Am ar lámh le tabhairt faoi fhoghlaim teanga?

Ar cheann de na seirbhísí is nua dá bhfuil ann tá sraith ranganna Ghaeilge ar ardán ‘Michel Thomas’

Foclóir: Alltar - other world, maolaisnéis - understatement, aclaí - agile, múnlaí - models, ilteangach - multilingual, callóideach - turbulent, Trodaíthe Frithbheartaíochta na Fraince - French Resistance.

Ar na saolta seo tá riar mór ama dá chaitheamh againn san alltar úd ar a dtugtar an t-idirlíon. Táthar ag casadh le cairde ar Zoom, ar Google Hangouts agus ag comhrá nó ag seoladh téacsanna chuig a chéile ar WhatsApp agus ar sheirbhísí soghluaiste eile.

Agus muid ag plé le giuirléidí nua-aimseartha an tsaoil is minic go n-éalaíonn an t-am orainn go tapa. Ach is minic freisin gur ag cur ár gcuid ama amú a bhímid agus muid dár bplúchadh féin leis an méid eolais atá ar fáil againn ar na scáileanna bheaga.

Ach ní gá ar chor ar bith gur am amú a bheadh san am saor atá againn. Tuairiscítear go bhfuil spéis mhór á léiriú i seirbhísí fhoghlaim teanga na laethanta seo agus daoine ag iarraidh teacht ar bhealaí lena n-aigne a choinneáil aclaí.

READ MORE

Dar ndóigh, tá an iliomad modhanna agus múnlaí éagsúla ann dóibh siúd ar mian leo teanga nua a fhoghlaim. Baineann costas le cuid acu ach tá cuid eile atá saor in aisce. Tá cáil mar shampla ar Duolingo agus ar Babbel, seirbhísí ar líne atá dírithe ar fhoghlaimeoirí nua ach go háirithe.

Tá Sinn Féin tar éis an deis a thapú agus tá breis agus 1,500 duine cláraithe acu le freastal ar ranganna Gaeilge ar líne do dhaoine le gach leibhéal cumais.

Tá cúrsaí eile ar fáil ag Gaelchultúr.com agus ag Ranganna.com.

Ar cheann de na seirbhísí is nua dá bhfuil ann dóibh siúd gur mian leo teanga na tíre seo a fhoghlaim, tá an tsraith ranganna Ghaeilge atá ar fáil anois ar ardán ‘Michel Thomas’.

Labhair Tuarascáil le Patricia Mac Eoin atá i mbun an chúrsa in éindí lena comhghleacaí an Dr Eilís Ní Dhúill.

“Modh é seo atá iomlán difriúil ó rud ar bith atá ar fáil go dtí seo d’fhoghlaimeoirí Gaeilge,” a dúirt sí.

Agus nuair nach bhfuil aon scríobh nó léamh ag baint leis an múnla seo, ní maolaisnéis é sin a rá.

Cérbh é Michel Thomas?

Ach cérbh é Michel Thomas agus céard é an modh foghlama neamhghnách seo a bhfuil níos mó ná dhá mhilliún duine tar éis leas a bhaint as?

Teangeolaí ilteangach ab ea é a raibh saol sách callóideach agus spleodrach aige de réir dealraimh.

Rugadh Moniek Kroskof sa Pholainn i 1914. Ba chlann shaibhir Ghiúdach iad a mhuintir. Bhí air teitheadh ó na naitsithe agus bhí sé ina chónaí i Nice na Fraince nuair a tháinig rialtas Vichy i gcumhacht. D’athraigh sé a ainm go Michel Thomas ionas nach dtarraingeodh sé aird ar féin.

Chuaigh sé chun troda i gcoinne na naitsithe agus é mar bhall de Throdaíthe Frithbheartaíochta na Fraince. De réir scéal a bheatha is mór an pháirt a ghlac sé in imeachtaí ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Gabhadh é roinnt uaireannta le linn an chogaidh ach ba mhinic gur éirigh leis éalú as an tsáinn ina raibh sé.

Chaith sé tréimhse i gcampa géibhinn Francach Camp des Milles in Aix-en-Provence. D’éalaigh sé as sin i 1942 agus lean sé leis na trodaithe frithbheartaíochta i Lyon, áit ar gabhadh arís é in Eanáir, 1943. Deirtear gur cheistigh an naitsí míchlúiteach úd Klaus Barbie é ach gur lig sé air gur ealaíontóir a bhí ann agus d’éirigh leis éalú.

Roinnt blianta tar éis an chogaidh d’fhág sé an Fhrainc agus chuaigh sé ar imirce go Stáit Aontaithe Mheirceá (SAM). Na blianta ina dhiaidh sin, i 1987, thug Thomas fianaise i gcoinne Barbie nuair a cúisíodh é i Lyon.

Cé nach mbeadh mórán eolais ag an ghnáthdhuine ar bheatha Michel, ní hionann sin agus a rá nár déanadh iarracht ar bith ar scéal a bheatha a ríomh. D’fhoilsigh an LA Times toradh a gcuid fiosraithe sa mbliain 2001 inar ceistíodh fírinne scéil Mhichel ach spreag an t-alt achrann leabhail.

Córas foghlama Michel Thomas

Rud amháin nach bhfuil aon cheist faoi ná go raibh cumas ag Michel ó thaobh na teangeolaíochta de.

Tar éis do Michel SAM a bhaint amach, chuaigh sé leis an mhúinteoireacht. Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí teanga i gcónaí agus is amhlaidh gur cheap sé a chóras foghlama féin.

Is bunphrionsabal sa chóras a cheap Thomas nach mbeadh aon bhrú nó strus ar an bhfoghlaimeoir.

Mar a dúirt Patricia Mac Eoin: “Mínítear struchtúr na teanga don fhoghlaimeoir ar bhealach soiléir le go dtuigfidh siad é agus cumasaítear iad le habairtí dá gcuid féin a rá.”

Ar bhealach tá cosúlachtaí idir é agus an modh foghlama a bhíonn ag gasúir óga. Ní bhíonn gá plé leis an léamh nó leis an scríobh ach daingnítear an méid atá cloiste acu trí athrá a dhéanamh.

An teoiric atá taobh thiar de ná go mbeidh sé níos éasca díriú isteach ar léamh na teanga níos déanaí má bhíonn an fhoclóir ar an gcluas ón tús.

Cúrsa ocht n-uaire an chloig atá ann agus cé nach ngealltar go sealbhóidh an duine cumas iomlán Gaeilge uaidh ach maítear go mbeidh bunchloch láidir leagtha síos aige.

“Tuigeann sé nach dúshlán dosháraithe atá ann dó, gur féidir leis é a dhéanamh, agus sult a bhaint as ag an am céanna,” arsa Mac Eoin.

Tá tóir ar chúrsaí Michel Thomas go hidirnáisiúnta ach is i Meiriceá a bhíonn an tóir is mó orthu.

Is ar Fhraincis, Ghearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis is mó atá éileamh ar fud an domhain ach tá suim freisin i dteangacha eile agus tá cúrsaí ar fáil san Ioruais, sa Chóiréis agus san Ollainnis.

Ó Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, tá an cúrsa Gaeilge ar fáil agus tá suim léirithe ann i Meiriceá agus i Sasana. Tá breis agus 600 rang cláraithe ó shin.

Ní ag foghlaimeoirí nua amháin atá suim léirithe ann. Tá daoine in Éirinn freisin a bhfuil a gcumas sa Ghaeilge caillte acu ar mian leo filleadh ar an teanga.

An ábhar dóchais dóibh an cúrsa nua?

“I dtosach ní rabhamar cinnte an mbeadh sé feiliúnach do dhaoine in Éirinn a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil mar go dtosaíonn an cúrsa ag an bhfíor thús,” a dúirt Mac Eoin.

Cuirtear béim ar struchtúr na teanga sa chúrsa seo seachas “stór focal an-leathann a bheith acu ag an deireadh,” ar sí.

Acmhainn Bhreise

Ní dóigh léi go bhfhaigheann daoine tuiscint mhaith ar chomhdhéanamh na teanga agus iad ar scoil. Ach, dar le Mac Eoin, is acmhainn bhreise é an cúrsa seo a chabhróidh le haon duine atá ag foghlaim teanga cur lena chuid eolais.

“Ní hé go gcaithfidh duine atá ag foghlaim teanga cloí leis an aon acmhainn amháin. Ba cheart go mbeadh siad ag tarraingt ar acmhainní éagsúla.

“Mar shampla an duine atá ag dul ag rang oíche, ní dhéanadh sé aon dochar dó a bheith ag éisteacht leis seo sa charr. Is acmhainn bhreise é.

“D’úsáid mé féin é chun Spáinnis a fhoghlaim roinnt blianta ó shin agus cheap mé go raibh sé fíor mhaith”.

Tá costas ar an gcúrsa seo. Cén chaoi ar féidir dul in iomaíocht le leithéid Duolingo atá saor in aisce?

“Leis an modh seo tá siad ag sú isteach na teanga, tá siad ag éisteacht le daoine eile, tá sé idirghníomhach agus tuigeann siad struchtúr na teanga.”

Tá go leor daoine ann atá scoite ón ghnáth-shaol laethúil mar gheall ar an gCoróinvíreas agus iad ag caitheamh roinnt mhaith ama ar líne dhá bharr. B’fhéidir gurb é seo an t-am le teanga nua a fhoghlaim.

“Is deis iontach é seo,” a dúirt Mac Eoin.

“Tugann sé dúshlán. Baineann daoine sásamh as rud a dhéanamh as dúshlán.”

* Bíonn costas €90 mar ghnáthphraghas ar chúrsaí Michel Thomas ach tá lascaine 60 faoin gcéad ar fáil faoi láthair ón suíomh www.allaboutirish.ie Is féidir breis eolais a fháil ag michelthomas.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.