Scéal an ‘Guerrillero Heroico’

Maíodh tráth gur réabhlóidithe ba mhó a bhí á n-easpórtáil ag Cúba

Foclóir: Armlóin - ammunition, deachtóir - dictator, ceannaire - leader, síneadh - stretching, druidim - drawing close, réal - develop, criathraithe - riddled, Milano - Milan.

I Márta na bliana 1960 pléascadh long iompair Francach i gCuan Habana, Cúba. Bhí an long ag seachadadh armlóin ón mBeilg. Maraíodh 76 duine agus gortaíodh na céadta eile. Bliain roimhe sin, chuir Fidel Castro, ceannaire réabhlóid Chúba an ruaig ar an deachtóir míleata Fulgencio Batista.

Sa chogadh réabhlóideach sin bhí páirteanna suntasacha ag Raul Castro, deartháir Fidel, agus an dochtúir carasmatach Ernesto (Che) Guevara. Roimhe sin bhunaigh na fir seo Gluaiseacht 26 Iúil i Meicsiceo agus d’fhill ar Chúba chun an sean chóras a bhriseadh.

Chuir Fidel an milleán ar CIA na Stát Aontaithe faoin mbuamáil i gCuan Habana mar go raibh olc ar Washington nuair a d’éirigh le Réabhlóid Chúba - go háirithe agus tionchar na Sóivéide anois ag síneadh chomh fada le réigiún nach raibh ach 100 míle ó chósta Florida. D’eagraigh Fidel sochraid stáit agus searmanas cuimhneacháin dóibh siúd a maraíodh sa phléasc.

READ MORE

Bhí a chara Alberto Korda, grianghrafadóir, i láthair mar aon le fealsúnaigh mór le rá na Fraince, ina measc Simone de Beauvoir agus Jean-Paul Sarte.

Bhí post ag Korda mar ghrianghrafadóir faisin roimh an réabhlóid ach tar éis dó cairdeas a dhéanamh le Fidel, níorbh fhada go raibh sé ina ‘ghrianghrafadóir stáit’ ag taifeadadh eachtraí na Réabhlóide .

Ag baint úsáide as ceamara Leica M2, lódáilte le scannán Kodak Plus-X agus lionsa 90 mm, chliceáil Korda an chomhla fad a bhí Che Guevara ag druidim leis. D’aimsigh sé an réabhlóideach agus an t-iriseoir Jorge Masetti idir é is léas le crann pailme ar thaobh na láimhe deise sa fhráma.

Dúirt Korda blianta ina dhiaidh sin: ‘Bhí leathshúil sáite agam i lorgán radhairc mo shean cheamara Leica ar bhun an phóidiam agus mé ag díriú ar Fhidel agus ar na daoine mórthimpeall air.’ Go tobann d’éirigh Che os a chomhair. Stán Che ar ais air trín lionsa 90 mm agus bhain sé stad as Korda. Ar an bpointe boise chliceáil sé faoi dhó. ‘Tharla an rud go léir taobh istigh de leathnóiméad.’

Tamall ina dhiaidh sin nuair a réal Korda an grianghraf shocraigh sé ar é a ghearradh siar beagáinín. Ghearr sé amach Masetti agus an crann pailme agus fágadh staidéar dubh agus bán de Che Guevara ag caitheamh a bhairéid Bhascaigh chlúitigh lena réalta airgid.

Chroch Korda an grianghraf ar bhalla a stiúideo in aice le portráid den fhile Sileach Pablo Neruda. Bhaist sé ‘Guerrilla Heroica’ (Treallchogaí Laochta) ar an ngrianghraf. Dar leis go raibh Guevara ‘encabronado y doliente’ nó tinn tuirseach agus i bpian nuair a tógadh an grianghraf. Bhí bás na ndaoine a maraíodh sa phléasc ag goiliúint air.

D’fhág Che Guevara Cúba sa bhliain 1965 chun réabhlóid a chothú i dtíortha eile. Faoin mbliain 1967 rug fórsaí na Bolaive air agus caitheadh é.

Dar ndóigh b’é arm na Stát Aontaithe a thraenáil Arm na Bolaive. Thaispeáin saighdiúirí na Bolaive corpán criathraithe Guevara do mheáin chumarsáide an domhain.

I lár na seascaidí bhí réabhlóid agus athrú sóisialta á n-iarraidh ar fud an domhain. Shiúil na mílte ógánach ag léirsiú in aghaidh Chogadh Vítneam agus an tsíocháin, an grá, agus an ceol á gcur chun cinn acu.

Bhí an-tóir go deo ar pholaitíocht na heite clé i measc daoine óga an fhrithchultúir, óige an iarchogaidh a chuir in aghaidh mheon choimeádach a dtuismitheoirí agus tomhaltas na glúine a tháinig rompu.

Le linn dó a bheith ar cuairt ar theach Korda i gCúba go luath i ndiaidh sin chonaic radacach Iodálach darbh ainm Giangiacomo Feltrinelli an grianghraf a thóg Korda.

Bhí sé thar a bheith tógtha leis agus d’iarr sé dhá chóip ar Khorda. Bhí seisean sásta dhá chóip a thabhairt dó saor in aisce.

Foilsitheoir ba ea Feltrinelli a chaith na blianta ag taisteal ar fud na cruinne agus é ag casadh ar radacaigh agus réabhlóidithe. D’fhoilsigh sé paimfléid agus leabhair le réabhlóidithe ar nós Fidel Castro, Che Guevara agus Ho Chi Minh. Ba é a d’fhoilsigh an t-úrscéal Dr Zhivago le Boris Pasternak den chéad uair san Iarthar. Maraíodh faoi chúinsí amhrasacha é i bpléascán in aice le Milano i 1972.

Tá a fhios ag an saol mór is a mhac céard a tharla ina dhiaidh sin - nó mar a deirtear anois scaip an grianghraf ‘mar a bheadh víreas’ ar fud an domhain.

Deirtear gur dháil Feltrinelli suas le 2,000,000 póstaeir den ghrianghraf de Che Guevara sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

Ó bharacáidí mhic léinn Pháras na Fraince i 1968 go hárasáin lán toite mhic léinn Ollscoil Bhaile Átha Cliath i Ráth Maoinis, a chaith marijuana agus a phléigh ‘Réabhlóid Chiúin’ na bliana 1969, ó chlúdach albaim American Life le Madonna, go póstaeir sícideileacha Jim Fitzpatrick, ó spéaclaí gréine Jean-Paul Gaultier go campaí na dteifeach, maireann an grianghraf íocónach fós cé go bhfuil Che Guevara sa chré le fada an lá.

Maíodh tráth gur réabhlóidithe ba mhó a bhí á n-easpórtáil ag Cúba.

Ach leis an gcóras sláinte ina bhunchloch ag an gcóras, b’fhéidir nach aon iontas é gurb iad a cuid dochtúirí agus altraí atá ‘á n-easpórtáil’.

Seasca bliain agus cúpla seachtain tar éis ghlacadh an ghrianghraif úd d’eitil buíon 52 dochtúirí agus altraí as Cúba go dtí an Iodáil le dul chun troda sa chath idirnáisiúnta is déanaí - an cath in aghaidh an víris Cóivid-19.