Ar chlár surfála na Gaeltachta arís eile

Ní fada go mbeidh an mhuintir óga ag dul siar chun na Gaeltachta


Ní fada go mbeidh na géanna fiáine ag eitilt siar chun na Gaeltachta. Beidh na chéad chúrsaí sna coláistí samhraidh ag tosú go luath agus beidh trup busanna agus callán na hóige le cluinstin thiar.

Caithfidh sé gur comhartha buan de chuid an tsamhraidh atá ann do mhuintir na Gaeltachta faoin am seo – na busanna ar bhealtaí na tuaithe agus scoláirí ag léim astu mar a léimeann an dreoilín as an fhál.

Is í an réamhphleanáil a chuireann iontas orm – réamhphleanáil na bpáistí iad féin. Caithfidh siad éadaí nua a fháil don chúrsa. Peaca marfach – ag na cailíní cibé ar bith – outfit repeat, is é sin, go bhfeicfear do phictiúr ar na meáin sóisialta agus an t-outfit céanna ort faoi dhó. Ceannaíonn siad geansaithe nua as siopa Uí Néill – beidh cailíní ag caitheamh geansaithe de chuid contaetha nach leo de bharr go dtaitníonn na dathanna leo!

Ní fíor sin do na gasúir; is iad a bíos dílis don chontae s’acu féin, do chlubanna sacair na Breataine agus na Mór-roinne. Níl ceist ar bith ann go roghnaítear na geansaithe de bharr dathanna!

READ MORE

Tá cleachtadh acu uilig ar chlár oibre an choláiste. Tá a fhios acu uilig go léir go mbeidh céilí contae ann agus go mbeidh céile bréagéadaí ann. Tugann siad na bréagéadaí leo – agus b’fhéidir gur maith sin. Níl seans ar bith ann go mbeidh na scoláirí ag tógáil bhraillíní bhean an tí – i ngan fhios di – le feisteas taibhse a dhéanamh. Faraor, ní thiocfaidh braillín bhean an tí ar bith slán agus dhá pholl gearrtha as do shúile scoláire.

Cuirfear aithne ar chairde nua; titfidh siad amach le seanchairde; titfidh siad amach leis na cairde nua agus beidh siad mór leis na seanchairde arís. Beidh caint agus comhrá ann, éad, bia a thaitníonn leo agus bia nach dtaitníonn, fearthainn, fuacht, grian, gaoth, siúlóid, cumha, comrádaithe, naimhde, féar, gaineamh, grá, crá, trá, oícheanta fada cainte, tinneas cinn, tinneas boilg, tinneas múinteoirí, ranganna, ceol, tuilleadh fearthainne.

Ina dhiaidh sin uilig, ní fada go mbeidh an t-ullmhúchán ar siúl leis an bhus abhaile ar ais – agus deora.

Cur agus cúiteamh an chúrsa samhraidh, lag trá agus lán mara an chroí óig.

Beidh cúpla focal Gaeilge ann fosta. Beidh glúin eile de mhuintir na Gaeltachta i dTír Chonaill cráite le “Cad é mar?” (Cad é mar what, ffs?) Cá bhfios nach mbeidh pobail eile Ghaeltachta cráite le “Conas?” agus “Caoi?” mar bheannacht?

Dhéanfaidh an chuid is mó de na daltaí dearmad de na focail ach mairfidh gean don Ghaeltacht agus cuirfidh siad a gcuid páistí siar nuair a thiocfas an t-am.

Beidh sciar beag bídeach eile ann agus rachaidh an mhistéir thiar i bhfeidhm orthu. Beidh siad éigiallta go leor le greim a fháil ar chlár surfála na cainte agus iad féin a chaitheamh le tonnta na teanga.

Caithfidh siad a saol ag lúbadh idir saoistí na mara agus is minic a chaithfidh na tonnta sa tsáile iad. Sea, is minic a bheas siad báite ach – anois agus arís – aimseoidh siad an tonn cheart, an tonn fhoirfe, an tonn le toil, agus beidh siad seal ina Manannán Mac Lir.

Sea, tá fadhbanna móra ag an Ghaeltacht. Ní fiú sin a shéanadh. Ach tá samhradh eile ann agus tá na cúrsaí samhraidh ar tí tosú. Maireann lucht na Gaeilge beo mar phobal teanga, más ar éigean é. Tá an óige ag triall siar mar is dual agus mar is ceart.

Bímis sásta go bhfuil deis eile surfála ann – inniu cibé ar bith.

Murach RnaG...

Tá sraith spéisiúil ar siúl ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair,

Murach gur tharla

, turas treoraithe trí stair na hÉireann. Dónall Ó Maolfabhail a chuireann an t-ábhar i láthair agus a léiríonn an clár.

Thosaigh an chéad chlár le plé agus díospóireacht ar theacht na Críostaíochta go hÉirinn. Bhain an méid sin preab asam nó níor luaithe gur chuala mé caint ar an ‘dá Phádraig’ gur mhothaigh mé go raibh mé i m’fhochéimí ollscoile arís.

Labhair Ó Maolfabhail le saineolaithe ar stair luath na tíre agus ar shaothar agus ar chuspóirí lucht na misean an t-am sin. Comhrá breá bríomhar a bhí ann; lucht ollscoile i mbun cainte seachas i mbun léachta.

Bhí Róisín Ní Eadhra i gcuideachta Uí Mhaolfabhail agus tuairiscí dá cuid féin aici le daoine a bhí ag plé leis an réimse sin staire fosta.

Ba dheas an mheascra é. Maireann an clár uair an chloig agus ba dheacair ag aon láithreoir amháin, dá chumasaí é, cluas an éisteora a choinneáil greamaithe den raidió an fad sin.

Brian Borómha a bhí faoi chaibidil le linn an dara clár agus beidh clár an tSathairn seo chugainn ag plé le hAnraí II – búúúúúúúú! – agus a ionradh ar Éirinn.

Scrúdóidh cláir eile Imeacht na nIarlaí, Cogadh an Dá Rí, Fuascailt na gCaitliceach, an Gorta Mór, Cogadh na Talún, an CLG, an IRB, Bunreacht 1937, agus próiseas na síochána.

Is ag 11 a.m. Dé Sathairn a chraoltar an clár. Caifé, caint, ciall agus cúpla scóna. Cad é eile a bheadh de dhíth ort?