Príosúnach Cogaidh sa Chóiré: fear a chuir a pheiríocha de ann

Is léiriú é scéal John Buckley ar na hiarmhairtí uafásacha a bhain leis an gcogadh sa Chóiré

Cailleadh na milliúin daoine i gcoimhlint na Cóiré, 35, 000 saighdiúir san áireamh. Ghlac 10,000 Éireannach páirt ann. Maraíodh 110 díobh, gortaíodh 300 eile agus gabhadh 100 saighdiúir mar phríosúnaigh. Grianghraf: Three Lions/Getty Images
Cailleadh na milliúin daoine i gcoimhlint na Cóiré, 35, 000 saighdiúir san áireamh. Ghlac 10,000 Éireannach páirt ann. Maraíodh 110 díobh, gortaíodh 300 eile agus gabhadh 100 saighdiúir mar phríosúnaigh. Grianghraf: Three Lions/Getty Images

An pónaí a bhí in a chuid gruaige aige, sin a tharraing m’aird air den chéad uair. Ba stíl ghruaige aisteach ar fhear í, in ár mbaile dúchais go luath sna 1970idí. Is i gcúinne sa bheár, a bhí sé, ag ól pionta leis féin. Agus an chuma air go raibh sé báite ina chuid smaointe agus beagán trína chéile agus ar seachrán. Ba léir dom nach raibh fonn comhrá air ach oiread. Fear toirtiúil láidir leathanghuailleach ba ea é agus duine nach gcuirfeá aon chantal air.

Dúradh liom gur throid sé i gCogadh na Cóiré agus gur thug na Sínigh céasadh uafásach dó mar phríosúnach cogaidh. Cé gur bhuail mé leis cúpla uair ina dhiaidh sin, ní raibh fonn air labhairt faoin gcogadh. Mar a tharla bhí mé an-chairdiúil lena dheartháireacha agus roinn siad scéalta liom faoi mar dhuine ag fás aníos agus faoin gcéasadh a rinneadh air sa Chóiré.

Is saineolaí aitheanta é James Durney ar Chogadh na Cóiré agus tá leabhair scríofa aige faoin ról a ghlac fir Éireannacha sa chogadh. In ’Irish Casualties in the Korean War 1950-‘53’, cuireann sé síos ar agallamh a rinne sé le John ina gcuireann seisean síos ar an ngreadadh a fuair sé nuair a gabhadh é.

Idir 1910-1945, bhí an Chóiré mar chuid d’impireacht na Seapáine. Nuair a cloíodh an tImpireacht sa Dara Cogadh Domhanda, ghabh trúpaí de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus de chuid Mheiriceá isteach sa Chóiré. Roinneadar an tír, ina dhá chuid: Tuaisceart agus Deisceart.

Sa Chóiré Theas toghadh rialtas faoi anáil Mheiriceá agus faoi thionchar an chórais chaipitleachais. Bunaíodh stát cumannach faoi stiúir na Rúise sa Chóiré Thuaidh agus is é Kin II-sung – seanathair fhear na gruaige aistí atá ina cheannaire faoi láthair – a bhí i gceannas air. Ba é croí na fírinne ná gur tarraingíodh John Buckley, fear óg bocht, isteach i gcomhrac idé-eolaíochta idir an caipitleachas is an cumannachas.

Cé gur tharraing an Rúis agus Meiriceá a gcuid fórsaí amach as an gCóiré in 1949, lean naimhdeas agus scirmisí idir airm an dá thaobh. Ar deireadh rinne an Chóiré Thuaidh ionradh ar an gChóiré Theas i mí an Mheithimh, 1950 agus thosaigh cogadh ann a mhair ar feadh trí bliana.

Rugadh agus tógadh John Joseph Buckley in 1931. Ba shaighdiúir a athair in arm na hÉireann agus bhí sé deaslámhach i gceann dornálaíochta. Chuaigh John ar scoil na mBráithre Críostaí ar an mbaile i Mainistir Eimhín, Contae Chill Dara. Ba bhuachaill deas lách é a chleacht dornálaíocht é féin le linn a óige agus bhí gealladh faoi, dar lena dhearthár.

In 1950, liostáil sé in arm na Breataine i mBéal Feirste agus cuireadh é ar post i Sasana. Tar éis trí mhí, seoladh é go dtí an Chóiré mar bhall de Raidhfilí Ríoga Uladh faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

…tugadh air seasamh ar aire arfeadh trí lá i mbeagán éadaigh sa drochaimsir. Ansin caitheadh isteach i bpoll é, áit ar chaith sé deich mí.

I mí Eanáir 1951 gabhadh é agus saighdiúirí eile ag an gcath i Happy Valley – nach cruálach íorónta an t-ainm é! Tugadh orthu máirseáil 38 míle ó Seoul tríd thuath sceirdiúil dhearóil ghruama lom ina raibh an teocht 30 céim faoi bhun an reo phointe. B’éigean dóibh fanacht i dtithe taise dreancaideacha de chuid mhuintir na háite. Ní raibh solas ná córas aerála ar fáil ag na stadanna ar feadh na slí.

Ní raibh le hithe acu ar an máirseáil a mhair 25 míle in aghaidh an lae ach eorna amh agus muiléad. Agus uaireanta bhí siad gan bia ar bith. Shroich siad Campa 5 cóngarach don Abhainn Bhuí agus iad tnáite traochta agus in ísle brí. Chaith John dhá bhliain go leith mar phríosúnach cogaidh sa Chóiré Thuaidh, i gcampa darbh ainm ‘Campa Ifrinn’ . Dúirt sé i dtuairisc níos déanaí gur iompraíodh 36 corpán amach as an gcampa gach lá.

Caitheadh go hainnis leis ann: tugadh air seasamh ar aire ar feadh trí lá i mbeagán éadaigh sa ndrochaimsir. Ansin caitheadh isteach i bpoll é – áit ar chaith sé deich mí. Is príosúnaigh a chuaigh i gcoinne an pholasaí chumannaigh a caitheadh isteach sa champa sin.

Rinne na cumannaithe a seacht ndícheall na príosúnaigh a thiontú chuig an gcumannachas ach ní raibh rath ar bith ar a gcuid iarrachtaí. De réir Buckley, dúirt a ghabhálaithe leo go slánóidís iad ón sclábhaíocht chaipitlíoch agus go mbeadh caighdeán maireachtála níos fearr acu dá gcuirfí an t-athoideachas cuí orthu.

Ar ócáidí eile, d’fhulaing sé ciapadh nuair a sileadh uisce go mall ar a phlait, ar a chlár éadain agus ar a aghaidh. Rinne an céasadh seo damáiste dá intinn agus chothaigh sé faitíos agus imní ann a mhair fad a shaoil. Dá bharr sin, bhí sé síorairdeallach ar dhaoine ag teacht aniar aduaidh air, nó dá gcuirfeadh aon duine a lámh thart air ón gcúl d’fhéadfadh sé sin é a spreagadh chun foréigin, mar a tharla uaireanta, dar lena dheartháir.

Nuair a fógraíodh go raibh sé ar iarraidh i gcomhrac sa chogadh, níor chreid a mháthair riamh go raibh sé marbh agus bhí sí cinnte go dtiocfadh sé abhaile chuici arís. Agus nuair a chuir John a chos thar a tairseach in 1953, bhí sí i dtámhnéal áthais.

Cailleadh na milliúin daoine i gcoimhlint na Cóiré, 35, 000 saighdiúir san áireamh. Ghlac 10,000 Éireannach páirt ann. Maraíodh 110 díobh, gortaíodh 300 eile agus gabhadh 100 saighdiúir mar phríosúnaigh. Fuair dháréag saighdiúir agus naonúr misinéirí ó Éirinn bás sna campaí daoroibre ann.

Nuair a d’fhág John an t-arm, ba mhór an t-ualach air: tráma, ciontacht agus tragóid uafás na cogaíochta. Fuair sé post le Bardas Derby i Sasana agus teach mar chuid den phost sin. Mar sin féin, ba chrua an saol a bhí ag dul air i gcónaí: tháinig deireadh lena a phósadh go luath agus cailleadh a bheirt pháistí go tragóideach ina n-óige. Is é is dóichí gurbh é seachadadh tráma idir ghlúine ba chúis lena saolta corraithe. Amhail príosúnaigh chogaidh eile, bhíodh athchuimhní, tromluithe agus taomanna imní á chrá le linn a saoil. Is é toradh an ghalair sin ná go sileann sé tríd an sícé; dorchaíonn sé an intinne; creimeann sé brí na beatha agus fágann sé an duine curtha bunoscionn.

Is cóir ómós cuí a thabhairt do John Buckley. B’ógánach é nach raibh maoin ón mbroinn leis. Liostáil sé in arm na Breataine ar chúiseanna eacnamaíochta agus eachtraíochta. D’fhulaing sé batráil phionóis sa chogadh. Ach in ainneoin sin, léirigh sé crógacht agus teacht aniar dochreidte agus níor ghéill sé riamh dá chráiteoirí.

D’éag sé in 2011 ag aois 80 bliain agus tá sé curtha in uaigh an teaghlaigh i Mainistir Eimhín.

Fóclóir: cantal - petulance; céasadh - torture; domhanleithead - latitude; deaslámhach - handy; dreancaideach - flea-infested; gaibhniú aonair - solitary confinement; cúlsplanc - flashback.