Luíochán na Luíochán

Is mó sin luíochán i rith chogadh na saoirse ina raibh arm na hÉireann buacach

B’ iontach agus b’íoróineach é bua sciliúil pheileadóirí Thiobraid Árann i gcraobh chaide na Mumhan. Grianghraf: INPHO/James Crombie

B’ iontach agus b’íoróineach é bua sciliúil pheileadóirí Thiobraid Árann i gcraobh chaide na Mumhan. Grianghraf: INPHO/James Crombie

 

Ba mhór ab fhiú an comóradh agus na cuimhní a déanadh ar Dhomhnach na Fola an mhí seo caite d’fhonn tuiscint an phobail a dhúiseacht arís faoi chogadh na saoirse. B’ iontach agus b’íoróineach é bua sciliúil pheileadóirí Thiobraid Árann i gcraobh chaide na Mumhan cothrom lá an tsléachta úd, agus is beag duine go fiú i gCorcaigh a mhaífeadh a gcaithréim orthu. Cén duine adéarfadh nach maireann stair na n-aoiseanna i gcnámha an lae inniu?

Seachnaíodh aon phlé ceart ar an luíochán ba thábhachtaí dar tharla le linn chogadh na saoirse, agus ní móide go bpléifear anois é i ndiaidh eachtraí tvuíteála na seachtaine seo caite. Ba thrua sin, mar in ainneoin aighnis an lae b’í seo an chailliúint ba mhó a d’fhulaing fórsaí an rialtais ghallda le linn an chogaidh in aon chath amháin agus a chuir cor chomh mór céanna in imeachtaí an ama is a chuir Domhnach na Fola.

Cor míleata seachas cor bolscaireachta is mó a chomharthaigh luíochán Chill Mhichíl óir taispeánadh go bhféadfadh arm na hÉireann a bheith chomh cumasach, chomh glic, chomh beartach, chomh fíochmhar leis na fórsaí gabhála a raibh seanchleachtadh acu ar phobail dúchais a chloí gan trócaire.

Ba bhaoithe na mbaoithe aon iarracht a dhéanamh dul chun cogaidh pus le pus. Bhí cleachtadh ag an mBreatain sin a dhéanamh ar an Somme agus ag Ypres agus Paschendaele inar seoladh íobartaigh bhochta ina gcaoirigh chun an tseamlais ina mílte agus ina mílte ina sraitheanna sínte. B’é an luíochán sleamhain slíthéanta slíomach meatachliste cróga an t-aon bhuachaill amháin.

Is mó sin luíochán i rith chogadh na saoirse ina raibh arm na hÉireann buacach. Cuid acu, bhí beag go leor, ach bailíonn brobh beart. Seisear de ghiollaí na corónach a maraíodh ag an Rinnín i gContae an Chláir mar shampla, aon duine dhéag ag Droim Caoin, triúr a meastar ag Cúl an Bhuacaigh cé gur mhair an cath ar feadh ceithre huaire an chloig, agus seans gurb é troid Chrois an Bharraigh an ceann ba ghaisciúla ar fad maidir le hoirbhearta caola cogaidh agus éalaithe de.

Ach ar chúiseanna maithe soiléire b’é luíochán Chill Mhichíl an ceann ba tháscúla ar fad. Tharla seachtain tar éis ár Pháirc an Chrócaigh. Le tamall roimhe sin bhí míleataigh éagsúla an rialtais idir RIC, Phóilíní Cúnta, Dhúchrónaigh agus shaighdiúirí, arb aon dream amháin iad ar deireadh, go poimpmhórtasach ag leagadh tithe, ag creachadh bailte agus ag déanamh spág ar bolg ar fud na tíre. Ba ghá seasamh a dhéanamh. Is ina dhiaidh a thuig na Sasanaigh go gcaithfí an cheannairc seo a chur faoi chois gan taise mar a déanadh go minic cheana san India, san Afraic Theas, san Iaráic (ach cá stopfaimid?), nó neachtar acu, réiteach a dhéanamh.

Mar a tharlaíonn go minic déanadh iarracht ar dhrochmheas a chaitheamh ar an luíochán seo. B’é an staraí Peter Hart a thionscain, á áiteamh dó gur dúnmharú lom a bhí ann toisc gur ghéill na Sasanaigh agus gur lámhachadh iad tar éis a ngéillte. Eachtra léanmhar i scríobh na staire an chonspóid seo, óir is beag duine creidiúnach anois a ghéilleann nach cumadóireacht mhaol a dhein Hart agus gur cheap sé fínnéithe gan ainm ar cuma nó taibhsí iad nach féidir a bhréagnú. Níorbh aon mhaise ar an stair mar ghairm go dtabharfaí cluas do dhuine ar léir gur bholscaireacht dhorcha a bhí ar siúl aige. Faire! Faire! Seachnaítear an staraí gurb iad dílseachtaí polaitiúla an lae inniu atá á chomáint.

Níorbh fhéidir comóradh ceart stáit a dhéanamh ar Thomás Mac Curtáin ná ar Thoirdhealbhach Mac Suibhne ná ar loscadh chathair Chorcaí de dheasca an víris ach is féidir poipín fola a chaitheamh ceart go leor.