Ardán Nally: Ó Pháirc an Chrócaigh go dtí Páirc Cholmcille

Tá ciúnas aduain i bPáirc na mBrionglóidí: níl gártha molta an tslua le chloisteáil ar an Domhnach le míonna anuas, faraor

Foclóir: Aduain - strange; lasadh na fuinseoige - the clash of the ash; dea-fheistithe - well-equipped, ag tanú biatas siúcra - thinning sugar beet; réabhlóid chultúrtha - cultural revolution, drochíde - maltreatment; Conradh na Talún - The Land League; Bráithreachas Phoblacht na hÉireann - Irish Republican Brotherhood (IRB).

Tá ciúnas aduain i bPáirc na mBrionglóidí: níl gártha molta an tslua le chloisteáil ar an Domhnach le míonna anuas, faraor. Paindéim dhomhanda an Choróinvíris a chuir stad tobann le cluichí peile, iomána agus camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Ina luí i dtarraiceáin íochtair atá na bandaí rosta agus i gcúinní vardrús fanann bratacha fillte ildaite na gcontaetha éagsúla go dtí an lá nuair a bheidh siad ar foluain arís timpeall na páirce. Ach, tá súil againn go mbeidh an ghéarchéim curtha dínn go luath agus go gcloisfimid preab na liathróide agus lascadh na fuinseoige ar an talamh naofa fuilsmeartha arís - fuaimeanna a bhfuil seantaithí againn orthu.

Tá trí ardán nua i bPáirc an Chrócaigh atá ainmnithe as pearsana stairiúla i saol an Chumainn Lúthchleas Gael. Bhí a fhios againn conas a fuair na hardán sin a n-ainmneacha mar rinne na Bráithre Críostaí deimhin de sin! Tógadh ardán Nally in 1952. Níl sé ann a thuilleadh, áfach, mar tógadh síos é go mion nuair a athforbraíodh an staid in 2003. Atógadh agus athchóiríodh an seanardán go cúramach ón mbonn aníos i bpáirc peile in an Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain.

B’iomaí lá suáilceach le linn m’óige a chaith mé in ardán Nally in éineacht le mo chairde ag tacú le foireann Chill Dara - nach mór an díol trua mé! Bhíodh an t-ardán sin curtha in áirithe do dhaltaí scoile ag an am.

READ MORE

Chaithinn an choicís roimh ré ag obair go dian i ngoirt feirmeoirí. Bhíodh mé dea-fheistithe in dhá shaic casta thart ar mo ghlúine chun iad a chosaint ar an talamh clochach, fad is a bhí mé ag tanú tornapaí nó biatas siúcra i ndruileanna fada a bhí ag síneadh go bun na spéire. B’éigean dom an obair chrua sin a dhéanamh ar dhrochphá d’fhonn airgead a thuilleamh chun chostais an turais go dtí Páirc an Chrócaigh a ghlanadh.

D’fhaigheadh muid an traein i Mainistir Éimhin agus nuair a shroicheadh muid Stáisiún Heuston, shiúladh muid go meidhreach suas na céanna go dtí caifé i Sráid Uí Chonaill i gcomhair béile an-bhlasta de sceallóga, uibheacha friochta, ispíní, arán agus cupán tae. Ba gheall le bheith sna flaithis domsa mar ní bhfuair mé sceallóga riamh sa teach s’againne. Ar aghaidh linn go subhach sách tar éis an bhéile go dtí an cluiche. Thógadh muid ár gcuid suíochán in ardán Nally.

Ba mhinic a smaoinínn ar an ainm ‘Nally’ ar na saolta sin. Cérbh é agus cén fáth go raibh ardán ainmnithe as? Ach níor chualamar aon trácht ar ardán Nally ar scoil nó ar an tslí ar ainmníodh é ina onóir.

Creid é nó ná creid, baint ná páirt ní raibh aige leis an eagraíocht agus ní fhaca sé cluiche dá chuid riamh.

Rugadh P.W.Nally in 1857 agus ba lúthchleasaí iomráiteach é nuair a bhí se i mbláth na hóige. Blianta ina dhiaidh sin bhain sé clú agus cáil amach mar eagraí cruinnithe lúthchleasaíochta. Ó bhí sé ina ghasúr bhí baint aige leis na bhFíníní agus ina dhiaidh sin bhí sé in a eagraí cáiliúil ar son an Bhráithreachais. In 1879, nuair a bunaíodh Conradh na Talún i gContae Mhuigh Eo bhí sé i láthair agus ceapadh é ina rúnaí ar an eagras sin.

Ach bhí ról tábhachtach aige a raibh go leor daoine dall air: chothaigh sé réabhlóid chultúrtha in intinn Mhichíl Uí Chíosóig nuair a spreag sé é chun an Cumann Lúthchleas Gael a bhunú. De réir an tseanchais bhí an bheirt fhear ag siúl i bPáirc an Fhionnuisce lá nuair a chonaic siad grúpa fear ag imirt spóirt. Chuir a laghad agus a bhí ann díomá agus lagmhisneach ar an mbeirt. Dúirt Nally leis an gCíosógach go gcaithfidís rud a dhéanamh chun láidreacht fhisiciúil agus spiorad an chine Éireannaigh a chaomhnú agus a fhorbairt. Tar éis dó machnamh a dhéanamh ar an gceist seo bheartaigh an Cíosógach an Cumann Lúthchleas Gael a bhunú.

In 1884 thionól an Cíosógach cruinniú le seisear fear eile i seomra na mbilléardaí in Óstán Uí Aodha i nDurlas Éile agus is ann a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael. Bhí sé ródhéanach, faraor, dó Nally mar ón lá a bunaíodh an eagraíocht bhí sé i bpríosún go dtí lá a bháis in 1891. Caitheadh go han-dona le Nally i bpríosún Mhuinseo agus bhásaígh sé in 1891 in aois a 35 bliain de bharr na drochíde a tugadh dó sa phríosún. Bhí sé imithe ar shlí na fírinne nuair a bhí long an Chumainn Lúthcleas Gael ag ardú a seolta. Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir!

Ó shin i leith b’iomaí uair a chaith mé i Lochtán nua Nally - áit ag taobh an iarnróid den pháirc a mbíonn radharc den scoth le fáil uaithi ar imirt na dtosaithe agus ar na scóir. Ba mhinic a smaoinigh mé ar an gcruatan a d’fhulaing Nally le linn a bhlianta deiridh i bpríosún.

Ní fheadar an mbaineann gasúir na Carraige Móire an oiread taitnimh as bheith ag féachaint ar chluichí peile ó ardán Nally anois agus a bhaininn ón seanardán ceannann céanna i bPáirc an Chróchaigh nuair a bhí mise i mo ghasúr.