Bhí fear ann fadó ...

Séadna: Athinsint déanta ar úrscéal iomráiteach Pheadair Uí Laoghaire

Tá céad bliain caite anois ó chailleadh an feachtasóir teanga agus ceannródaí clúiteach liteartha an tAthair Peadar Ó Laoghaire.

Sular bhain sé cáil amach le linn tús ré Athbheochan na Gaeilge, chaith an tAth Peadar sé bliana i mbun staidéir i gColáiste Phádraig, Má Nuad.

Mar chomóradh ar an gcéad bliain agus in ómós don laoch liteartha tháinig Gaeilgeoirí ar champas Ollscoil Mhá Nuad, idir mhic léinn agus baill fhoirne, le chéile chun athinsint a dhéanamh ar úrscéal iomráiteach Uí Laoghaire, Séadna.

Tá fotheidil Bhéarla agus Ghaeilge leis an bhfíseán ar YouTube ionas gur féidir é a úsáid mar áis fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

READ MORE

Is fiú go mór breathnú ar an scannán agus ní fheadar an bhféadfadh sé leagan nua-aoiseach ar-líne de shean nós na bothántaíochta a spreagadh!

Chun teacht ar an ngearrscannán, ní gá ach cuairt a thabhairt ar youtube.com agus an focal 'Séadna' a chur sa bhosca cuardaigh.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.