Sraith nua portráidí scríbhneoirí Gaeilge seolta


Tá an iris Comhar agus Foras na Gaeilge ag leanstan dá dtionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Tá sraith nua portráidí d’údair chomhaimseartha críochnaithe agus tuilleadh le déanamh amach anseo.

Foilsíodh leabhar lán pictiúr na n-údar roimhe seo agus cuirfear na grianghraif nua ar fáil ar líne mar chuid de chartlann. Tá sé i gceist ochtar scríbhneoirí a chur leis an bhunachar gach aon bhliain.

Sheol Comhar agus an foras na portráidí a bhain le liosta 2017 ar ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

READ MORE

I measc na scríbhneoirí, bhí Bríd Ní Mhóráin file; Darach Mac Con Iomaire, drámadóir agus scríbhneoir scripte; Darach Ó Scolaí, úrscéalaí agus foilsitheoir; Joe Steve Ó Neachtain, scríbhneoir; Máire Nic Mhaoláin, aistritheoir agus eagarthóir; Orna Ní Choileáin, scríbhneoir; Regina Uí Chollatáin, scoláire agus Tadhg Ó Dúshláine scoláire agus file.

Fógraíodh ag an ócáid chéanna go mbeadh ocht bportráid nua le déanamh le scríbhneoirí le linn 2018: Cathal Ó Háinle; Doireann Ní Ghríofa; Pádraic Breathnach; Pádraigín Riggs; Póilín Ní Chiaráin; Ruairí Ó hUiginn; Seán Hutton agus Siobhán Parkinson

Thug muintir Comhar agus an fhorais le fios go raibh siad thar a bheith buíoch de na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a bhí páirteach sa “togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil is ea é seo”.