‘Tapaigh an deis’ - BÁNÚ
Tá grúpa feachtais, BÁNÚ, tar éis litir fhoirmiúil a sheoladh chuig an Aire Gaeltachta, Dara Calleary, ag impí air buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.
Sa litir, mhaígh an grúpa go bhfuil na cumhachtaí reachtúla riachtanacha ag an Aire agus ag an Údarás cheana féin ach nach bhfuil an maoiniú cuí curtha ar fáil chun réiteach praiticiúil a bhaint amach.
Cuireadh i gcuimhne don Aire gur shroich buiséad caipitil an Údaráis €22.5 milliún in 2008 - méid arb ionann é agus €27.5 milliún i luach an lae inniu - i gcomparáid le €15.2 milliún a cuireadh ar fáil in 2024.
READ MORE
Dúirt BÁNÚ go bhfuil na ciorruithe seo tar éis moill mhór a chur ar sholáthar tithíochta agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge i mbaol dá bharr.
Mhol an grúpa sa litir gur chóir don Údarás ról níos gníomhaí a ghlacadh maidir le suíomhanna seirbhísithe a chur ar fáil, scéimeanna cosúil le Ready to Build agus Croí Cónaí a riar sa Ghaeltacht, agus fiú córas séarachais áitiúil a bhainistiú más gá.
Iarradh ar an Aire a thionchar a úsáid ionas go gcuirfeadh an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, maoiniú caipitil breise ar fáil don Údarás.
Ina theannta sin, sheol BÁNÚ litir eile chuig Comhairle Contae na Gaillimhe an tseachtain seo caite inar moladh don Chomhairle dhá dheis thithíochta i gConamara Theas a thapú.
Tá dhá scéim tithíochta, ina bhfuil 22 theach san iomlán, ar díol i Ros an Mhíl agus in Eanach Mheáin. Tógadh na tithe ar dtús mar thithe saoire, ach ní mór athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh orthu anois.
Sa litir chuig an gComhairle, iarrtar tuairisc innealtóra agus meastachán costais a ullmhú chun gur féidir maoiniú a lorg ón rialtas lárnach le haghaidh na n-athchóirithe.
Dúirt cathaoirleach BÁNÚ, Donncha Ó hÉallaithe, “Faoi láthair tá sé thar a bheith deacair do dhaoine sa Ghaeltacht teach a cheannach nó fiú teach ar cíos a fháil. Tá sé seo ag brú daoine amach as a gceantar dúchais – agus má leanann sé sin ar aghaidh, beidh todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol tromchúiseach.”
Chuir sé béim freisin ar shuíomh na dtithe: ocht dteach i Ros an Mhíl, in aice le scoil, siopa, eaglais agus seirbhís bus, agus ceithre theach déag in Eanach Mheáin gar do sheirbhísí áitiúla.
“Seo deis órga nach ceart a scaoileadh uainn,” a dúirt sé.

Cáin tithe ar leas Ghaeilge na hAlban
Tá an Páirtí Glas in Albain ag iarraidh vóta a bhrú i bParlaimint na hAlban chun an cháin ar thithe saoire agus ar lóistín gearrthéarmach a ardú i gceantair ina mbíonn an Ghàidhlig á labhairt go forleathan.
Tá an Feisire Ross Greer, atá ina chomh-cheannaire ar na Glasaigh, ag cur leasú leis an mBille Tithíochta atá os comhair na Parlaiminte faoi láthair.
Má ghlactar leis an bplean, beidh cead ag airí cáin bhreise a ghearradh ar dhaoine atá ag ceannach tithe breise ar nós tithe saoire nó tithe a ligtear amach ar cíos go gearrthéarmach in áiteanna amhail na h-Eileanan Siar agus an t-Eilean Sgitheanach.
Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna tithe sna ceantair sin agus deir grúpaí pobail nach bhfuil soláthar tithe ann do dhaoine óga áitiúla.
Tháinig an moladh seo tar éis do Pharlaimint na hAlban an tAcht um Theangacha na hAlban a rith, acht a thugann stádas “Limistéar Tábhachta Teanga” do cheantair ina labhraítear an Ghàidhlig go forleathan.
Bheadh an cháin nua i bhfeidhm sna ceantair ainmnithe sin.
Dúirt Greer go bhfuil an Ghàidhlig ríthábhachtach ó thaobh cultúir agus staire de, ach go bhfuil sí i mbaol mar theanga phobail.
“Tá daoine óga á gcur amach as a gceantair féin de bharr praghsanna arda agus tithe folmha. Ní mór dúinn gníomhú anois,” a dúirt sé.
Táthar ag súil go mbeidh vóta ar an leasú i bParlaimint na hAlban go luath.

Cónaitheacht Heinrich Böll
Tá Cumann Heinrich Böll tar éis fógra a dhéanamh go bhfuil siad ag lorg iarratais ó ealaíontóirí le Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht le haghaidh cónaitheacht choicíse i dTeachín Heinrich Böll ar Oileán Acla in 2026
Tá an tionscadal á reáchtáil le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Chumann Heinrich Böll. Mar chuid den chónaitheacht, gheobhaidh an t-ealaíontóir roghnaithe liúntas €600 agus lóistín saor in aisce sa teachín. Beidh orthu féin na costais bhia, ábhair agus taistil a íoc.
Bhí Heinrich Böll, a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta in 1972, ar dhuine de na scríbhneoirí Gearmánacha ba cháiliúla san fhichiú haois agus chaith sé go leor ama ag scríobh agus i mbun machnaimh ar Oileán Acla sna 1950idí.
Tá Teachín Heinrich Böll feistithe le dhá sheomra leapa, cistin, seomra suí, dhá sheomra staidéir agus stiúideo. Mar sin féin, níl aon nasc teileafóin ná idirlín ann – rud a fhágann gur tearmann uathúil é don ealaíontóir atá ag iarraidh díriú go hiomlán ar a shaothar.
Is é cuspóir na cónaitheachta ná deis a thabhairt don ealaíontóir éalú ón ngnáthshaol laethúil agus Oileán Acla a úsáid mar fhoinse inspioráide dá chuid oibre.
Glacfar le hiarratais go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.
Breis eolais: heinrichboellcottage.com/