Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil go leor de chlasaicí litríochta an domhain ar fáil sa Ghaeilge. Mo leithscéal: cliché domhaite an méid sin, ach b’fhearr a rá gur cheart go mbeadh a fhios againn go bhfuil formhór de leabhra móra iarthar domhain a ngairmtear clasaicí díobh ar fáil sa Ghaeilge. Ina measc siúd tá mórshaothair na Gréigise, an Odaisé agus an Íliad, Dante é féin ina thrí imleabhar den Choiméide Dhiaga, cuid de dhrámaí Shakespeare, leaganacha den Bhíobla go hiomlán, Pinocchio, fabhalscéalta Aesop, dréachta agus smuit níos fairsinge ó Fontaine, Tchechobh, Tolstoi, Dickens gan trácht ar nithe níos gaire dúinn nach gá dúinn iad go léir a áireamh.

Léifear go leor díobh sin toisc go bhfuil siad go maith i gcónaí, cuid eile toisc gur clasaicí iad is go gceapann daoine go bhfuil siad aineolach mura bhfuil fios acu orthu, agus tá cuid eile atá imithe as faisean ar fad nach léifear go luath nó go brách arís toisc roth na staire a bheith iompaithe ina gcoinne. Is é sin, gan iad a bheith ar aon tarraingt leis an aimsir. Ceann díobh sin is ea De Imitatione Christi le Thomas á Kempis, agus a bhfuil trí leagan Gaeilge againn de.
Cumadh an tráchtas cráifeachta seo nuair a bhí an creideamh Críostaí Caitliceach in airde láin. Ba bheag boladh den eiriceacht lom a bhí ina rosc in aghaidh an chreidimh oifigiúil sa 15ú haois, agus cé go raibh díospóireachtaí go leor ann le linn shaolré Thomas (c.1380-1471) níor leomhaigh aon cheann díobh an bonn a bhaint de dhaingne na cinnteachta a bhí fothaithe le breis is míle bliain.
…an té a gcumtar béaloideas ina thaobh ní foláir nó tá draíocht éigin ag baint leis.
Is mó duine a raibh plé (nó argóint féin) aige lena mhúinteoirí agus leis an aos ba shine ná é timpeall ar cheol a linne. Bhítí ag sáirsingiú orainn nach raibh puinn maitheasa le (líon isteach an bhearna, Elvis, Bruce Springsteen, U2) mar nár sheas siad teist na haimsire. Ní bhíodh aon fhreagra againn in aghaidh Beethoven ná Bach óir níor thuigeamar cumhachtaí dáiliúcháin agus craolta. Ach scéal eile é sin, an tslí a bhfuil ceol ‘uasal’ toisc gurbh iad na huaisle a d’uaisligh é agus gurbh in hallaí uaisle a seinntí é ar son na n-uaisle a fuair tacaíocht ó dhaoine mionuaisle arbh fhearr leo a bheith ina n-uaisle go hiomlán glan.
READ MORE
Leabhar fadmharthanach é De Imitatio Christi de réir na meá tomhais sin, agus leabhar a bhí ardcháilmhear ar feadh breis agus cúig chéad bliain. Cúis ionaidh dá lán nár naomhaíodh Thomas á Kempis riamh. Tá ina sheanchas nár bronnadh an gradam sin air toisc go bhfuarthas scríobthaí ar a chónra tar éis a bháis, a léirigh nach raibh sé deonach glacadh lena chinniúint. Is é is dóichí ná gur scéal béaloideasa é sin, ach an té a gcumtar béaloideas ina thaobh ní foláir nó tá draíocht éigin ag baint leis.

Is deacair teacht ar gach leagan Gaeilge den téacs seo anois, ach dhein FÁS athchló ar thiontó an Athar Pheadair Aithris ar Chríost a foilsíodh i dtosach sa bhliain 1914 agus é athchóirithe ag Risteárd Mac Annraoi. Roimhe sin foilsíodh Tóraíocht na bhFíoraon ar Lorg Chríosta le sagart anaithnid ó Chontae an Dúin i lár an 18ú haois, agus Searc-Leanmhain Chríost leis an Athair Domhnall Ó Súilleabháin a cuireadh i gcló in 1822. In ainneoin gur Chorcaíoch nach mór óna cheantar féin é Ó Súilleabháin shíl an tAthair Peadar go raibh an Ghaeilge róchrochta agus róchlasaiceach ann don ghnáthphobal agus is chuige sin a dhírigh sé ar a leagan úr féin.
Agus tá an teanga ann úr agus friseáilte. Tá chomh furasta sin ag teanga na diagachta dul ceangailte i bhfoclóir nach dtuigfeadh Íosa é féin gur mór an faoiseamh é an éadroime agus an ghluaiseacht a bhaineann leis an tiontó seo.
Is cuma nó seanfhocail chomhairleacha go leor dá bhfuil ann, baineadh siad leis an gcreideamh nó ná baineadh:
‘Seolann mór is fiú agus uabhar a lán daoine amú, agus tagann orthu san, uaireanta, daille aigne nach féidir a leigheas.’
‘Foghlaimíodh duine iomláine gach eolais; ní puinn atá déanta aige fós.’
‘An té a mheáfadh a ghníomh féin i gceart, bheadh a mhalairt de chúram air seachas a bheith ag breith breithe ar ghníomh duine eile.’
‘Ní bheidh tú choíche id’ fhear machnamhach déabhóideach mura n-éistfir do bhéal i dtaobh ghnóthaí an fhir thall agus do shúil a dhaingniú ort féin ar fad.’
Fágtar an ghaois sin ar fad i leataoibh, is faoi réir Chríost agus an chreidimh atá an leabhar ar fad, agus is lánluachmhar an soláthar é don té atá laistigh den dioscúrsa sin, mar a déarfaí i bhfriotal an lae inniu. Is mó duine a mbeidh réir ag an leabhar air seachas na daoine is creidmhí, leis, ach fós is dóichí gurb oiriúnaí cruinn ceart don mhanach nó don bhráthair, don bhean rialta, don díthreabhach seachas don duine nach foláir dó a shaol a chaitheamh le salachar agus le nósanna imeachta na huaire.
I gcaibidil a hAon, mír a haon, iarrtar orainn ‘aithris a dhéanamh ar Chríost féin’. An duine is fíréanta féin, bheadh sásta géilleadh dó sin, ach amháin a fhios a bheith aige conas sin a dhéanamh thar theorainn aon amhrais réasúnta. Agus an duine a léifeadh seo le croí maith mór bheadh sé ann as anonn is anall ag pocléimneach idir a bheith ag aontú go brothallach agus ag aighneas leis go díreach ina dhiaidh sin. Is ea: ‘Dá mbeadh an Bíobla go léir de ghlanmheabhair agat, agus ráite na n-ollamh go léir, cad é an tairbhe duit é gan grá De agus grásta Dé a bheith agat?’ Is fíor dó, cé dá mbeadh ‘ráite na n-ollamh go léir’ ar eolas agat, is ródhócha gur i dteach na ngealt a bheifeá fadó.
Ar iompó an leathanaigh, áfach, is í an chiall is airde ‘neamhshuim a chur sa tsaol so’ in ainneoin gur comhairle faoin saol seo is ea suim agus stuif an leabhair.
Ach sin agat é! Is é cuspóir aon leabhair mhachnaimh mar seo ná sinn a chur ag argóint, ag allagar, ag aighneas, ag smaoineamhchath leis. Ní hiad forais an lae inné faisin an lae inniu agus baoithe de shaghas speisialta is ea neamhaird a thabhairt ar thuiscintí a bheathaigh sciar mór den saol nuair b’aitheanta go fairsing iad.













