Múscailt ócáidiúil

Níl áireamh beacht agam ar an uair dheireanach gur tugadh an amhailt seo amach sa phlé.

Tharla sé arís le déanaí. Mhúscail as a shuan ar nós arracht Locha Nis nuair ba lú a raibh coinne againn leis. Nó ba chirte a rá gur tugadh an speach sin chun beatha dó mar a tharlaíonn anois is arís. Tá sé dona go leor seanchapall a chiceáil nuair atá sé sínte síos, ach is domhaite fós instealladh athmhúscailte a thabhairt dó nuair atá sé ar leaba a bháis.

Is dealraitheach anois é le crúnca de sheanduine críonna caite a thabharfaí amach ina chathaoir rotha tráthnóna breá gréine buí d'fhonn aeraíochta a thabhairt dó. Ba chuma, ach bhí an saol suaimhneach go leor. Fág an cogadh san Ucráin i leataoibh na slí, ní raibh ag déanamh breighdeáin do dhuine ar bith ach muintir na móna ag gearán faoin easpa sleánta a bhí acu agus iad ag triall ar an bportach, nó Elon Musk agus a chuid zilliún á chaitheamh aige ar inneall gíoglach éigin.

Is ea, bheadh thar a bheith suimiúil leathshúil a chaitheamh ar na toghcháin sa chúigín soir ó thuaidh nó leathaird a thabhairt ar na gortaí atá ag bagairt i mbaill eile den domhan. Ach ina ionad sin, tógadh amach as an gcófra nó as an gcónra arís é, áit ar cuireadh taoscadh na Sionainne agus sinn a bheith inár stát de chuid an US fadó.

Is ea, tá an ceart agat, sinn do lorg ballraíochta sa Chomhlathas Briotanach arís! Is leor litir amháin nó óráid amháin ó dhuine leathcháiliúil agus cromann na sciatháin ar a bheith ag cleitearnach agus cuirtear am agus allas amú ar an gcorpán seirgthe lofa. Agus b’eo chugainn turas eile timpeall ar an roithleagán ró.

READ MORE

Níl áireamh beacht agam ar an uair dheireanach gur tugadh an amhailt seo amach sa phlé. Ach ollamh le stair ó cheann dár n-ollscoileanna ó dheas a thionscain é leis an ngnáthleithscéal go dtabharfadh a leithéid de dhul siar ar bhóithrín na críne, go dtabharfadh sé ‘comhartha’ tuisceana agus siombal báúlachta do na hAontachtaithe.

Tharla é i ndeabhaidh díospóireachta le duine de thaidhleoirí móra na tíre seo ar an raidió. Bhí an duine uasal seo ina ambasadóir againn sna Náisiúin Aontaithe, i Londain agus é dlúthpháirteach sna comhráití go léir a thug Comhaontú Aoine an Chéasta chun réitigh. Dúirt sé go séimh mall i nguth íseal tomhaiste nár luaigh Sasanach ná Aontachtaí ná aon duine de dhath ar bith tráth ar bith uair ar bith sna cainteanna fada casta sin, nár luaigh siad an focal sin Commonwealth in aon chor ná ar chor ar bith. B’in deireadh an allagair.

Baintear casadh eile as ansin. Maítear nach é an Comhlathas Briotanach é níos mó ach go díreach an Camanwilt. Ach muran eagraíocht é a bhfuil ionad faoi leith ag na Briotanaigh ann ach díreach dream scaoilte idirnáisiúnta neamhspleách neamhchlaonta neodrach, cén fáth an mbogfadh sé croíthe na nAontachtaithe soir ó thuaidh ar shlí ar bith?

Is é oighear diachrach an scéil é, áfach, go bhfuil na gnáthamhrasáin ag tathant orainn ceangal leis go díreach nuair atá tíortha na Mara Coirbe á thréigean le haoibhneas. Dúirt duine de phrionsaí an teaghlaigh ríogúil thoir gur dhóigh leis nach mbeadh sé féin ina cheann ar an eagraíocht choíche, á thuar gan é a rá go lom go raibh an seanchnámharlach á dhíscaoileadh.

Bheadh ar cheann d’íoróin an domhain mhóir go nascfaimis le bruscar eagraíochta go díreach agus dreamanna eile ag dul an doras amach. Samhlaím an lá nach mbeadh sa Chamanwilt ach sinn féin agus an Ríocht Aontaithe agus sinn fós ag lorg slite le cur ina luí ar na hAontachtaithe go bhfuil béasa an tí mhóir againn chomh dílis leo féin fad is a bheadh siad ag gáire fúinn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar