Dhá Thaobh na Sráide

Claonadh é seo atá ag dul ar aghaidh le tamall fada

 

Feicim go bhfuil leagan amach nua ar an stair ag an Taoiseach a chuirfeadh iontas ar dhaoine dá scrúdófaí i gceart é. ‘Ceapaim go gcaithfimid seasamh siar ón leagan amach cáinteach seo atá ag daoine áirithe,’ (IT 28/04) ar seisean agus é ag tagairt don chomóradh a bheidh (is nach mbeidh) á dhéanamh ar chogadh na saoirse.

B’fhéidir gur faoiseamh é seo do Sinn Féin agus dá lán san fhreasúra a bhfuil tuiscint lucht oibre acu ar na blianta sin nach mbeidh sé á gcáineadh feasta. Ach ar chúis éigin laistigh dem bhrollach agus in inní mo dhrólainne laistigh ní shílim gurb é sin atá i gceist aige. Braithim, agus níl ann ach braistint, go bhfuil ionannú á dhéanamh aige idir an cogadh ar son na saoirse agus an cogadh ar son an choncais. Más ionann aige iad, cad chuige Fianna Fáil in aon chor?

Claonadh é seo atá ag dul ar aghaidh le tamall fada, an maíomh go bhfuil gach seasamh bailí, gach taobh mar an gcéanna, gach cúis chomh maith le haon chúis eile. Tuigimid go maith gur cur i gcéill é seo agus gurb iarracht ar chúla téarmaí é gan aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna móra bunreachtúla arb iad cnámh na cúise iad.

Tá amhrán ar an ábhar seo ag Paddy Cullivan atá ag dul timpeall ar na meáin le gairid a bhfuil an ‘Both Sides Song’ air. Tá bunaithe ar an amhrán le Joni Mitchell a bhain cáil amach sna 60í, ach is amhlaidh go dtosaíonn a leagan siúd le ‘I’m a value free historian/A state-approved historian’, agus gabhann ar aghaidh leis an aoir á áiteamh ‘We’ll decide what you focus on/ we must be balanced - no one’s wrong/ No one’s good and no one’s bad…’

Tá gach dealramh air nár airigh an Taoiseach fós é, ach ba cheart do dhuine éigin é a chur ar a shúile dó sula ndéanann sé ceap magaidh i gceart de féin.

Agus mé ag póirseáil liom trí Mhicíphídia m’aigne luigh m’intinn ghránna ar na himeachtaí sin go raibh an dá thaobh le meas acu iontu. Ós rud é gur thug Joe Biden le fios gur cinedhíothú a bhí sa sléacht a dhein na Turcaigh ar na hAirméanaigh in 1915, tá súil agam go mbeidh sé de ghus ag an Taoiseach a chur ar a shúile dó go raibh dhá thaobh leis an scéal.

Ach b’in fadó. Lenár linn féin, is ea, eachtra sin Srebinica. Ní chloisimid ach leagan amach amháin ar ar tharla. B’fhéidir go raibh cúis mhaith ag na mílistí Seirbiacha cur as don ocht míle sin, cá bhfios? Ní foláir nuance a chur i bhfeidhm. Ba cheart ainmneacha na mílistí Seirbeacha a maraíodh a ghreanadh i gcloich ar cibé dealbh a thógfar mar chuimhne ar Iúl 1995. Och, mo leithscéal, níor maraíodh Seirbigh ar bith.

Agus chaithfeá tuiscint do na Hutúigh bhochta sin a dhein ár fuilteach ar a gcomharsana Tutsiacha in Ruanda, in ainneoin iad a bheith ar aon scoil leo sa chóras oideachais chomhtháite úd. Má cheapann tú nach bhfuil ach aon insint amháin ar an gcinedhíothú sin, caithfidh go bhfuil breall ort. Ní foláir a bheith níos nuancíáilte fós.

An raibh daoine deasa lácha carthanúla i measc slua na nDúchrónach? Caithfidh go raibh. An raibh bastaird lofa mhíthrócaireacha in arm na hÉireann? Ní foláir nó bhí. Dá mba naoimh iad ní bheadh stát Éireannach ann.

Ní chuige sin aon chomóradh náisiúnta.

Is chuige é dleathú a dhéanamh ar an gcúis a rabhthas ag troid ar a son. Is mór é m’amhras go bhfuil aon mheas ag Fianna Fáil feasta ar chogadh na saoirse ná ar an stát a tháinig ann dá bharr.