Gá le hathbhreithniú ó bhonn ar chóras díolúintí ón nGaeilge

‘Ba cheart go mbeadh an curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá aige nó aici’

FOCLÓIR: Critéar - criteria, scaoilte - loose, díolúintí - exemptions, síceolaí - psychologist, i gcásanna eisceachtúla - in exceptional cases, deacrachtaí foghlama suntasacha - significant learning disabilities, leas - benefit.

Tá an critéar a úsáidtear chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a cheadú “ró-scaoilte” agus ba cheart díriú ar bhealaí eile leis an gcuraclam a mhúineadh, de réir an tsaineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Agus é ag caint le Tuarascáil, dúirt an tOllamh Ó Duibhir go dtéann an córas nua díolúintí in aghaidh cur chuige an Roinn Oideachais féin ó thaobh seachadadh an oideachais de agus go bhfuil gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mbunús atá leis.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh i Lúnasa 2019 nach mbeadh gá as sin amach le tuairisc ó shíceolaí mar thacaíocht d’iarratais ar dhíolúintí ach ina áit sin go bhféadfadh príomhoide na scoile iarratas a chur isteach.

READ MORE

Dúradh gur i gcásanna eisceachtúla amháin a cheadófaí díolúine ach tuairiscíodh ar an suíomh nuachta tuairisc.ie le gairid gur tháinig ardú 11 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge anuraidh de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu.

Bíonn cead ag daltaí a fuair oideachas taobh amuigh den stát go dtí aois dhá bhliain déag, acu siúd a chaith tréimhse thar lear agus ag daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama suntasacha acu cur isteach ar dhíolúine.

Bíonn orthu siúd a bhfuil deacrachtaí foghlama acu scór caighdeánaithe faoi bhun an 10ú peircintíl a fháil i scrúdú scoite i léamh focal, sa léamh/thuiscint nó sa litriú.

Creideann Ó Duibhir, atá ina stiúrthóir ar Sealbhú - ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go bhfuil an critéar a úsáidtear anois ró-scaoilte agus gur cheart níos mó béime a chur ar na daltaí a thiteann isteach sa 10ú peircintíl seo.

“Ba cheart go mbeadh an curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá aige nó aici,” a dúirt sé. “Tá sé sin ráite ag an Roinn féin. Cé is moite de b’fhéidir 2 faoin gcéad de dhaltaí a bhfuil deacrachtaí troma foghlama acu, ní shílim go bhfuil áit don díolúine seo. “

“Seo ceann de na rudaí a chuireann ionadh orm - níl sé ag teacht le cur chuige na Roinne trí chéile agus le cur chuige imchuimsitheach le haghaidh gach dalta. Sé sin, gur faoin scoil agus faoin múinteoir a bheadh sé an curaclam a chur in oiriúint don dalta atá os a comhair seachas go mbeadh ar an dalta athrú.”

Dar le hÓ Duibhir tugann an cur chuige teachtaireacht dhiúltach do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

“Tá a fhios agam óna bheith ag plé le príomhoidí agus leaspríomhoidí go nglacfaidh siad leis má deir an Roinn nach bhfuil páistí atá sa 10ú peircintíl in ann staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge - ach níl sin cruinn.”

Baintear leas as cur chuige eile san Eoraip áit a ndírítear isteach ar riachtanais fhoghlama an pháiste, seachas iad a chur ó dhoras. Cur chuige é sin atá in easnamh sa tír seo.

“Ar fud na hEorpa, áit a bhfuil Béarla dá fhoghlaim mar dara teanga, ní bhíonn díolúine ar fáil. Glactar leis, má tá riachtanais fhoghlama ag páiste, go bhfoghlaimeoidh siad an Béarla go dtí cibé leibhéal cumais a bhfuil siad in ann dó,” a dúirt Ó Duibhir.

Ach cén sórt tacaíochta ar cheart a bheith ar fáil chun gur féidir le páistí barr feabhais a bhaint amach mar sin?

“Bíonn disléicse ar sciar suntasach de na daoine a fhaigheann díolúine. Tá i bhfad níos mó ar eolas againn faoi dhisléicse anois agus tá muid ag aithint na gcomharthaí níos túisce,” a dúirt sé.

“Tá thart ar 12 faoin gcéad den phobal a bheadh ar speictream a mbeadh deacrachtaí acu leis an litriú. An rud a fheiceann muid i scoileanna lán-Ghaeilge ná má chloiseann daltaí go leor Gaeilge thart timpeall orthu go sealbhóidh siad an teanga is cuma cén deacracht atá acu.

Tá an-dul chun cinn déanta ó thaobh an churaclam Gaeilge de le blianta beaga anuas ach tá sé riachtanach go mbeadh teagmháil ag daltaí leis an teanga. Chun é sin a bhaint amach, creideann Ó Duibhir gur gá an curaclam a chur i bhfeidhm mar atá molta.

“Bíonn siad (na daltaí) á cloisteáil agus bíonn siad á labhairt. Má mhúintear teanga go príomha tríd an léitheoireacht nó tríd an litríocht ansin beidh deacrachtaí ag daltaí a bhfuil disléicse acu. Ach, ní hé sin atá ar churaclam na bunscoile, ná go deimhin (atá leagtha síos) don Teastas Sóisearach.

“Tá an-bhéim anois ar an teanga labhartha. Tá an-bhéim air don Ard teist - tá 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul don scrúdú cainte. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil an córas tar éis athrú ach níl a fhios agam an bhfuil an tuiscint atá ag an bpobal agus ag roinnt den lucht oideachais féin ag coinneáil suas leis na hathruithe atá déanta.

“Dá gcuirfí an curaclam i bhfeidhm agus dá múinfí na siollabais ag an iar-bhun leibhéal mar atá molta, ní bheadh deacrachtaí ar leith ag daltaí a bhfuil disléicse orthu … ach chaithfeadh go mbeadh teagmháil acu leis an teanga.

“Dá múinfí na teangacha i gceart ní bheadh na deacrachtaí sin ann. Sin áit gur cheart don Roinn a gcuid acmhainní a chaitheamh,” a dúirt sé.

Athbhreithniú

Tá sé geallta ag an Roinn Oideachais go ndéanfar athbhreithniú ar an gcóras nua agus deir an tOllamh Ó Duibhir, gur gá ceisteanna doimhne a chur faoin gcóras féin.

“Tá athbhreithniú le déanamh ar an gcóras nua ach arís tá faitíos orm nach gcuirfear an cheist is tábhachtaí, sé sin, an bhfuil bunús leis seo? Cén fáth nach bhfuil polasaí imchuimsitheach i bhfeidhm i scoileanna seachas a bheith ag dul i muinín díolúintí.

“Is féidir breathnú ar na figiúirí ach ba cheart a bheith ag breathnú ar shonraí eile ar nós conas atá sé á chur i bhfeidhm ag na príomhoidí, cad iad na dúshláin, cad iad na tuairimí atá ag tuismitheoirí agus ag na daltaí a fuair díolúine.

Ach tá solúbthacht in easnamh dar leis, rud a léiríodh sa phróiseas comhairliúcháin ar chóras nua na ndíolúintí i 2019.

“Bhí an-díomá ormsa leis an athbhreithniú a rinneadh dhá bhliain ó shin mar ní dóigh liom go ndeachaigh an Roinn i ngleic leis an mbunús atá le díolúine sa chéad áit.”

“Ghlac siad leis go bhfuil díolúintí mar chuid den chóras agus níor cheistigh siad an bunús a bhí leo agus is dócha gurb é sin an laige ba mhó,” a dúirt sé.

Agus chuig cnámh na huillinne b’fhéidir:

“Is bealach éalaithe é seo ó na fadhbanna agus caithfear dul i ngleic leis na dúshláin seachas iad a chur ar leath taobh. Braithim go n-éascaíonn na díolúintí na cruacheisteanna seo a sheachaint ar bhealach agus ní dóigh liom go bhfuil sé chun leas an chórais nó ar leas na ndaltaí.”

* Beidh seminar ar an ábhar ar siúl oíche Máirt ar a 7in. Beidh an Dr Mary Caitlin Wight ó Ollscoil Stát Nua Eabhrac ag caint ar dhíolúintí teanga. Fáilte roimh chách ach clárú ag: tinyurl.com/1vhj71by

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.