Agus shíl tú go raibh tú go dona as?

Agus ní ghéillim nach bhfuil.

Níl aon ábhar eile idir chamáin phléite ar na meáin anois seachas an phaindéim seo láthair na huaire. Ní hionadh sin sa chás is gur dóichíde go gcuirfidh cor mór sa tsaol go fiú is nuair a bheidh sí thart. Agus, arís, ní faoiseamh ar bith a rá le daoine go bhfuil daoine eile níos measa as.

Ach más san fhaopach seo atáimid, is oiread sin daoine i mbaol, agus oibrithe sláinte ar imeall na faille i gcónaí, ní miste ach an oiread féachaint máguaird ar chogadh eile atá ar siúl le naoi mbliana fada anois, seachas naoi seachtaine, nó naoi mí féin. Go háirithe toisc lámh láidir a bheith againne ann, seachas drochshláinteachas mhargaí na Síne nó slogadh anraith feascarluiche nó sciatháin leathair.

De ghnáth bíonn sé indéanta, mura mbíonn sé furasta, claonadh le taobh amháin seachas taobh eile i gcás cogaidh nó aighinis pholaitiúil i mball seachas a chéile den domhan. Cuir i gcás, is beag duine ar a chiall a shíl go raibh an ceart ag na comhghuaillithe ‘idirnáisiúnta’ ionraí a dhéanamh ar an Iaráic ná ar an Afganastáin, agus is lú fós duine ar a stuaim a chosnódh an slad a dhein na Rúisigh ar an tSeisnia áit nár fágadh cloch ar muin cloiche in Grozny sa bhliain 2000.

Ach is geall le spaghetti a roiseadh ó chéile le biorán, nó míreanna mearaí as boscaí míle píosa, nó airgead beo a phiocadh suas le cipín aon mheabhair a bhaint as cogadh cathardha na Siria. Ní hé nach féidir a fháil amach cad tá ar siúl nó foghlaim mar gheall ar na huafáis a thuirling ar an bhfearann mí-ámharach sin, ach ar éigean gur féidir linn an compord intinne sin a shroicheadh a insíonn dúinn go bhfuil an ceart ag an dream seo seachas an dream siúd. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach taobh mí-cheart, gach taobh san éagóir, gach taobh ciontach sa bharbaracht dhaonna.

READ MORE

Agus abair taobhanna! Tá arm oifigiúil Bashar al-Assad ann gan amhras agus tacaíocht aige ó Hizbullah. Ina choinne tá dreamanna éagsúla ar nós Arm Saoirse na Siria, Fronta al-Nusra, Fórsaí Daonlathacha na Siria nó an Hezen Suriya Demokratik (ar Curdaigh a bhformhór), ISIL, Daesh, al-Qaeda, Hahrat Tahrir al-Sham, agus fórsaí éagsúla de chuid na Jiohádaigh Salafi. Tá súil agam go bhfuil an méid sin soiléir. Ach sa chás is nach bhfuil mearbhall fós ort, is amhlaidh go bhfuil fodhreamanna i measc na ngrúpaí sin, leis, agus go leor acu níos mó in earraid le chéile ná mar atá siad leis an rialtas. Bí ag trácht ar an dream bocht silte nár chuir le chéile!

Níl sa mhéid sin ach an bonn. Lastuas agus laistiar agus lastoir agus mórthimpeall tá na hairm eachtrannacha, cuid acu gníomhach, cuid eile ag soláthar lón cogaidh - an Rúis, na Stáit Aontaithe, an Tuirc, Iosrael, an Ísiltír, Catar, an Fhrainc, an Iaráin agus ar tharla aon chogadh nach raibh lámh nó ladhar éigin ag an mBanríocht Aontaithe ann? Seach-chogadh gránna gan chrích ar damnú ar chách é.

Seachas a bhfuil marbh, agus áirítear os cionn 100,000 duine ar a bheag, tá ceithre mhilliún teifeach ar a gcoimeád, agus leath an daonra laistigh den tír ar fad díbeartha óna dtithe. An chaolchuid bheag de na teifigh sin ag gluaiseacht inár dtreo agus na doirse á ndúnadh. Gach galar dá bhfuil á bhfulaingt ag na páistí: bruitíneach, triuch, dinnireacht, eitinn, diftéire, fiabhras tíofóideach, heipitíteas, póilió agus iad ag leathnú ceal vacsaín.

De bhreis air sin, tá nach mór gach aon réiteach polaitiúil nó míleata a mholtar níos measa ná a chéile agus gan aon cheann díobh inár ngaobhar.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar