Chuile bhliain geallaim taifead éicint a choinneáil de na halbaim agus ceoltóirí is mó a spreagann mo chuid spéise ná a ardaíonn m’anam i gcaitheamh na bliana - le go mbeidh na liostaí seo réamhphleanáilte faoi dheireadh na bliana. Ní éiríonn liom riamh. Ach tá cúis leis sin. Scaití is gá suí le halbam ar feadh scaithimh sula dtéann sé i bhfeidhm ort. Scaití ní aithníonn tú an ‘moment’ ina bhfuil ceoltóir nua ag bláthú go dtí go mbreathnaíonn tú siar ar a n-aistear. Scaití balbhaíonn an chaint timpeall ar eisiúint úr an ceol féin agus ní bhíonn sa saothar ach gabhar agus síoda air.
Mar sin seo m’iarracht ar liosta ceoltóirí a raibh bliain rathúil, bhisiúil, eisceachtúil faoi bhláth acu in 2025. D’fhéadfainn céad ainm eile a chur leis, ach tá rogha anseo idir cheoltóirí neamhspleácha a bhfuil stádas ar leith bainte amach acu, cheoltóirí idirnáisiúnta a bhfuil leibhéal as cuimse sroichte acu, agus daoine nach bhfuair an t-aitheantas a bhí ag dul dóibh nó nach raibh le cloisteáil dhóthain thar ghleo na gcairteacha.

RÓIS
Cé gur in 2024 a d’eisigh RÓIS a EP Caoine a mheall aird na n-irisí agus saoithíní ceoil, tá a sraith ceolchoirmeacha le linn 2025 théis a ról i saol cheol na hÉireann a dhaingniú. Is ar ardán a lonraíonn an réalta dhorcha a n-éiríonn léi leithéidí The Prodigy, Kate Bush, agus Sinéad O’Connor a thabhairt chun cuimhne ag pointí éagsúla dá seó beo. Tá an treascairt i gcroílár gach a ndéanann an cruthaitheoir seo, bíodh sí ag cur casadh nua ar thraidisiúin Chaitliceacha nó ag athshamhlú ceol crunk. Bhí sé chomh speisialta céanna í a chloisteáil ag cruthú atmaisféar le harmóin (an uirlis) ag ócáid filíochta IMRAM is a bhí í a fheiceáil ag preabadh ar fud ardán The Button Factory dá rian Did Ye Ever Get The Ride at the Wake House? Chuir sí deireadh lena seó ar théama an tórraimh i mí Dheireadh Fómhair agus is muid atá ag fanacht gan foighde lena céad togra eile a bhlaiseadh.
READ MORE

Olivia Dean
Nach mé atá sásta go bhfuil aitheantas á thabhairt d’Olivia Dean agus an bhean atá inti! I ndiaidh di trí EP agus an t-albam Messy (ar fiú cluas a thabhairt dó) a eisiúint go ciúin le roinnt blianta anuas, tá a hardán ag barr na gcairteacha bainte amach ag an amhránaí a mheascann pop, soul, goirmeacha, agus scríbhneoireacht spreagtha a leithéidí Paul Simon agus Aretha Franklin. A sprioc ná amhráin a chruthú nach n-imeoidh in éag le treochtaí an phopcheoil, agus is é sin go díreach atá á dhéanamh aici. Réalta reatha atá inti nach bhfuil ach i dtús an aistir ar a bealach in airde.

Cameron Winter
Bliain ar leith a bhí ag príomhamhránaí agus scríbhneoir an bhanna Geese. Tá an banna ag saothrú i ngort an cheoil i Nua-Eabhrac le blianta anuas, ach nuair a d’eisigh siad Getting Killed i mí na Samhna le ceolchoirm saor in aisce ina mbaile dúchais, cuireadh stad le trácht Brooklyn de bharr an éilimh a bhí air. Tá glór agus liricí Winter eisceachtúil. Shamhlófá iad le críonnacht duine a bhfuil saol mór maith caite acu, cé nach bhfuil sé ach 23 bliana d’aois. Geallaim go mbeidh Love Takes Miles óna albam aonair mar cheol ar phostáil Instagram na hipsters is mó ar d’aithne roimh dheireadh na bliana (mo chuidse féin san áireamh).

MayKay
Eisíodh go ciúin an chéad albam le MayKay (iar-amhránaí Fight Like Apes), albam nach bhfuil neamhbhalbh ina theachtaireacht, neart, ná fuaim. Ghlac sé tamall uirthi é a eisiúint, agus níor tugadh cothrom na féinne dó ar deireadh, dar liom. Is ceoltóir agus duine í MayKay a bhfuil a dícheall déanta aici ar son phobal an cheoil, atá théis ceoltóirí agus bannaí úra Éireannacha a ardú suas agus a chur chun cinn i gcónaí, agus a bhfuil a croí san áit cheart aici. Anuas air sin is albam éachtach é seo a léiríonn a glór agus a láithreacht chumhachtach, chomh maith le gnéithe níos boige den dá rud. Is cnuasach téagartha a léiríonn seánraí nach mbeifeá ag súil leo, ionracas leochaileach, agus máistreacht ceirde.

KhakiKid
Tá popcheol agus rapcheol na hÉireann breá folláin le gairid, agus aghaidh úr óg atá théis teacht chun cinn ná KhakiKid a bhfuil a rian aige fágtha ar 2025 le hamhráin ar nós Move On, físeáin cheoil chruthaitheacha fhéinstiúrtha, sliotán ag Other Voices Cardigan, agus ceolchoirm spleodrach fhuinniúil (agus díolta amach) san Olympia le barr maise a chur ar bhliain rathúil.

Olan Monk
Is as Indreabhán an cruthaitheoir óg Olan Monk a d’eisigh Songs for Nothing ag deireadh na bliana. Éiríonn leis fiántas, dorchadas, agus sceirdiúlacht thírdhreach a cheantair dúchais a chur ar ár gcluasa dúinn mar a bheadh sé ag péinteáil ar chanbhás. Meascann sé rac trialach, ceol taibhsiúil leictreonach, agus sean-nós le fuaim shainiúil a chruthú. Measaim go gcloisfimid tuilleadh den cheol dorcha, domhan, casta sa gcéad chúpla mí eile mar fhreagra ar an gcúpla bliain pop girl summer a bhí againn le gairid, agus is cosúil go mbeidh muintir na hÉireann chun tosaigh ar an treocht le heisiúintí nua Hillary Woods, Olan Monk, Maria Sommerville, RÓIS, Rory Sweeney agus Saoirse Miller.














