móra ar fud an domhain.”











