Tarraingt an Dúlra: faoiseamh ó shrianta an Choróinvíris

Bíonn saibhreas an nádúir faoi lán seoil ar an eastát an tráth seo den bhliain

Foclóir: ordú dianghlasála - lockdown, paindéim - pandemic, plúchtach - stifling, geimhle - shackles, ag fánaíocht -wandering, ag gaibhniú - forging, meabhairshláinte - mental health.

Roimh theacht na paindéime tubaistí seo ar a dtugtar an Coróinvíreas (Covid - 19), bhíodh saoirse agam dul ar shiúlóid timpeall eastát Theach Carton i Maigh Nuad. Cé go raibh páirceanna áille eile cóngarach dom, bhí mo shúile meallta ag Carton. Bhí sé de nós agam dul ann go tráthrialta chun géilleadh don draíocht a chuireann áilleacht na háite orm.

Le roinnt míonna beaga anuas ní raibh cead isteach agam san eastát, faraor, mar gheall ar an ordú dianghlasála a chuir an rialtas i bhfeidhm. Chuir an phaindéim uafásach seo srianta daingne dochta ar dhaoine mar ní raibh cead acu dul níos mó ná dhá chiliméadar óna dtithe cónaithe mura mbeadh an turas riachtanach. Tá mé ag tnúth go mór le cuairt a thabhairt ar an eastát nuair a scaoilfear mé as mo chocún plúchtach. Beidh sceitimíní áthais orm ansin agus rachaidh mé ann ar iompú do bhoise.

Is teach mór ar stíl Phallaidiach é Teach Carton. Tá 11,000 acra de pháirceanna agus machairí timpeall an tí mhóir seo. Teach dúchais mhuintir Mhic Gearailt ba é an teach seo. Ba é an teaghlach ab fhearr de chuid na huasaicme in Éirinn ó thús an ochtú haois déag.

READ MORE

Tá tírdhreach réchnocach gleoite ann ag síneadh ar feadh fad do radhairc uait. Bíonn saibhreas an nádúir faoi lán seoil ar an eastát an tráth seo den bhliain. Is dochreidte é an rogha ilchineálach de chrainn agus plandaí atá le feiceáil sa timpeallacht Tá éagsúlacht den fhiadhúlra ar fáil san abhainn agus sa loch. Nuair a bhainfear na geimhle díom beidh cead mo chinn agam bheith ag fánaíocht timpeall machairí fairsinge an eastáit. Is aoibhinn liom an saol mór amuigh faoin spéir.

Le linn mo chuid siúlóidí samhlaím na radhairc a bhíodh ar an eastát na céadta bliain ó shin: an torann cúlra a dhéanann na céadta duine i mbun a gcuid oibre sa teach nó sna páirceanna. An saghas tormáin a chuirfeadh duine ar a chompord. Samhlaím scata feirmeoirí ag treabhadh agus a nglórtha séimhe ag gríosú na gcapall chun iarrachta. Uaireanta eile samhlaím go gcloisim fuaim bhinn chasúr an ghabha ag gaibhniú crú capall i gceárta an eastáit.

Ach is é an loch de dhéantús an duine a chuireann an barr maise ar an scéal domsa. Bheartaigh an tIarla Séamus, duine den teaghlach, abhainn an Rí (Rye) a théann tríd an eastát a leathnú laistigh den bhfearann páirce chun an loch a dhéanamh ionas go mbeadh radharc ar uisce ag an dteaghlach ón teach.

Tá droichead marmair cúig áirse thar an abhainn agus tógadh teach bád in aice láimhe. Tá an scéal amuigh gur tógadh an teach bád i gcomhair chuairt Bhanríon Victoria sa bhliain 1849 mar dúradh go raibh brionglóid aici blianta roimhe sin ina raibh sí ag seoltóireacht ar an loch sin agus theastaigh ó mhuintir Mhic Gearailt go bhfíorófaí a brionglóid.

Bainim an-taitneamh as bheith i mo sheasamh ar an droichead ag breathnú isteach san uisce nó ag amharc ar na crainn arda maorga thart timpeall orm. Bíonn na faoileáin ag lapadaíl sa loch nó ag tumadh sa tóir ar éisc nó ag déanamh a suaimhnis ar bhruach an locha. Go minic bíonn dhá eala bhána ag snámh thart go mall maorga ar an loch. Deirtear go bhfanann na healaí ina bpéirí lena saol. In amanna bíonn clann de chearca uisce ag snámh mar a bheadh cabhlach bád ann. Bhí sé de phléisiúr agam lá amháin madra uisce a fheiceáil ag tumadh ar iasc. Leigheas ar shúile tinne fórsaí an dúlra a fheiceáil faoi lán seoil i ngiorracht duit. Déanann sé maitheas don mheabhairshláinte gan amhras.

Bíonn corr réisc ag saothrú a bheatha ar an loch chomh maith. D’eitil sé os mo cionn lá amháin agus thuirling sé ar chiumhais an locha cóngarach dom. Fágadh i mo staic mé agus mo dhá shúil sáite air. Chrom sé síos i bhfolach taobh thiar de thoim féir fhada agus d’ísligh sé a ceann agus a mhuineál fada tanaí síos ina bhrollach aige. D’fhan sé ansin gan bogadh mar a bheadh seanbhreitheamh críonna ann ag amharc go grinn isteach san uisce. Ar luas lasrach sháigh sé a ghob fada biorach ar nós daigéir isteach san iasc beag agus shlog sé siar é i bhfaiteadh na súl. Dar m’fhocal is iascaire den chéad scoth é an corr réisc.

Le linn Chogadh na Saoirse dhóigh an tIRA a lán de na tithe móra ar fud na tíre. Tá sé sa seanchas gur tháinig buíon den IRA chuig Teach Carton oíche amháin chun é a dhó. Rith duine géarchúiseach de na freastalaithe go dtí an parlús chun portráid an Tiarna Edward Fitzgerald -duine den teaghlach agus laoch Éirí Amach 1798 - a thaispeáint do na reibiliúnaigh. Nuair a chonaic siad an portráid tháinig athrú intinne orthu agus sa chaoi sin spáráladh Teach Carton.

Tá lúcháir orm gur tháinig an teach slán agus gur fágadh an teaghlach i seilbh an tí mhóir. Le blianta beaga anuas tá tailte Carton ar oscailt don phobal agus dá bharr sin is féidir liom agus le cosmhuintir na háite an-phléisiúr a bhaint as taitneamhacht nádúrtha an eastáit.