Tincléireacht as an tarraiceán

Má athraíonn tú A go B, cad é an toradh a bheidh ar C?


Tá na torthaí saighneáilte agus na roghanna ag dul anonn. Seo an tráth bliana is mó leamhas agus athrá dóibh siúd nach bhfuil leanbh leo, nó garchara, nó gárlach béaldorais ag déanamh na hardteistiméireachta. Má tá, is droichead mór é, gan amhras, nó doras nó tóchar nó cabhsa, nó pé meafar tuirsiúil is mian leat a tharraingt chugat; agus socraíonn an giota páir Ardteiste seo na blianta beaga seo rompu, mura dtugann crot iomlán don saol ar fad.

Sa mhéid sin is gá na grianghrafanna agus na táblaí agus na meastacháin go léir, fara an chomhairle gan stad a thiocfaidh as seo go ceann i bhfad. Don chuid eile againn, áfach, is é an rud céanna é arís is arís is arís eile mar a bheadh bolg ag brúchtaíl gan stad. An treoir mar a chéile, an chomhairle eile sin athluaite, an seanchrústa úd maidir leis an gcéad chéim eile atá le déanamh. Cén fáth nach bhfoilsítear leathanaigh nuachtáin na bliana seo caite, nó na bliana roimhe sin, nó na bliana roimhe sin arís?

Ach fóill orm! Nár déanadh athrú suaitheantasach ar an gcóras marcála i mbliana, athrú a rachaidh chun leasa cáich, a bheidh níos oscailte, níos cothroime, níos féireáilte, níos córa ná mar a bhí riamh cheana i stair an chine dhaonna, nó stair na hardteistiméireachta, arb ionann iad? In ionad na mbandaí a bhí réimiúil le tamall (A1, A2, C2, B1, etc.) is amhlaidh go bhfuil leathanbhandaí níos raimhre tugtha isteach a bhfuil fairsinge 10 faoin gcéad eatarthu siar síos.

Is léir gur shuigh coiste éigin go trom agus go déanach, agus gur slogadh mórán tae agus gur alpadh fuílleach ceapairí chun teacht suas leis an moladh áirithe seo. Smaoinítear siar má tá na cillíní agat chuige.

READ MORE

Nach raibh tráth ann nuair a bhronntaí céatadáin loma ar dhaoine – is é sin, fuair tú 66 faoin gcéad nó 42 faoin gcéad, nó 58 faoin gcéad de réir mar a bhí tuillte agat, nó de réir giúmar an scrúdaitheora? Agus nuair a háitíodh nach bhféadfaí deimhin a dhéanamh ded dhóigh go raibh Súsaí 1 faoin gcéad oiread na fríde níos fearr ná Séimí, socraíodh ar an aibítir a thabhairt isteach agus thosnaigh na litreacha A,B,C ag siúl leo tríd an gcóras.

Agus ansin – tá súil agam nach bhfuil tuirse ort faoi seo – nuair a tuigeadh go raibh na mórlitreacha rólom ar an iomlán chuathas i leith na caolchúise agus cromadh ar iad a dhroimscoilteadh ina A1, A2eanna agus ar aghaidh. Agus anois, tá an sorcas ag teacht timpeall arís, mar gur labhair an coiste agus ní foláir an t-athrú a chur i bhfeidhm.

Mairfidh an t-athrú áirithe seo go ceann… – tabharfad féin tuairim is deich mbliana dó. Sin é dúchas na socruithe seo, agus nádúr na gcoistí a cheapann cur chuige nua nuair a bhí an seancheann go breá agus go seolta agus go slán, go raibh maith agat. Nílim á mhaíomh go bhfuil an leagan is déanaí aon phioc níos measa ná aon ghiob níos fearr ná mar a ghabh roimhe, ná roime sin arís, ná roimis roimhis sin fós. Baineann agus cailleann mic léinn éagsúla is cuma cén tincléireacht a thincléítear nó cén miosúr a tharraingítear amach as an tarraiceán.

Is cuma cad a dhéantar, na daltaí is fearr tiocfaidh in uachtar, agus cuirfidh gach neach máthar atá ag réiteach don scrúdú na rialacha in oiriúint dó féin. Óir is cliste dalta ar bith maidir le cad tá le déanamh lá an léinn ná na coistí go léir a chruinníonn timpeall ar an bhfadhb, coistí atá comhdhéanta go minic de dhaoine atá éirithe as an teagasc le fada agus nach mbeannódh do leabhar mura dtitfeadh sé anuas ar a gceann.