Píobairí aon phoirt

Ní dócha go mbeidh slánú Pháirtí an Lucht Oibre le fáil i bhfiosrúchán na mbanc

Cloistear port amháin ag polaiteoirí Pháirtí an Lucht Oibre de shíor na laethanta seo. Agus sin é go n-athrófar gach rud nuair a thiocfas an
fiosrúchán Oireachtais ar bhaincéireacht ar an bhfód.

Dar leo, claochlú agus slánú iomlán a bheas i gceist dá bpáirtí féin. Cuirfear iar-pholaiteoirí agus airí Fhianna Fáil sa ghabhann agus tabharfaidh sé seans aithris phoiblí a dhéanamh in athuair ar an scéal náireach a bhain leis an seandream. Maraon leis sin, cuirfidh sé i gcuimhne don phobal i gcoitinne gurb iadsan a bhí freagrach as an ngátar agus as an bhfulaingt go léir le ceithre bliana anuas.

Tá fadbhanna leis an réasúnú sin, faraor, don Lucht Oibre; ní mheasaim go
bhfeicfidh muid mórán
athraithe ag teacht ar thacaíocht an pháirtí (a thit go mór le dhá bhliain anuas) de dheasca aon fhiosrúcháin phoiblí.

Sa chéad dul síos, caithfear breathnú ar nádúr agus cumhacht an fhiosrúcháin. Tá an dá ghné sin lag go maith agus ar chúis an-simplí – nuair a tháinig an comhrialtas chun cumhachta ghealladar go ndéanfadh siad deimhneach de go mbeadh níos mó
cumhachtaí ag an Oireachtas chun fiosrúcháin
chuimsitheacha théagartha a reachtáil. Ach bhí constaic mhór sa bhealach agus b'shin é an rialú a rinne na cúirteanna maidir leis an bhfiosrúchán Oireachtais a rinne iniúchadh ar an gcaoi a lámhachadh John Carty, fear óg domheanmnach, tar éis imshuí fada leis na gardaí i Mainistir Leath Rotha, Co Longphoirt.

READ MORE

Sa chás sin, chinn na
cúirteanna nach raibh sé de chead ag Coiste Oireachtais cinneadh fírice a dhéanamh maidir le duine nach raibh ina Theachta Dála ná ina
Sheanadóir a d'ísleodh cáil an duine sin i súile an phobail.

Chuir breith na cúirte sin srian daingean ar fhiosrúcháin Oireachtais go ceann deich mbliana nó gur tháinig an comhrialtas nua chun
cumhachta.

Bhí reifreann ag teastáil agus tharla sin gan mhoill. Ach rinneadh praiseach den fheachtas rialtais agus
cailleadh an reifreann. Meascán de bharraíocht cumhachtaí (do na coistí) agus bogásacht (i dtaobh fheachtas an Rialtais) a bhí i gceist. Nuair a cailleadh an reifreann ní raibh mórán rogha ag an Aire Brendan Howlin ach a bheith dílis do chinneadh na ndaoine sa reifreann sin.

An toradh? Bhuel, beidh na cumhachtaí teoranta go maith nuair a thosófar ar an
bhfiosrúchán. Ní bheidh sé de chumhacht ag aon teachta aon cheist a chur a dhéanfadh amach go raibh saoránach mí-ábharach ná míchuí.

Fós féin, feictear scaití go mbíonn rudaí áirithe fíor-éifeachtach d'ainneoin easpa cumhachta. Chonaic muid dhá eiseamláir mhaithe i mbliana – an Chúirt
Chróinéara ag fiosrú bhás Savita Halappanavar agus an Coiste Oireachtais ag bailiú fíricí agus tuairimí maidir le reachtaíocht ghinmhillte. Bhí sé suntasach sa dá chás gur tháinig na rudaí is tábhachtaí chun solais, ní sna tuairiscí ach le linn do dhaoine a bheith ag tabhairt fianaise. Bhí an pobal a lean na héisteachtaí (agus na tuairiscí laethúla sna meáin) in ann a n-intinn féin a dhéanamh suas gan gá a bheith ag brath ar thuairisc oifigiúil.

Creideann roinnt teachtaí go dtarlóidh an méid seo a leanas. Tiocfaidh Brian Cowen, Bertie Ahern agus na hiar-airí go léir os comhair an choiste i
dteannta na n-iarbhaincéirí.

Nochtfar fíricí nua agus rúin a bhí faoi cheilt go hiomlán nó gur thosaigh na fíréin ar an gcoiste ag cur na gceisteanna crua. Agus mar thoradh air sin, feicfidh muid borradh mór faoi stádas agus thacaíocht an Lucht Oibre (agus Fhine Gael agus Shinn Féin).

An deacracht leis an teoiric sin? Sa chéad dul síos, ní chreidim go bhfuil aon
rúndiamhair a bhaineann leis an oíche ar tugadh slánaíocht do na bainc i Meán Fómhair 2008. Maíonn roinnt daoine go raibh comhcheilg éigin agus uisce faoi thalamh ag baint le heachtraí na hoíche sin. Ní chreidim é, caithfidh mé a rá. Mo thuairim féin ná go raibh an Rialtas faoi bhrú millteach ama agus go ndearnadh cinneadh ar an bpointe boise gan go leor machnaimh a dhéanamh faoi na himpleachtaí.

Chonaic muid ón agallamh a rinne Brian Cowen le hOprah TG4 – Máirtín Tom Sheáinín – nach raibh seisean toilteanach aon eolas sa bhreis a chur os comhair chúirt an phobail. Agus cé go mbíonn an-tuairim acu dá gcáil féin, níl mórán de mhianach Rumpole of the Bailey le brath i measc ár dteachtaí. Ná bí ag súil le ceisteanna géara a nochtfas eolas damanta nua. Séard a fheicfeas muid ná aire Fhianna Fáil faoi ionsaí ag teachtaí an Rialtais agus teachtaí Fhianna Fáil á gcosaint – an “dornfhéile” chéanna a feictear sa Dáil.

B'fhéidir go bhfuilim róghéar orthu. Tá sé feicthe cheana go mbíonn teachtaí agus seanadóirí lán-ullamh chun cúraimí den chineál seo a chomhlíonadh agus ní thugann siad aird ar an
chlaonpháirteacht.

Ar bhealach, mar a dúirt teachta liom, séard a thiocfas amach as fiosrúchán an scéal nó “insint” ar an ngéarchéim.

Ní dóigh liom gurb é seo a thiontóidh meon an phobail ar ais i dtreo an Lucht Oibre. Braithfidh sé sin ar chúrsaí eacnamaíochta. Má thagann feabhas ar chaighdeán
maireachtála an phobail agus má bhíonn an Lucht Oibre in ann taispeáint go sonrach gurb é a rannpháirtíocht i Rialtas a bhí freagrach as... Bhuel, is ansin a fheicfeas muid ardú tacaíochta don pháirtí.