Cearta teanga: Is láidre anois ná riamh an t-éileamh

Agóid i gcoinne easpa gníomhaíochta rialtas na Breataine ar reachtaíocht Gaeilge

Foclóir: Cearn - corner; feachtas - campaign; gan a thuilleadh moille - without further delay; neart - plenty; tacaíocht - support; siamsaíocht - play; meitheal oibre - work group; mealladh - entice/attract.

Tháinig siad ó gach cearn den tír. Gasraí pobail, cumainn CLG, gasraí scoile, teaghlaigh, eagrais Gaeilge agus eagrais pholaitiúla ina measc. Daoine díograiseacha - a bhformhór faoi éide dhearg agus iad uilig ag tacú go bríomhar agus go glórach le feachtas chearta teanga An Dream Dearg.

Thionóladar ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag am lóin ar an Satharn agus d’fhás an slua go tapa sular thosaigh sé ag gluaiseacht ó iarthar na cathrach isteach go croílár Bhéal Feirste.

Bhí neart Gaeilge le cloisteáil i measc na ndaoine agus tuairimí láidre le cloisteáil ó na cainteoirí a labhair go croíúil ag Halla na Cathrach agus iad ag éileamh go n-achtófaí reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh gan a thuilleadh moille.

“Tír gan Teanga, Tír gan Anam” agus “Acht Gaeilge, Acht anois,” a bhí imeasc na manaí a bhí ag na léirsitheoirí agus iad ag tacú d’aonghuth leis an éileamh fadbhunaithe sin a gcuid cearta teanga a aithint agus a chur i bhfeidhm.

Faoin am gur shroicheadar ceann scríbe os comhair Halla na Cathrach, ba chosúil le tonn dhearg fharraige an slua a chlúdaigh go dlúth gach orlach den tsráid agus nach raibh a chúlgharda fós le feiceáil.

Ní raibh aon cheist faoi ach go raibh An Lá Dearg ar cheann de na léirsithe ba mhó a reáchtáladh ar son na Gaeilge leis na cianta.

“Lá stairiúil, lá mór eile mar chuid de aistear fada i dtreo cearta teanga sna sé chontae,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh, ionadaí An Dream Dearg, agus é ag caint leis an slua.

“Is libhse an lá seo!”

Dúirt Ó Muadaigh go bhfuil sé thar am ag rialtas na Breataine agus ag na polaiteoirí deireadh a chur leis an mbac atá curtha acu ar chearta teanga.

“Insíonn an stair gur shiúil muid bóthar fada agus gur cuireadh inár gcoinne arís agus arís eile, gur sháraigh muid polasaí lofa an stáit chun ár dteanga féin a shábháil agus a chur ar ais i mbéal an phobail,” a dúirt sé.

“Tá sé in am don chur i bhfeidhm, tá sé in am do chearta teanga, tá sé in am don comhionannas.”

Gealladh Acht Teanga go sonrach i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 agus arís eile i gcomhaontú Ré Nua, Cur chuige Nua i 2020.

D’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann Brandon Lewis i bhFeabhra na bliana seo nach raibh sé i gceist aige reachtaíocht teanga a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont.

Cé go bhfuil dóchas ann go ndéanfar dul chun cinn ar an reachtaíocht go luath, tá amhras ann i gcónaí nach gcomhlíonfar na geallúintí.

“Rachaidh muid chun na sráide, arís agus arís eile. Níl muinín ar bith againn ionaibh,” a dúírt Ó Muadaigh agus é ag tagairt do rialtas na Breataine.

“Má tá taithí ar bith againn ar an stát seo caithfidh muid a bheith réidh don troid, don leatrom, don chos ar bholg. Agus, beidh muid réidh,” a dúirt Ó Muadaigh.

“Leanfaidh muid orainn ag eagrú, ag agóidíocht, ag stocaireacht agus ag troid gan stad gan staonadh go dtí go gheobhaimid ár gcearta.

“Siúlfimid le chéile, seasfaimid le chéile, scairtimid le chéile. Anois an t-am. Acht anois!”

Sheas na mílte le chéile ar an Satharn chun tacú leis na héilimh cothromaíocht teanga a bhaint amach agus deireadh a chur leis an éadulaingt in aghaidh na teanga. Bhí teachtaireacht shoiléir ag an slua: Is láidre anois ná riamh an t-éileamh.

Coláistí samhraidh: Tionscadal tábhachtach

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí meitheal oibre ar bun chun todhchaí earnáil na gcoláistí samhraidh Ghaeilge a mheas agus straitéis níos fadtéarmaí a ullmhú.

“Dá mbeadh fadhbanna chomh mór agus chomh tromchúiseach céanna ag aon earnáil eile bheadh tascfhórsa curtha ar bun le réiteach a fháil,” a dúirt Julian de Spáinn, rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Mar a tharla do go leor fiontar eile b’éigean na doirse a dhúnadh le linn na paindéime. Is i mbliana, den chéad uair le trí bliana anuas, a osclófar na coláistí arís.

Tuairim is 700 teaghlach a chuir lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge in 2019. Ní beag san!

Cé gur chuir an athoscailt lúcháir ar go leor, na scoláirí ach go háirithe, tá dúshláin fós roimh an fiontar uathúil seo. Meastar, mar shampla, go bhfuil laghdú 1,000 leaba ar líon na leapacha atá ar fáil i mbliana. Tá laghdú tagtha ar líon na mná tí atá ag cur lóistín ar fáil, agus tá ganntanas múinteoirí agus cúntóirí gann freisin.

Tá Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) ina scátheagraíocht ionadaíoch do 42 Coláiste Gaeilge ar fud na gceantar Gaeltachta.

“Tá níos mó scoláirí againn ná mar atá leapacha,” a dúirt Maria Nic Dhonncha, feidhmeannach CONCOS, agus í ag caint le Tuarascáil.

“Tá laghdú beagnach 40 faoin gcéad ar líon na mná tí agus níl a ndóthain daoine nua ag teacht isteach.”

Bíonn gá le hobair mhór ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta chun tithe atá nua don ngnó a chur in oiriúint do na scoláirí. Gan ach deontas €2,000 ar fáil ón Stáit don obair seo, níl ach “corr dhuine” ag smaoineamh ar theacht isteach sa bhfiontar.

“Níl an t-airgead ag daoine chun an infheistíocht sin a dhéanamh,” a dúirt Nic Dhonncha.

Tá sé choláiste tar éis cinneadh a dhéanamh gan oscailt i mbliana.

“Tá an ghéarchéim seo ann anois agus níl sé seo chun imeacht - ní bheidh sé seo réitithe thar bhliain amháin nó dhá bhliain,” a dúirt Nic Dhonncha.

“Tá siad i bponc anois leis na costais bhreise ar bhreosla, ar bhusanna, ar chuile rud eile.”

Ó thaobh na mná tí de, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers tamall ó shin go raibh ardú 10 faoin gcéad ceadaithe aige don deontas laethúil.

Tá ceist thábhachtach ann i gcónaí maidir le h-inacmhainneacht na gcúrsaí. Is féidir le coláistí níos mó ná €1,000 a ghearradh ar chúrsa trí seachtaine agus cé go gcuirtear scoláireachtaí ar fáil, tá go leor nach acmhainn dóibh leas a bhaint as na cúrsaí seo.

Cuireadh fáilte mar sin roimh chiste €400,000 a d’fhógair an Roinn Ghaeltachta i mbliana chun leathnú suntasach a dhéanamh ar líon na scoláireachtaí do lucht freastail iar-bhunscoileanna Deis.

Faoin scéim seo beidh suas le 400 scoláire in aghaidh na bliana in ann tairbhe a bhaint as tréimhse fhoghlama sa Ghaeltacht. Tá scéimeanna eile á riar ag an CLG agus ag roinnt Comhairlí Contae freisin ach tá go leor eile gur féidir a dhéanamh.

Straitéis "Ba chóir go mbeadh an deis ag gach dalta scoile tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht ar a laghad uair amháin," a dúirt Julian de Spáinn.

“Pé rud faoi chúrsaí Covid-19 agus pé rud faoin fhadhb ó thaobh cúrsaí lóistín amach anseo, tá gá le plean cuimsitheach meán- go fadtéarmach agus tá gá le taighde cuimsitheach a dhéanamh ar gach rud a bhaineann leis an earnáil,” a dúirt de Spáinn.

Is minic a chloistear faoi mhóriarrachtaí a dhéantar chun comhlachtaí a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Cé gur maith é sin, is minic gur Béarla teanga oibre na ngnóanna sin.

Ní dóigh go bhfuil earnáil ar bith eile ann atá nasctha chomh dlúth sin leis an nGaeltacht agus leis an Ghaeilge mar atá na coláistí samhraidh.

Meastar gur fiú €50-60m sa bhliain tionscal na gColáistí Gaeilge don Ghaeltacht. Ach, tá luach ar leith eile leo a bhaineann le h-inmharthanacht na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta.

“Is airgead isteach é, ach ní amháin sin, nuair a fheiceann an dream óg áitiúil na scoláirí thart, is í an Ghaeilge a bhíonn le cloisteáil,” a dúirt Nic Dhonncha.

“Nuair a fheiceann siad daoine óga ar chomhaois leo féin ag teacht, agus iad bródúil go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge, cuireann sé níos mó tábhacht leis an teanga i saol an duine óig ón Ghaeltacht.”

Meastú an gcuimhnítear a dhóthain ar sin?