Teach beag scáfar

Cé a cheannódh teach san ardchathair?


Dallamullóg orm uair amháin, náire ortsa; dallamullóg orm faoi dhó, is bómán ceart mise.

Ritheann sé sin liom agus mé ag breathnú ar “theach beag den seandéanamh” i gCrois Haraild a bhfuil “carachtar, pearsantacht agus seasamh dearfach” ag baint leis.

Tá a fhios agat go bhfuil tú i dtrioblóid nuair atá antrapamorfachas á dhéanamh ar theach; an chéad rud eile, beidh siad ag rá leat gur craic iontach atá ann.

Tá sé 450 troigh cearnaithe. Tá rátáil brrrrrr de G aige, mar sin, tá sé Baltach.

READ MORE

Agus tá an dá sheomra leapa 6’5’’ ar leithead. Ag an ráta go bhfuil sé ag fás, dá gceannóinn an tigh seo, bheadh mo mhac ní b’airde ná mar a bheadh a sheomra leathan i gceann bliana.

€285,000 atá air.

“Nach bhfuil sé sin beagáinín costasach,” arsa mise leis an ngníomhaire eastáit, “i bhfianaise chomh beag atá sé?”

“Bhuel,” arsa sise, “timpeall an cheantair seo, ní bhfaighidh tú aon rud faoi bhun €280,000. Tá Baile Átha Cliath 6 ar cheann de na háiteanna is daoire sa tír.”

“Táimid i mBaile Átha Cliath 6W,” a dúirt mise.

Bhreathnaigh sí orm amhlaidh is go raibh an ghráin dhearg aici orm.

“An bhfuil do mhorgáiste ceadaithe?” arsa sise, ag athrú an ábhair.

“Tá,” arsa mise, ag insint bréag lom.

“Cé mhéad atá ceadaithe agat?”

Anois, tá an ghráin dhearg agamsa uirthise.

“Suas le €400,000,” arsa mise, m’aghaidh ag nochtadh gur bhréagadóir mé. I bhfírinne, i bhfianaise na héarlaise bige atá agam agus mo chuid sonraí airgeadais uilig eile, bheadh an t-ádh liom dá bhfaighinn leath an mhéid sin ó bhanc.

Tá an teach beag. Tá sé costasach. Tá sé gránna.

Ach tá scoil agus cairde mo mhic in aice láimhe.

Agus tá scaoll do mo bhualadh mar tá imní orm go rachaidh na praghasanna as smacht i 2015 agus nach mbeidh sé d’acmhainn agam rud ar bith a cheannach sa bpríomhchathair.

Ach is é an scaoll sin a chuireann na focail ag tús an ailt seo i gcuimhne dom. Ba é an scaoll sin an mothúchán a ba chúis le mo chinneadh tubaisteach teach a cheannach den chéad uair roinnt blianta ó shin. An chéad uair a cuireadh dallamullóg orm.

Ní dóigh liom gur gá dom na sonraí uilig a insint daoibh. Is leor an bhliain – 2007 – a lua agus a rá go bhfuilim anois i mo chónaí le mo mháthair. Is féidir libhse na bearnaí a líonadh, táim cinnte, mar tá cnámha an scéil amhlaidh i gcás na mílte duine sa tír.

“In real estate and in life, it’s almost always best to act opposite to the herd,” a dúirt an t-infheisteoir clúiteach Warren Buffett roimhe seo.

Ach sa tír seo, táimid mar thréad caorach; ag leanúint na n-ainmhithe eile go bómánta, caoránta.

Bhí ardú suntasach ar phraghsanna sa bpríomhchathair idir deireadh 2013 agus deireadh 2014: 20 faoin gcéad, de réir suirbhé a d’fhoilsigh Daft.ie le gairid.

Deir na gníomhairí eastáit gur féidir linn a bheith ag súil le hardú eile i 2015, ach mar a dúirt an cailín rince leis an mbreitheamh: “Déarfaidís é sin, nach ndéarfaidís?”

Ní féidir le haon duine barúil a thabhairt, i ndáiríre, faoi cé acu atá muid i lár bolgáin eile nó nach bhfuilimid.

Ach d’uireasa fógra cinnte ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le céard go díreach atá ar intinn acu maidir le héarlaisí agus teorainneacha morgáiste, tá mé féin den bharúil go mb’fhéidir go bhfuil daoine ag ceannach maoine sa bpríomhchathair faoi scaoll mar go bhfuil eagla orthu go mbeidh orthu éarlais 20 faoin gcéad a bheith acu i gceann roinnt míonna.

Mar sin, tá mé chun fanacht. Níl muinín agam as aon duine chomh fada is a bhaineann sé le tithíocht; níl iontaoibh agam as na saineolaithe, na polaiteoirí ná na gníomhairí eastáit ach go háirithe.

Cuireann an gníomhaire eastáit glaoch orm cúpla lá théis dom breathnú ar an teach beag bídeach a raibh “pearsantacht ollmhór” ag baint leis.

“Glaoch cúirtéise anseo,” a dúirt sí, “mar eolas duit, tá casadh ar an scéal maidir leis an teach sin. Bhí beirt ag cur tairiscintí faoinár mbráid agus tá margadh aontaithe againn le duine amháin acu anois ag €295,000.”

“Cén fáth go bhfuil tú ag cur glaoch orm má tá an díol aontaithe agat?” arsa mise.

“Níl ann ach glaoch cúirtéise,” a dúirt sí.

Déarfadh sí é sin, nach ndéarfadh?

Seachtain ní ba dhéanaí, bhí sí ar ais ar líne.

I 2015, táim ocht mbliana níos sine ná mar a bhíos i 2007, ocht mbliana níos ciallmhaire agus thart ar €110,000 níos boichte. Ní dhéanfaidh mé an botún céanna arís.

Gheobhaidh mé teach uair éigin amach anseo ina mbeidh mo mhac in ann síneadh amach ar an urlár ina sheomra. Níl de dhíth ach muinín gan an tréad a leanúint go caoránta.