Litir don saighdiúir aineoil

Más sólás ar bith dhuit é, maraíodh an duine a mharaigh tusa


Níl aithne agat ormsa, agus go deimhin, níl aon aithne agamsa ortsa.

Conas a bheadh? Go deimhin, conas a bheadh aithne ag duine ar bith ort?

Is saighdiúir aineoil tú, ar nós cúpla milliún eile a d’fhreagair an ghairm. Níl aithne againn oraibh, go díreach ar nós nárbh aithne do na daoine a sheol amach chun an bháis sibh.

Ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh aithne againn oraibh.

READ MORE

Ní raibh sé i gceist riamh ach go mbeadh sibh mar phúdar in ár na dtaoiseach.

Is dócha go raibh tú i bhfad ró-óg leis an méid sin a thuiscint.

Dúirt an rí…gabh mo leithscéal…arbh é an Kaisar, nó an Tsár, nó an tImpire, nó an Sabhdán…leat dul amach agus daoine eile a mharú. Bhueil, is fíor nár dúradh chomh lom sin é, ach chuala tú na trumpaí á séideadh agus na coiscéimeanna lasmuigh den doras ag máirseáil leo.

Cén fáth nach máirseálfá leo? Nárbh é sin a bhí le déanamh, faisean na huaire a leanúint go díreach mar a dhein mo ghlúin féin.

Níl aon duine againn dod lochtú toisc gur lean tú faisean na huaire.

Ach murab ionann agus Willie McBride bocht, ar éirigh leat aon chiall a scagadh as blár an uafáis sula bhfuair tú féin bás ar an lá cinniúnach sin gan ghá 1916?

Ba mhaith liom ligean lem ais gur bhain, mar is beag duine eile id dhiaidh a bhfuil ciall tagtha chuige.

Ba mhaith liom gol go fuíoch ar do shon – dá mbeadh fios do scéil agam. Ach níl a fhios agam an tú Johnny nó Jeaic nó Jean nó Giovanni nó Ivan nó Juan nó Hans nó Jan nó Johann nó Yahya nó Eoin nó Iain, nó Seánaí Sheáin John féin. Is dócha gur tú iad ar fad i dteannta a chéile.

Is dócha ar a laghad nach raibh seans agat ar éisteacht leis an mbladar, cé gur dócha gurbh fhearr leat é sin ná do chnámha a bheith sínte sa lathach agus do phutóga a bheith ag déanamh bolg le gréin amuigh ansin ag an Somme, nó sna Dardanelles, nó ar mhachairí loma na Rúise.

Ach chualamarna iad: “‘They shall not grow old…mar a thiocfaidh an aois orainne; beidh cuimhne orthu le dul faoi na gréine”.

Focail bhreátha fhileata gan amhras, go háirithe má shéidtear trumpa ag an am gcéanna. Is fíor nach bhfásfaidh tú sean, is fíor sin. Níor tugadh an seans sin duit.

Ach ní dóigh liom go bhfuil aon chuimhne ort le linn dul faoi na gréine. Tá an iomad eile le déanamh againn, agus féach, nach bhfuil cogaí eile le hullmhú agus le fearadh?

Más sólás ar bith é, smaoinigh mar seo air, níl aon chuimhne ach an oiread ar na daoine eile sin a chuir tú féin chun báis.

Go fiú agat féin.

Go fiú is nuair a sháigh tú an bheaignit sin isteach i mbolg an tsaighdiúra thall, ní móide go raibh caoi agat ar ghealacán a dhá shúil a fheiscint.

Agus má bhí, ar feadh an mheandair bhig sin, ar smaoinigh tú in aon chor cérbh é féin?

Ar fhág sé bean nó leannán ina dhiaidh, mar a fhiafraíonn an t-amhrán?

Ar smaoinigh tú air sin?

Cad a bhí ag dul trí do cheann an mhaidin sin mí Iúil 1916 agus tú ag dreapadh an dréimire aníos chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid trasna na láibe agus an phuitigh agus an chlábair?

B’fhéidir gur tú a bhí ar an díorma lámhaigh a scaoil na hurchair sin cúpla mí roimhe sin i gclós an phríosúin i mBaile Átha Cliath.

An cuimhin leat an duine a tugadh amach ar an sínteán agus é leointe cheana féin?

Ar éigean é, mar ní dócha gur tú a bhí ann. Ach dá dtabharfaí na horduithe dhuit dhéanfá duine ar bith a lámhach i moiche na maidne.

Sin é is brí le scilling an Rí, nó marc an Khaiser, nó copec an tSáir. “Ní fúinne atá sé a bheith ag fiafraí/ Is é ár gcúram an cheist a chloí!”

B’fhéidir gurbh fhearr leat an bás a fuair tú seachas an saol a bhí ag cuid ded chompánaigh ar ball. Iad ar leathchois, nó ag iompar miotail sa chloigeann, nó dall dorcha, nó taibhrithe uafáis ar leaba shuaite gan chodladh go deireadh do shaoil.

Ina choinne sin thall, níor maraíodh ach tuairim is 10 milliún díobh – ar gach taobh, mar adeir siad anois. Bhí na milliúin eile a tháinig slán.

Más sólás ar bith dhuit é, an duine sin a chuir an piléar trí d’ucht, maraíodh é siúd cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

Agus maraíodh an duine a mharaigh é siúd an lá ina dhiaidh sin. Agus an lá ina dhiaidh sin arís…

Tá’s agat féin an chuid eile.