An Ghaeilge i gcomhthéacs Domhanda

Scoil Samhraidh UCD dírithe ar dhaoine fásta ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach

Cuirfear tús le `Tionól Gaeilge UCD/Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta` tráthnóna inniu. Leagan níos giorra a bheas ann an babhta seo ach beidh fáil air ar line idir seo agus Dé Céadaoin, 1ú Iúil.

Sí an Ghaeilge i gcomhthéacs Domhanda an téama i mbliana.

Tá an tionól dírithe ar dhaoine fásta ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Tosóidh gach lá le rang Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr (ar fáil ag 5 leibhéal) áit a mbeidh deis chomhrá ag rannpháirtithe le Gaeilgeoirí ar líne.

“Beidh na ranganna teanga ag tosú ag 4pm gach lá mar sin ní gá lá saoire iomlán a ghlacadh leis an gcúrsa seo a dhéanamh agus tabharfaidh an sceideal ama sin deis dúinn aithne a chur ar Ghaeilgeoirí i SAM agus i gCeanada freisin,” arsa Clár Ní Bhuachalla atá ina stiúrthóir ar an Tionól.

READ MORE

“Beidh deis ag rannpháirtithe an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid gan stró, i dtimpeallacht thacúil, agus taitneamh a bhaint aisti.”

Leanfar na ranganna le díospóireachtaí agus cainteanna ar ábhair éagsúla a bhaineann le téama na bliana seo. Beidh réimse cainteoirí spéisiúla ag labhairt - ina measc beidh an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis agus James Kelly ó Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF).

Beidh cainteanna ar TG4 i gcomhthéacs idirnáisiúnta, tábhacht stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, An Ghaeilge i ré na meán sóisialta agus an idirlín agus an fhéiniúlacht Éireannach i sochaí ilteangach agus ilchultúrtha.

Cé go mbeidh roinnt srianta i bhfeidhm i mbliana beidh súil leis nach gcuirfidh an galar Coivid-19 isteach mórán ar chúrsaí.

“Tá na teagascóirí breá cleachtaithe ar an teagasc ar líne, ach níl aon dabht ach go gcuireann sé srian le himeachtaí an tionóil i gcoitinne.

“Go hiondúil, bíonn deis ag na rannpháirtithe cuairt a thabhairt ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, atá lonnaithe in UCD, freisin, ach dar ndóigh tá áiseanna iontacha ar líne sa dá chás sin.

Tá breis is 50 duine cláraithe anois don Tionól ar líne, cuid acu ag filleadh don 4ú bliain as a céile. Éireannaigh a bhformhór ach tagann thart ar cheathrú ó thíortha éagsúla.

“Tá sé tugtha faoi ndear againn go bhfuil fás tagtha ar líon na rannpháirtithe a thagann ó thíortha i gcéin, Bíonn daoine linn ó Mheiriceá, Cheanada, an Eoraip, an tSín agus an Afraic agus a scéal féin nó cúlra teanga féin ag gach éinne; diaspóra cuid acu, daoine nua chun na teanga daoine eile.

“Saibhríonn sé sin an taithí dúinne ar fad. Ag an am céanna feictear dúinn go bhfuil éagsúlacht iontach ag baint le saol na Gaeilge in Éirinn agus daoine de bhunadh thíortha eile lán rannpháirteach nó i lár an aonaigh fiú sa saol sin. Ba dheas an scéal iontach sin a cheiliúradh.

“Mholfainn d’éinne gur mhian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha clárú don Tionól,” ar sí.

Costas: Imeachtaí uile an Tionóil: €120; Díospóireachtaí/Cainteanna: €35. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach teagmháil a dhéanamh le Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Ghaeltacht UCD, trí scríobh chuig failte@ucd.ie, nó cuairt a thabhairt ar https://www.ucd.ie/bnag/ga/seirbhisi/tionolgaeilgeucd/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.