An Nollaig Nollaigiúil

An t-athrú is féidir teacht ar duine atá i gcroílár Duan na Nollag Dickens

Charles Dickens (1812 - 1870)
Charles Dickens (1812 - 1870)

Agus anois go bhfuil an Nollaig ag bagairt orainn agus sinn bodhraithe le jingil-jeaingil na réinfhianna ar na díonta agus na cnónna ag róstadh ar an tine agus an cuileann dár bpriocadh agus dícheall á dhéanamh sinn a stuáil le maróga agus le cearca francacha tá chomh maith dul an bóthar go léir siar thar faobhar na faille agus leabhar Nollag a léamh chomh maith.

Is beag leabhar i dtaobh an trátha seo bliana atá chomh cáilmhear le A Christmas Carol Charles Dickens a foilsíodh i dtosach sa bhliain 1843. Tá ráite go minic gurbh eisean agus an leabhar seo a chruthaigh íomhá na Nollag atá againn anois i speilp seo iarthar domhain, agus cé nach fíor sin ar fad, is mór idir an pictiúr a dhathaigh sé dúinn ann agus a bheith ag imirt iomána ar thrá an Bhlascaoid Mhóir maidin an lae sin le smuit d’fheamainn, loirgne caorach agus glúin tairbh mar liathróid, abraimis.

Duan na Nollag. Íomhá: Leabhar Breac
Duan na Nollag. Íomhá: Leabhar Breac

D’aistrigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín an leabhar dúinn mar Duan na Nollag (1903) nuair nach raibh faic eile le déanamh aige seachas a bheith ag cur foclóra mhóir le chéile, ag cur eagair ar fhilí na Mumhan agus a bheith ag scríobh úrscéil dó féin. Tá leagan úr de ar fáil anois le tamall ó Leabhar Breac agus cuma bhreá Nollaigiúil air.

Is í an fhadhb a bhaineann leis an leabhar seo, a déarfaí, ná go bhfuil an scéal ar eolas a bheag nó a mhór cheana, go fiú is má tógadh ar Inis Trá Tholl tú agus tú i do chónaí sa phluais. Tá cuid de theanga an leabhair imithe isteach sa chaint agus is cuma nó cur síos ar dhuine sprionlaithe anois é ‘scrooge’ sa Bhéarla. Tá fuílleach ainmneacha cheana againn sa Ghaeilge ar dhaoine atá sprionlaithe, mar atá, gortachán, péisteánach, cíochrachán, cágaire, ocrachán, grobaire, santachán, scribín, stiocaire, scanróir, scríobálaí, scrabhdóir agus scrúile (caithfidh go rabhamar fíorcheachartha), agus cé gur díol suime gur le ‘sc’ a thosnaíonn go leor de na focail seo, fós féin, sílim go raibh an ceart ag an Duinníneach ‘Scrúg’ a thabhairt ar phríomhthruailleachán an leabhair.

Is maith is fiú i gcónaí dul siar agus cuid de na seanchlasaicí a léamh arís, nó don chéad uair féin. Mar a thuigfeá, tá an leagan seo déanta go máistriúil ag an Duinníneach, óir cé eile is fearr a thuigfeadh an gaol idir Gaeilge agus Béarla agus conas an droichead áirithe sin a thrasnú? Ní raibh sé riamh furasta Dickens a aistriú, óir bhain se ceol as na focail agus níor bhain sé leas riamh as aon fhocal amháin nuair ab fhéidir leis deich gcinn a chur ag obair. Go deimhin, is féidir a rá nár sprionlóir ná gortachán, ná péisteánach, ná cíochrachán, ná cágaire, ná ocrachán etc. é riamh maidir le húsáid an fhoclóra de.

Tá fuílleach ainmneacha cheana againn sa Ghaeilge ar dhaoine atá sprionlaithe…

Is mó caoi agus cothrom a fuair sé leas a bhaint as a stór breá féin agus é i mbun Dickens a Ghaelú. Féach ar seo mar thrácht ar a raibh laistigh de shiopa aimsir na Nollag:

‘Bhí piorraí is úlla crochta go hard i gcoirceoga bláthúla; bhí triopall fíonchaor, le neart flaithiúlachta na bhfear siopa, á luascadh ar chrocháin sofheicthe d’fhonn go dtiocfadh ainmhian in aisce ar na daoine a bheadh ag gabháil tharstu; bhí cruacha de chollchnónna a bhí donn le caonach, a chuirfeadh i gcuimhne duit le neart a gcumhrachta spaisteoireacht fadó i measc na gcoillte, agus fuirseadh soilbhir na gcos á sá i nduilleoga feoite go hailt...na spíosraí eile chomh milis, torthaí leasaithe chomh fáiscthe is chomh breactha sin le siúcra leáite go gcuirfidís an lagachar ar dtús agus an galar buí faoi dheireadh ar an té a bhreathnódh orthu, dá neamhshuimiúla é.’

Ní hí an scríbhneoireacht dá bhreáthacht, agus is í atá go binn is go líofa is go blasta, ach an t-athrú a thagann ar Scrúg an bior ar a chasann an scéal, mar is eol dúinn. An té atá ag lorg caolchúise agus noid agus leideanna maidir le cineál na gcarachtar ná le tromán an leabhair, beidh díomá air. Óir, is fabhalscéal é seo atá scríte le fearg agus le ceacht a chur abhaile, agus níl i gceist ag an údar nach bhfeicfí sin go feilleshoiléir, dá stuacaí nó dá dhúire is a bheadh an léitheoir. Tá a fhios againn cén saghas duine é Scrúg ó thosach – ‘Ochón! Ba é an rúcach é Scrúg! Seanraga santach scríobach anacrach ocrach! Chomh géar, chomh doirbh le breochloch nár bhain cruach riamh aibhleog raidhsiúil aisti.’

Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí de chuid Arthur Rackham
Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí de chuid Arthur Rackham

Nó an tuairim chéanna ag cách a chéile: ‘Ní mór lá Nollag a bheith ann, gan amhras, nuair a óltar sláinte raispín táir neamh-thruamhéalach mar Scrúg’. É seo, ar eagla nach raibh a fhios agat.

Agus tá a fhios againn chomh maith cad atá i ndán dó. Ní mór ná nach ndeirtear é sin i dtosach an leabhair. Níl uainn ach an spíonadh mar sin, an dóigh mhall atá ag Dickens (agus ag an Duinníneach) ar na ceachtanna a leagan amach ós ár gcomhair diaidh ar ndiaidh, gach ceann díobh ag fáisceadh na scriúnna ar Scrúg go scrúdaitheach is go scrúdta. Tagann na taibhsí chuige, taispeánann saol a óige dó, an saol mar atá anois aige (nach bhfeiceann sé) agus an saol a bheidh le teacht mura n-athraíonn sé béasa agus iompar. Ní de dhroim aon eachtra amháin a tharlaíonn an t-athrú sin, agus tá an chuid is fearr den leabhar sna radharcanna sin ina bhfuil ‘Scrúg agus an spiorad ag siúl na sráideanna’ le chéile agus sna háiteanna a dtugann siad turas orthu.

Is ceart a rá go bhfuil an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí de chuid Arthur Rackham, duine de na maisitheoirí leabhar ba mhó cáil le linn ré órga na healaíne sin i Sasana ag deireadh an 19ú agus tús an 20 céad.

Is ea, gabhann an claochlú ar Scrúg. Duine eile ar fad é ag deireadh an leabhair: ‘Táim chomh héadrom le cleite, táim chomh séanmhar le haingeal, táim chomh meidhreach le gasúr scoile, táim chomh giodamach le fear meisce. Nollaig shúgach chun gach éinne! Haló anseo! Hú! Haló!’ Ní beag sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar