Ainm agus aidiacht in éineacht

Is mór a éifeacht, aidiacht agus ainm a cheangal le chéile


Thiar sa bhunscoil i Rang a Trí a thosaigh mé ag cur aithne orthu den chéad uair. D’fhág cuid acu impreisean níos mó ná a chéile.

Ní hiad na gaiscí a bhí luaite leo, ach na hainmneacha, a sheas amach: Eoghan Rua, Conn Bacach, Máire Rua, Gearóid Mór, Tomás Síoda nó Silken Thomas agus a leithéid eile de phearsaí staire ón 16ú agus 17ú déag.

Ainm maraon le haidiacht dá chuid féin ag gach duine acu.

Agus i bhfad siar uaidh sin go dtí ré na luathstaire agus na miotaseolaíochta, Gráinne Mhaol agus Lugh Lámhfhada, mar shampla.

READ MORE

Chuir an aidiacht go mór leis an bpictiúr. Amhail is gur carachtair ó eipic éigin a bhí iontu. An amhlaidh a ainmníodh iad an chéad lá riamh ar mhaithe le spleodar a chur i múineadh na staire do pháistí bunscoile i gCuraclam na Bunscoile (1971) níos déanaí? Mar b’shin an toradh a bhí air. Dráma níos mó ná stair a bhí ar siúl.

Ach níor leasainm den ghnáthshórt a bhí iontu, mar bhí an chéad ainm fós ann mar thionlacan, ceangailte leis an aidiacht.

Iarracht a bhí ann cuid mhaith den am, idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a bhí ar aon ainm, Ó Conchubar Donn, Ó Conchubhar Dearg nó Ó Conchubhar Sligeach i gConnachta (cé nach gnáthaidiacht é an ceann deireanach) mar shampla. Uaireanta eile, aon duine amháin a bhí i gceist.

Dath nó ball éigin de chorp an duine a bhíodh i gceist, nó meascán díobh, Niall Glúndubh, cuir i gcás.

Seachas na laochra agus na déithe, bhí go leor i measc na bhfilí chomh maith, mar a fuair mé amach níos déanaí, Tadhg Dall, Cathal Buí, Gofraidh Fionn, Brian Ruadh, Donnchadh Mór.

Samplaí eile ar chárta poist le bhur dtoil…nó ar Twitter.

Agus fiú má tharraing an aidiacht aird ar mháchail éigin de chorp an duine, ba gheall le gradam agus aitheantas breise é, do shaol agus do shubstaint an duine. Mar chomhartha measa.

Ach b’fhiú tagairt go speisialta do Dhomhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara. Is um an dtaca seo 400 bliain ó shin, Iúil 1618 a dúnmharaíodh thall i Maidrid é. Agus cás faoi leith é an aidiacht cam mar a chífear ar ball.

Tá cáil ar an taoiseach seo ó iarthar Chorcaí as an misneach a thaispeáin sé aimsir Chogadh na Naoi mBliana, taobh leis na hUltaigh, Aodh Ó Neill agus Eoghan Rua.

Treibh agus tailte

Ina dhiaidh sin, b’éigean dó féin agus míle duine dá threibh a dtailte a thréigean agus taisteal chomh fada le Ó Ruairc sa Tuaisceart chun cosaint a fháil. Níor mhair ag an deireadh ach grúpa beag díobh mar bhí go leor ionsaithe agus tubaistí eile rompu feadh na slí thar 14 lá.

Ach cad faoin aidiacht?

Tuairimí?

An amhlaidh go raibh sé camshrónach?

Nó cosa cama faoi?

Nó cam sa droim?

Bheadh ciall leis sin i ndiaidh a thurais fhada ó thuaidh a bheith déanta.

Sula dtéimid i muinín an leabhar staire chun an cheist a réiteach, b’fhiú tagairt chomh maith don bhrí mheafarach a bhaineann leis an bhfocal. Lag nó mímhacánta a chiallaíonn sé, agus tá focail eile bunaithe air dá réir, caimiléireacht cuir i gcás.

Is iad na bríonna seo a bhíonn in úsáid ag polaiteoir áirithe sa Bhéarla nuair a cheanglaíonn sé ‘crooked’ nó ‘weak’ le hainmneacha a chéilí comhraic.

Ach tá teanga eile seachas na Béarla ar fiú trácht uirthi sa chomhthéacs seo, an Pheirsis thoir san Iaráin.

Tuige?

Sa chlann teanga chéanna a bhaineann an Ghaeilge agus an Pheirsis, ach is díol suntais é a chosúla is atá siad maidir leis an bhfocal áirithe seo.

Mar is é ‘kam’ a úsáideann sa Pheirsis. Úsáidtear é chomh maith mar rémhír chun easpa de shórt éigin a chur in iúl, mar shampla, ‘kamzor’ a chiallaíonn lag, nó ‘kam-jurat’ a chiallaíonn cladhartha.

Thar n-ais dúinn pé scéal é go Domhnall Cam agus an fáth a cuireadh an aidiacht seo lena ainm.

Bhuel, is mór an t-ábhar faoisimh é a léamh sa chuntas staire gur gortú sa ghualainn ba chúis leis an ainm. Ní raibh aon drochiompar á chasadh leis mar sin.

Agus, má lagaigh an gortú é go fisiciúil, dar leis féin gur neartaigh sé é go morálta. Mhaolaigh sé an mórtas nó an uaibhreas a bhí ann ina óige.

Anois, mar chonclúid, dhealródh gur gá a bheith cúramach sula gceanglóimis aidiacht le hainm aon duine. Ach i gcás na staire sa bhunscoil ba mhór an spreagadh agus an pléisiúr a thug siad – meabhrú eile gurb é an bua is mó a bhaineann leis an stair ná an tsuim a mhúsclaíonn sí.

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis ag @cathaldepaor